Don áit a dtagadh Frances chun faoistine
Ag comhaireamh lena paidrín páirteach
Do bhailíomar faoin a foscadh fáilteach
Ó bhuillí cathanna na díge;
Is faoi scáth clúthar na mballaí
Furasta canadh féna glóir,
Saor ó chontúirt is ó bhúirtheach mhearaí,
Is tobac á chaitheamh ar altóir.
Ní gá le carúl ná le glór na gclog
Le Breatnaigh a thabhairt ar a gcosa:
Tá féith na n‑amhrán is na n‑iomann i log
Ina gcroíthe is i gcuisle a bhfola;
Is d’ainneoin go raibh sluaite an áir i bhfearas
Chuaigh iomainn na Neimhe amach chun catha
Is chuala na fallaí in eaglais in Arras
Sean cheolta na séipéal i gcéin sa bhaile.
Ní roghnaíonn éinne san am i láthair
Trínsí a thochailt i móinéir,
Is tá Frances arís lena paidrín páirteach
Ag guí léi go doiléir;
Is nuair a thagann Francach lena leanaí‑se
Chun na faoistine go croíbhuartha,
Bíonn ár n‑iomainn is ár macallaí
Fós ag ráthaíocht ins na múrthaí.
Yn y Gymraeg / Sa Bhreatnais.
Agus sa Bhéarla freisin / And in English also.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.