Ag Tnúth leis an Nollaig: Carúl Clúiteach.



‘Ní lia tír ná nós’ adeir an seanfhocal agus ar ndóigh, cé go bhfuil an Nollaig á ‘phoncánú na laethanta seo i ngach áit, tá cuimhne fós ar na laethanta a bhí - an ghé a bhíodh i nÉirinn sar ar tháinig a turcaí chugainn, nó na coinnle geala ag spréacharnach ‘sna fuinneoga leis an tslí a shoilsiú don teaghlach naofa. Sea, ‘mhuise.


Sa Bhreatain Bheag chomh maith bhíodh a nósanna áille féin acu, agus b’fhéidir an ceann is mó a mbíonn trácht fós air ná an plygain (abair ‘plogaidhn’). Téann préamhacha an ‘plygain’ siar sa stair, roimh an Reifirméisean, nuair a bhíodh Aifreann na Nollag acu i bhfad roimh bhreacadh an lae. Nuair a tháinig an creideamh nua isteach d’imigh an tAifreann as radharc ach lean na daoine ar aghaidh ag ceiliúradh na Nollag go moch maidine...

Is beag má bhíonn ‘Plygain’ ceart traidisiúnta le fáil i gceantar ar bith anois ach bhí an nós fós faoi bhláth san aois seo caite. Go gairid tar éis na meánoíche féin ar Oíche Nollag bhíodh na daoine ina lán dúiseacht. Bhíodh na leanaí ag ullmhú misleán de shórt éigin speisialta déanta as triacla is siúcra. Bhíodh na daoine fásta ag ullmhú coinnle agus coinnleoirí (nó in éagmais coinnleoirí mám cóir créafóige an duine acu!) agus ag cleachtadh na gcarúl a bhí le canadh acu, go háirithe nuair a chum duine éigin sa teaghlach carúl nua i gcóir an ‘Plygain’, rud a tharlodh go minic san aois sa chaite. Ráinneodh sé uaireanta go mbéadh turas suas le trí uair a’ chloig le déanamh de shiúl na gcos. (Deirtear, i leith na laethanta úd sa Bhreatain Bheag, go mbíodh ar gach neach beo taisteal ar na cosa ach amháin na daoine saibhre agus na cearca!). Mar sin thosnaíodh an teaghlach ar a n-aistear idir a trí agus a ceathair a’ chlog ar maidin, na daoine fásta le lóchrainn agus na leanaí ag sraoilleadh leo, a bpócaí lán leis na ‘misleáin’ a rinneadar féin roimh ré.


San eaglais (nó séipéal) féin cuirtí fearadh na fáilte roimh an nNaíonán i mBeithil, seanmóir, agus ar ndóigh, bhíodh cluas ar gach duine nuair a cantaí carúl nua. Is le linn plygain iargúlta den sórt sin i Sir Feirionydd(Merionethshire) uair éigin timpeall 1830 gur chuala na daoine a bhí i láthair an carúl nua a chum file áitiúil darb ainm David Hughes: Ar Gyfer Heddiw’r Bore, carúl a chuaigh i gcion ar an lucht éisteachta san eaglais tuaithe úd fadó agus a chuaigh i gcion ar mhuintir na tíre go léir ina dhiaidh sin.

Ar ndóigh, ní haon ‘Oíche Chiúin’ é (carúl a cumadh sa tréimhse chéanna). Tá sé níos faide, níos ‘bioblaí’ (le béim fé leith ar an Sean Tiomna) agus meabhraíonn sé dúinn go bhfuil an Pháis i ndán don Naíonán agus, ar an ábhar sin, go bhfuil maithiúnas le fáil. Is le fonn traidisiúnta Breatnach, ‘Mentr’ Gwen’, a cantar é.

Sa leagan Gaeilge de Ar Gyfer Heddiw'r Bore leantar, den chuid is mó, na hainmneacha mar a fuarthas sa Bhreatnais iad.

Barry Tobin a scríobh.



Ar Gyfer Heddiw'r Bore sa Bhreatnais.

Ar Gyfer Heddiw'r Bore sa Bhéarla.

An Briathar Saor Uimh. 3

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Christmas Box

Baile / Home