In Albam
Siúlann anocht roinnt dár muintir
Gan cheol ar an mór–roinn dúr,
Áit a dtiteann fuil ar chlócaí
Sa bhFrainnc is sa Bhreatain Mhór.
Codlaíonn anocht roinnt dár muintir
Ins an reilig thall gan só;
Áit a bhfuil an ghaoth ag caoineadh,
Caoineadh d’oíche is de ló.
Is casta iad bóithríní beatha
Dála leoithne ag deireadh lae;
Is cá háit a bhfuil ár dtriallna,
Tá a fhios ag Aon–Mhac Dé.
As an dán, Mewn Albwm, le
Hedd Wyn.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg
Baile / Hafan / Home