An Briathar Saor Uimhir 4, Deireadh Fómhair, 1996.



Eagarfhocal: athbheo i ndán dúinn?

Nuair a chéad tháinig An Briathar Saor ar an margadh i mí Lúnasa 1994 ba é ár sprioc ná go mbeadh eagrán nua ag ár léitheoirí gach sé mhí gan teip. Ní mar sin a tharla, áfach. Dá dtarlódh, bheadh Eagrán 5 agat le mí nó níos mó cheana féin.

Tá plean nua níos dearfa againn anois, sé sin go mbeidh ‘An Briathar Saor’ ag teacht chugat gach trí mhí as seo ar aghaidh. Ní chuirfeadh sé aon ionadh orainn muna gcreidfí sinn, ar ndóigh, ach is mar sin a bheidh sé feasta!

Ar na deachrachtaí a mhill ar ár n-iarrachtaí go nuige seo leis an iris a ullmhú go rialta agus in am bhí easpa síntiúiseoirí (is beag má tá 90 againn) agus, níos measa fós, easpa scríbhneoirí.

Maidir le síntiúsóirí más amhlaidh gur mhaith leat ‘An Briathar Saor’ a fháil go rialta tíd an bpost níl le déanamh agat ach £5-00 (in airgead Shasana amháin) a chur chugainn maille led ainm, do sheoladh agus uimhir an chéad eagráin ba chóir dúinn a sheoladh chugat.

Maidir le scríbhneoirí beidh mórchuid den iris as seo amach scríofa againn féin nó aistrithe ó scríbhinní a thagann chugainn i mBéarla nó sa Bhreatnais. B’fhéidir go gceapfaí go bhfuil an tslí sin chun an iris a chur le chéile rud beag mí-cheart ach táimid dóchasach go mbainfidh tá blas agus sásamh faoi leith as na haltanna éagsúla san eagrán seo. Mar sin féin más maith leat alt, scéal nó dán a scríobh dúinn (faoi ábhar ar bith) cuirfimid dhá eagrán saor in aisce sa phost chugat má chuirfear do phíosa i gcló!

Tá rátaí faoi leith againn maidir le fógraí a fhoilsiú. Má tá suim agat mion-fhógra nó fógrí níos mó a chur isteach, scríobh chugainn leis na sonraí agus gheobhaidh tú ‘sonraisc pro forma’ arbh fhéidir leat a úsáid mar ordú más maith leat dul ar aghaidh. Más fógra gnó ded dhearadh féin atá i gceist tabhair faoi deara go n-úsáidimid ríomhaire Apple Mac.

Beir bua agus beannacht!


Liosta na nAltanna

Fóram na Breataine Bige um an nGorta - Cuimhneamh i gCymru.

©: An tEagarthóir.


An Gorta Mór á Thabhairt chun Cuimhne.

©: Dr. Paul O’Leary, Roinn na Staire, Ollscoil Aberystwyth. Ba de bhunadh Chontae Chorcaí a shinsir. Tá an Bhreatnais ag a thoil aige.


Domhnach an Ghorta.

©: An tEaspag Dónall Ó Maoláin (Daniel Mullins) Abertawe (Swansea). As Cill Fhíonáin, Contae Luimnigh. Tá léamh na Gaeilge agus Breatnais den scoth aige.


Clann a Scriosadh.
An tAthair Peadar Ó Laoghaire


Geábh go hÉirinn an tSean-Choirp..

©: Einion Wyn Thomas, cártlannaí i gCártlann Meirionydd, Dolgellau.


Muintir Burns Caerdydd.

©: Julia Burns. Tháinig a sinsir ó Cloich na Coillte, Contae Chorcaí le linn an Ghorta Mhóir. Tá sí i bhfeighil Roinn na Breatnaise i meánscoil i gCaerdydd.


Teaghlach Éireannach an Ghorta.

©: John Sweeney, Cathaoirlech Fhóram na Breataine Bige um an nGorta. Tháinig a shinsir as Iar Chorcaí agus as Iar Phort Láirge araon le linn an Ghorta Mhóir.


Na hÉireannaigh i Wrexham 1845 - 1852.

©: Maureen Thomas, Caitiliceach de bhunadh Wrexham a bhfuil suim i stair áitiúil aici.


Macalla.
©: Patrick Whelan. As Port Láirge a tháinig a shean athair. Phós sé Carys, cailín Breatnach a raibh an Bhreatnais aici ón chliabhán. D’fhoghlaim Patrick an Bhreatnais agus ghlac Carys leis an gcreideamh Caitiliceach.


Ciontach? Mise?.

©: An tAthair Eoin na Croise Mac Gearailt, O.Carm., ar tháinig a shinsir fadó ó shin as Ciarraí. Tá smearadh den Ghaeilge foghlamtha aige agus an Bhreatnais ag a thoil aige.


Ag Foghlaim Staire.

©: Angharad Tomos, ball de Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumann na Teanga Breatnaise) le fada agus scríbhneoir taibhseach do leanaí agus daoine fásta araon.


Tíortha Saibhre, Náisiúin Bhochta.

©: Geraint O. Thomas, léachtóir le stair i gColáiste Tríú Leibhéal Wrexham.


Gorta, Talamh agus Trádáil Chóir.

©: Joe Murray, Comheagraitheoir AfrI, Baile Átha Cliath.


Nicaragua faoi Thráill?.

©: Ben Gregory, Oifigeach Fheachtas Jubilee 2000 le CYTUN (Na hEagalisí le Chéile sa Bhreatain Bheag).


Práta.

©: David Greenslade, a chaith tréimhse fada thar lear sar ar fhill ar a dhúchas leis an Bhreatnais a fhoghlaim. File agus scríbhneoir sa teanga sin anois.


An Feairín Cúthail a Sheachain na Néalta.

©: Francis McCarthy, as Learpholl, ina chónaí i gCaerdydd le blianta beaga anuas.


Oíche Fhliuch i Londain Shasana.

©: Máire Ní Chuinn, bean rialta as Tír Chonaill atá ina cónaí i Londain le fada an lá.


Traidisiún Gaelach na hIarmhí.

©: Pádraig Mac Aodhgáin (Patrick Egan), an té a chéad cheap an iris seo.


Ag Glámadh faoin Ghaeilge.

©: Paul Buttle, Sasanach as Cumbria atá ag iarraidh an Ghaelge a fhoghlaim.


Cuairteoir Éireannach.

Robert David Rowland (1853 - 1944), ministir eaglasta, iriseoir agus scríbhneoir sa Bhreatnais, a scríobh faoin ainm cleite, Anthropos.


An Galfholcadh Fionlannach.

©: Panu Petteri Höglund, Fionlannach óg a bhfuil toghadh na Gaeilge aige.


Only Here for a Month..

©: Tim Saunders, iriseoir neamhspleách a bhfuil an Bhreatnais, an Chornais agus an Ghaeilge ag a thoil aige.


Liathróid Láimhe..

©: Joe Moore, as Contae Ard Mhacha, a bhfuil cónaí i gCaerdydd aige.


Comhluadar Caerdydd, 1995 – 1996..

©: An tEagarthóir.





Níl ‘Comhluadar Caerdydd’ freagrach as na barúla nó as na fíricí a fhoilsítear san iris seo agus ní hionann foilsiú is a rá go n-aontaímid le húdar aonair ar bith.


Baineann gach cóipcheart leis na húdair féin agus le Comhluadar Caerdydd agus níl sé ceadaithe ag éinne aon chuid den téacs leictreonach seo a athfhoilsiú i meán ar bith gan an cead scríofa cuí a fháil roimhré

Tá cead agus fáilte romhat, ar ndóigh, cóip a dhéanamh de alt ar bith chun úsáid phríobháideach a dhéanamh de.


Curtha i gcló ag Valley and Vale, fón: 00 44 1656 871911


Comhairleoir Ríomhaireachta / leagan amach: Andrew Jinks: 00 44 29 20637013.


Eagarthóir: Barry Tobin.


Ar ais go dtí An Briathar Saor


Back to An Briathar Saor


Leathanach Baile / Home Page