An Border Beag
Le ciúmhais an chosáinín tanaí
Is ag roinnt an gháirdín faoi dhó,
Do bhí ag mo mhamaí an border beag
Ba dheise sa pharóiste a shnó.
Le fréamh beag o fhear nó ó mhnaoi
Ó am go h-am is go fial,
Diaidh ar ndiaidh go fíor is go simplí
Dfhás éidín bheag faoin a riail.
Ba mhaith mar a tharla di gach uair,
Níl fhios agam cén chúis nó cén fáth,
Ach sé a dhearbhaíodh mathair nár chlis riamh
Aon phlanda ná lus ón a láimh.
Bláthanna simplí ba ghnás ag na bochtáin
A bhí iontu gach n-aon nach mó,
Is glasraí míorúiltí dár thug sí meas
As a dtairbhe níos mó ná a gcló.
Seo romham iad: an lile bheag chruinn,
Is an miontas le tím is le musc,
An blasóigín is an labhandar úr,
Is tor den chrann bosca in a thost.
Dhá shabhaircín ionúine nó trí,
Is lus an chromchinn, geallaim duit,
Is gach dúil sa bhorder beag úd
Faoi chúram ag a sean-fhear glic.
Thall atáid, slua an daonlathais,
Níl a ghinealach séanta ag neach,
Do chonacsa beacha an tí mhóir
Faoi bhláthanna an bhorder bhig um chreach.
Ós na tíortha in imigéin fós tagaim
Is feicim iad faoi dhrúcht is faoi ghrian,
Chuir sé arraing trím chroí an lá údaí
Nuair a dhearcas gan teachta iad sa rian.
Sean-stróinséar allta de chaisearbhán,
A gháire is a dhímheas gan ghean,
Nó conas a daimsigh an boc magúil dána
Go raibh mo mhamaí ag éirí ró-shean?
Aistriúchán ag Barry Tobin (3 Samhain, 1993) ón dán, Y Border Bach, a scríobh Crwys (William Crwys Williams, 1875-1968) sa
Bhreatnais.