Bliain Nua
Baoth ár súil as na blianta ciorruithe
Go n-éireoidis as a n-aistear dúinne;
Is cuma ina scrin leo an dúchas briste,
Ní théann cionta i gcion orthu ná buanna.
Téir thart, a aimsir, le do bhalbh dhrochíde,
Le do ribe liath, do cheann faoi is do chneácha;
Cuir do shlua marcach ina línte,
Tiomáinse do rogha astu ar a dturas dosheachanta.
Do thug do bhlianta domsa an seana rún
A rinne mé im thiarna ar a léigiún feasta;
Tagadh is téigheadh slua dochloíte do ghlún,
Beidh mé beag beann ar do thrúpaí dúranta.
Níos láidre ná aimsir an tsíocháin cheannaithe
A thagann le créachta na mblianta balbha.
Dán sa Bhreatnais, Blwyddyn Newydd: Iorwerth C. Peate (1901 1982).
Aistriúchán: Barry Tobin.