An Bhliain Nua i dTaiwan



D’fhéadfá a rá i slí éicint gur muintir reiligiúnda iad 99.9% de líon daoine Thaiwan, nó de Shínigh an domhain go léir ach iad a chur san áireamh chomh maith. Conas san? Bhuel, tá clú orthu as an gcaoi ina mbíonn siad go léir – is cuma aige baile nó i gcéin iad – ag ceiliúradh fhéile na Bliana Nua. Is í seo an fhéile is mó is is tábhachtaí sa bhliain agus ceiliúrtar ag beagnach gach duine í. Go bunúsach, áfach, is féile reiligiúnda í agus go fiú na daoine a ghlac le creideamh éigin ón iasacht, an Chríostaíocht mar shampla, céiliúrann siad, de réir cosúlachtaí ar aon nós, nósanna na sean fhéile seo ar leis na déithe ársa Síneacha í.

Cé chomh fada is a bhaineann creideamh leis mar scéal? ‘Sé an freagra simplí ná go mbíonn sórt éigin deabhóidí reiligiúnda i gceannas ar an bhféile óna tús timpeall lár na dóú míosa déag den ghealach (tráth íobartha do dhéithe na talún), go dtí a críoch, Lá Caille (31 Eanáir) is an tseachtain ina dhiaidh, (tráth íobartha don ‘Impire Séad’, Tiarna na Neamh). Ní mór a bhreith i gcuimhne go bhfuil féilire traidisiúnta na Síne bunaithe ar chruthanna is míonna na gealaí agus go mbíonn geall le mí de dhifríocht idir a bhféilire siúd is ár bhféilire seo ‘gainne.

Le linn na tréimhse seo go léir bíonn gach dia traidisiúnta – dia an teaglaigh, dia an chogaidh, dia na cinniúna – go gnóthach ag glacadh a sciar féin sa tslí thraidisiúnta: loisctear túis dóibh, nó ‘airgead na dtaibhsí’, nó capaill phápéir agus mar sin de, agus tionóltar fleánna rábacha ag teaghlaigh agus ag pobail.

Cad é bunús na n-imeachtaí seo go léir? Fadó fadó, de réir an tseanscéil bhí ollphéist uafásach darb ainm Níein, focal a chiallaíonn ‘bliain’ anois, ina cónaí ar an talamh. Is í a bhí ina hábhar uamhain ag na daoine, á gcrá is á marú ar fud na bhfud gan sos gan trócaire. Lá amháin, áfach, tháinig dia éigin anuas ó neamh ar cheann capaill gur thóg an ollphéist as go brach leis go dtí na neamha is d’fhág muintir na talún saor ó’n chaoineadh is ó’n chrá. In a dhiaidh sin go léir, chun a chinntiú nach bhfillfeadh an ollphéist arís, bhíodh sé de nós ag na daoine stiallacha de pháipéar dearg a chrochadh mórthimpeall ar a dtithe agus do chaithidís gais bhambú sa tine nó go bpléascfaidís go callánach, mar go raibh ‘fhios acu gurb iad an dá rud a raibh eagla ar an ollphéist rompu ná an dath dearg agus fothraim challánacha.

Ceaptar anois go bhfuil an dath dearg ámharach, mar sin, mianta a bhíos scríofa ar pháipéar dearg gach seans go meallfaidís ádh de bhreis, go méadóidís faoi dhó na seansanna, d’fhéadfá a rá. I dtrátha na bliana nua, fá tháirseach gach líon tí, feictear beannachtaí an tséasúir, scríofa ar pháipéar nó ar ábhar éigin eile, ach gan teip, teachtaireacht éigin sa dath dearg. Feictear chomh maith go leor tinte ar fud na mbailte, ar na sráideanna, ós cóir na dtithe, agus ag bailiú mórthimpeall orthu bíonn baill na dteaghlach, ag loscadh na n-íobairtí a bhíos riachtanach.

Le himeacht aimsire ghlac tinte ealaíne áit na ngas bambú agus anois go háirithe timpeall deireadh na bliana anseo is ansúd, de ló nó istoíche, bíonn cnaga is pléascanna na dtinte ealaíne ag réabadh an aeir is ag bodhrú cách. Freisin, in áit Níein a bhacadh ar fhilleadh ar an domhan, tá claonadh le creidiúnt go mbíonn feidhm ag na tinte ealaíne chun scéin a chur ar na taibhsí fánacha a bhíos de shíor ag cuardach caoi le dochar a dhéanamh do leas an phobail. (Dála an scéil , bhaineadh na Sínigh feidhm as púdar leis na céadta bliain chun scéin a chur ar na taibhsí seachas chun daoine a mharú.).

Deineann na daoine go léir a ndícheall le bheith sa bhaile i dtrátha na Bliana Nua – bíonn na milliúin ag taisteal abhaile roimh Lá Caille – bíonn plóduithe tráchta dochreidthe – ionas go mbeadh an teaghlach le chéile agus go mbainfí leas as fleá a dhéanamh le chéile. Tar éis dóibh an féasta a chríochnú blaiseann siad cístí ilghnéitheacha speisialta – ‘cístí bliana’ – atá ceaptha leis an t-ádh a bhreith chuig an teaghlach. Ní mór roinnt éigin des na cístí seo maille le milseáin eile a chur ar altóir dhia an teaglaigh mar íobairt.

Uair éigin um an dtaca seo bíonn sé i n-am don dia seo filleadh ar dhia na neamh lena aitheasc bliantúil ar chúrsaí gach líon tí i rith na bliana seo thart a thabhairt. Mar sin, is ciallmhar an smaoineamh é rud éigin lena mhian a thabhairt dó mar tugann a aitheasc nod do dhia na neamh agus é ag cur is ag cúiteamh cad é go díreach a bhéas i ndán don teaghlach i rith na hathbhliana !

Cé gur athraigh slí mhaireachtála na Síneach go suntasach i rith an chéid seo, sna ceantair fhorbartha ach go háirithe, Taiwan mar shampla, is iontach an scéal é go bhfuil iliomad des na sean nósanna agus na piseoga a bhaineann leo i réim ruathair go fóill. Is é a bpríomh chuspóir agus a dtairbhe, nó sin é an cuma atá air mar scéal, ná ádh an teaghlaigh a chinntiú is é a choimeád ina aontas ‘faoi ráth is faoi mhaise’.

Ba é Cailean Spencer, ealaíontóir atá ag múineadh an Bhéarla i dTaiwan a chuir an t-alt seo chugainn sa Bhreatnais. Sinne a chuir Gaeilge air. Is é Cailean an síntiúsóir do ‘AN BRIATHAR SAOR’ is faide i gcéin.



An Briathar Saor Uimh. 2

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile