Cláirseach Bhalbh
Do chonaic mé i measc na gcaorach é
Le deireadh samhrúil lae;
Ia áilleacht an róis bheannaithe
Do chonaic mé ar a ghrua óg;
Do bhí canadh na leoithne ag teacht is ag imeacht
Idir an fraoch is na duilleoga;
Do chanadh sé féin i ngan fhios d'éinne
Lena ghuth dochomparáidte.
Do chonaic mé cheana féin é ag féile áitiúil
Ag canadh amhráin ón dúchas,
Is do chonaic mé níos déanaí é
Á ghléasadh le labhras álainn;
Do chuala mé fuaim a ghutha ag ceol
Le hais altóirí an Tiarna,
Cosúil le fuaim chúir ar dhath na lile
Faoi ghaoth na mara.
Do chonaic mé ansin é ag meath
Faoi chuisne an tseaca bháin,
Cor ghlór binn íseal ag briseadh
Thar a bheola íontacha;
Ansin do chonacsa ag teacht thairis
Luisne luí gréine scéiniúil:
An t-amhrán féin ag stopadh go deo
Ar a bhéal balbh.
Do sheas mé cois a uaighe le deireadh lae,
Uaigh an dóchais shéimh,
B'eol dó aoibhneas leanaí an tsléibhe,
B'eol dó amhrán a rá;
Is dá bhféadfainn é do snoífinn féin
Ar leac a uaighe bailbhe
Íomhá chláirsí lena téada
Is iad go léir a bheith briste.
Dán sa Bhreatnais, 'Telyn Fud': 'Hedd Wyn', 'sé sin, Ellis Humphrey Evans, 1887 – 1917.
Aistriúchán: Barry Tobin.
Sa Bhreatnais / Yn y Gymraeg
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.