Blúiríní
A hAon: Im Óige
Ceobhrán na maidne,
Gal as béal simné,
Boladh na gcapall
Sa chlós.
A Dó: ĦOlé! Olé! Ól é!
Leann dubh im’ ghloinne,
Trup trap im' thimpeall,
Paidreoireacht an cheoil
Ól é!
A Trí: Uair Ár mBáis
Crith chorp m'athar
In umar na hailse;
Fós critheann mo chroí
Dá réir.
Barry Tobin a scríobh.
***********
Stephen Tobin, 1913 – 1988
An Briathar Saor Uimh. 2
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg.
Baile / Home.