Ar an lá nó cúpla lá roimh an Nollaig sa bhliain 1871, dúirt mise le mo mháthair, "Tá Sam Robaits is John Pugh agus roinnt éigin eile ag dul go dtí an Plygain go moch ar mhaidin na Nollag le carúil a chanadh. An féidir liom dul leo?" "Ní féidir," ab ea an freagra cinnte. "Cén fáth?" do cheistigh mé arís. "Mar go bhfuil tú ní níos sábháilte i do leaba," ar sise, "agus is leor san." "Canadh na gcarúl a bhéas ann, a Mhamaí, tá siad siúd ceart go leor." "Ó, tá siad, ach tá a fhios agam go mbeidh rudaí eile seachas canadh ann; tá sé níos fearr duit a bheith sa bhaile."
Agus sin é an fáth nach raibh mé riamh i bplygain.Tar éis dom machnamh a dhéanamh faoi mar scéal, mé féin a thuig nárbh é an canadh, gan trácht ar an adhradh, ba mhó a tharraing na buachaillí eile ach an chraic a bheadh acu le cuid de na cailíní at an slí—sa dorchadas—go dtí Llanddoged is ar ais.
Ach do bheadh an chuid is mó de na daoine níos sine ag glacadh go dáiríre leis an ngnó a bhain leis na carúil a chanadh agus le cuimhneachán a dhéanamh ar bhreith Chríost.
Bhíodh rannairí áitiúla, maille le roinnt éigin clogairí is ministrí, ag cumadh carúl nua i gcomhair na Nollag gach bliain agus bhíodh amhránaithe, ina n‑aonar is i bpáirtithe, á bhfoghlaim agus is minic go mbíodh an‑chomórtas eatarthu. Chuala mé mo athair á rá go mbíodh cuid de na heaglaisí ag fostú amhránaithe carúl as comharsanachtaí eile agus á n‑íoc as a seirbhís.
Cé go mbíodh an clogaire freagrach as coinnle a chur ar fáil, bhíodh roinnt de na hamhránaithe ag dul go dtí na seirbhísí lena gcoinnle féin chun a ndóthain de sholas a fháil chun na cóipeanna scríbhinne a mbídis ag canadh astu a fheiscint; agus le greim a fháil ar na coinnle, dheinidis cinnte go mbeadh a ndóthain de chréafóg acu in ionad coinnleoirí.
J. Lloyd Williams (1854 ‑ 1945), 'Atgofion Tri Chwarter Canrif' (’Cuimhntí Cinn
Trí Cheathrú Céad Bliain’).
Fuarthas é sa díolaim, 'Y Flwyddyn yng Nghymru' (’An
Bhliain sa Bhreatain Bheag’), Caerdydd, Gwasg Prifysgol Cymru [’Preas
Ollscoil na Breataine Bige’], 1943.
Nascanna don Ghaeilge Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg / Links to Irish.