Aire dhuit a mhamaí,
Tá daid ag teacht isteacht,
Bhí sé seal ag jagáil,
Beidh sé tuirseach mórtasach.
Aire dhuit, a mhamaí,
Tá Spota chugainn sa tslí
Ag rith ó bharr na sráide,
Is mian leis d’aghaidh a lí.
Aire dhuit, a mhamaí,
Tá na gréithre trom salach,
Ná luaigh liom iad a ghlanadh,
Ní mór dom dul amach.
Aire dhuit, a mhamaí,
Tá mise ag dul a luí,
Nuair a éireoidh tú ar maidin
Ní bheidh éinne ina shuí.
Aire dhuit, a mhamaí,
Ag iarraidh dul a luí,
Ba mhaith liom tú a phógadh
Is a fháscadh le mo chroí.
Scríofa ag Barry Tobin, 9 Samhain 1993.