Muintir Burns Caerdydd: Scéal Chlann an Ghorta Mhóir.



Conas ar éirigh le Clann Bhocht as Iarthar Chorcaí agus le Sliocht a Sleachta i gCaerdydd.

Ar mhaidin chiúin, Dé Domhnaigh 19 Samhain, 1995, ní b’fhaide roimh do Ardeaspag Chaerdydd tús a chur le Aifreann speisialta i gcuimhneamh ar an nGorta Mór a léamh in Ardeaglais Dewi Sant sa chathair seo, fuair m’aintín bás. Bhí Mary May Kiely (née Burns) 91 bliana d’aois. Rugadh in uimhir a cúig, Roland Street, i Newtown, an ceantar Éireannach i gCaerdydd, ar Lá Bealtaine, 1904. Ba í an dara leanbh as ochtar, an t-aon chailín amháin acu.

Bhí sí i ndiaidh stróc a fhulaingt geall le trí sheachtain roimhe sin, ach sular tharla an tubaist sin, ba mhór a cuid suime ins na pleananna le cuimhneamh a dhéanamh ar na daoine a fuair bás le linn an Ghorta Mhóir. Le himeacht na mblianta roinn sí ormsa mórchuid des na scéalta is den tseanachas a bhain leis an sean Newtown. Bheadh sí ag aithris a cuid scéalta dom le stíl chomh deisbhéalach agus chomh greannmhar is nárbh fhéidir liom gan a bheith ag scig-gháire futhu, cé gur chuala mé cuid acu arís agus arís eile.

Ar na scéalta sin bhí ceann amháin faoi John, seanathair mo sheanathar, a tháinig lena bhean chéile, Mary (née Fallon) agus a mac, Timothy, as Cloich na Coillte in Iarthar Chorcaí. Is cosúil gur fhágadar Éire i 1849 toisc gur cláraíodh sa daonáireamh 1851 iad nuair a bhíodar ina gcónaí in uimhir a sé, Love Lane, Caerdydd, mar ‘lodgers’, agus gur nótáileadh go beacht gur saolaíodh Timothy, athair mo sheanathar, in Éirinn, dhá bhliain roimhe sin.

Pé scéal é, fíric amháin ar thagair Aintín Mary minic go leor di nó go raibh cuimhne aici nach raibh seanathair a hathar, sé sin, John Burns, in ann Béarla a labhairt i gceart agus tar éis dó a éirí ina shean bhaintreach fir, go raibh easaontas idir é féin agus a dheirfiúr. Bhí an seanduine ina chónaí in éineacht léi ag an am agus is amhlaidh gur imigh sé leis agus a shainphúic air suas go dtí Teach na mBocht chun cónaite ann. (Is é sin an foirgneamh i gceantar Canton a bhí ina ospidéal níos déanaí, Ospidéal Dewi Sant, mar a rugadh mo bheirt leanaí na blianta fada níos déanaí). Nuair a chuala a dheirfiúr gur dhein sé an cineál sin de ghníomh náireach chuaigh sise caol díreach go dtí an áit chun é a thabhairt abhaile léi gan a thuilleadh moille. Agus ag teacht abhaile go Newtown dó séard a dúirt sé féin ina chuid Bhéarla tuatach: ‘‘She has the proud on her!’’. Ní fheadar cé acu ab ea an té ba mhó a m(h)órtas.

Rugadh deichniúr leanaí ar a laghad do Timothy Burns, seanathair m’athar agus d’eascair gach duine de mhuintir Burns i gCaerdydd inniu uathu siúd, agus is treabh sinn gan aon agó! Ba chuimhneach lem Aintín Mary sochraid a seanathar ag síneadh na cvadta slat i ndiaidh an chóiste ina raibh sí ina suí in éineacht le muintir an choirp sa tslí fhada ó Newtown go dtí an reilg i gCathays.

I 1995 bhí sí fós ag trácht ar an John Burns úd a rugadh in Éirinn i 1825 agus a mhair tríd an nGorta Mór agus aithne phearsanta a bheith aici féin air. Tá an ceangal sin íontach cóngarach agus ba chomhtharlúint suaithinseach é gur fhág sí an domhan seo agus a fhios aici go raibh mise le cuid den stair a aithris go poiblí ar an lá ceannann céanna úd, mar shampla. Ar an lá sular leag an stróc í do dhearbhaigh m’Aintín Mary dom an scéal a deireadh a cúigiú deartháir, m’athairse féin, go minic liom (do bheinn amhrasach faoi mar scéal! ) go gcuireadh mo sheanmháthair í le ceachtanna Gaeilge a fháil ó am go céile i mbeistrí Eaglais Naoimh Phóil i Tindall Street, Newtown. Ba bhaintreach í Maimeó le cúram ochtar leanaí uirthi, ach anois is arís spárálfadh sí an phingin nó an leath-phingin féin le ceacht sa ‘Gaelic’, mar a thugaidís na seandaoine ar an dteanga, a fháil dá mac. Ní foláir nó go raibh an teanga chomh maith leis an gcreideamh agus leis an gcultúr go tábhachtach léi cé go raibh sí ar an gcaolchuid. B’fhéidir gurb shin an fáth go bhfuil an Bhreatnais chomh tábhachtach inniu linne.

As an dteaghlach líonmhar s’againne tá cuid bheag againn tar vis a éirí go líofa sa Bhreatnais, mar atá, mo dheartháir, David, mo leanaí, leanaí mo chol cheathair Paul, agus mise. Comhtharlúint eile is ea é go bhfuil mé anois im cheannaire ar Roinn na Breatnaise i Scoil Uachtar Chaitiliceach Illtyd Sant i gCaerdydd mar a bhfuil sé de phribhléid agam an Bhreatnais a mhúineadh le col ghaolta óga ó chraobhacha eile d’ár dtreabh mhór.

Tá col ceathar eile, Dave Burns, ar éirigh leis slí bheatha a bhaint amach trí amhráin traidisiúnta a chanadh agus tá go leor dáanta aige sa Bhreatnais ó na seascadaí i leith. Bhí sé ina bhall bunaithe den ghrúpa mór-le-rá ‘Ar Log’ agus i mbliana d’éirigh sé in a bhall acu in athuair le turas a dhéanamh agus le dlúth cheirnín nua a thaiféadadh leo. D’fhoghlaim Dave le canadh cois a theallaigh féin agus cois teallaigh mo sheanmháthar i Newtown agus b’shin slí iontach eile leis an dá chultúr agus leis an dá thír a nascadh le chéile. Gach uair a théim le mo mhac is óige ar an Aifreann sa Bhreatnais in Eaglais an Chroí Ró-Naofa i Llecwydd, Caerdydd, ar an Domhnach, smaoiním ar an líne fhada de cheangail atá ag fí mo Bhreatnachais inniu le Gaelachas mo mhuintire fadó ó shin.

©: Julia Burns, Fóram na Breataine Bige um an nGorta. Aistriúchán ón Bhreatnais: Comhluadar Caerdydd.



Breatnais / Cymraeg / Welsh.

English

An Briathar Saor Uimh. 4

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile / Home Page