Clann a Scriosadh

An tUafás Scáfar a bhí i Machromtha le linn an Ghorta Mhóir

Bhí stábla beag ag ceann an tí againn. Tháinig duine bocht gurbh ainm dó Pádraig Ó Buachalla agus tugadh bheith istigh sa stábla dhó féin agus dá mhnaoi agus do bheirt leanbh a bhí acu.D’fhanadar sa stábla ar feadh roinnt seachtainí; bhí bothán beag acu féin ina dhiaidh sin. Síle ab ainm don té ba shine den bheirt leanbh.Bhí buachaill aimsire againn agus Conchubhar ab ainm dó. D’airíos Síle lá ag caint leis.

“A Chon,” ar sise.

“Teacht, a Shíle,” arsa Con.

“Níl aon chaint agamsa anois,” ar sise.

“Airiú, cad eile cad tá agat, a Shíle?” arsa Con.

“Tá Béarla,” ar sise.

“Airiú, cad é an Béarla fhéadfása bheith agat?” arsa Con.

“Béarla Pheadair agus Sheainín Philib,” ar sise. Duine bocht a bhí i mbothán in aice na háite ab ea Seáinín Philib.

“Agus ar nóin is caint Béarla, a Shíle,” arsa Con.

“Caint Béarla!” ar sise, agus ionadh uirthi. “Ar nóin,” ar sise, “dá mb’ea, do thuigfí é!”

Bhí máthair Shíle lá agus mám gairbhéil aici sa chorcáinín tóin‑leathan go ndeineadh sí an císte a bhacáil, bácús a tugtar air. Bhí sí ag sciúradh agus ag sciomar a bhácúis bhig, istigh ann, leis an ngairbhéal.

“ó, a Mham!” arsa Síle, “an amhlaidh a chuirfir an gairbhéal sa chíste?”

“Is amhlaidh, a Shíle,” arsa an mháthair.

Siúd amach Síle. Chonaic sí Con.

“ó, a Chon,” ar sise, “cad a dhéanfaimid? Cad a dhéanfaimid in aon chor?”

“Cad tá anois ort, a Shíle?” arsa Con.

“Tá,” ar sise, “gairbhéal glas a bheith ag mo mháthair á chur sa chíste dhúinn, agus ní fheadar an tsaol conas fhéadfhaimid an císte d’ithe. Brisfear ár bhfiacla go léir. Tá cuid de na clocha sa ghairbhéal an-mhór. Ní fhágfar fiacail i gceann éinne againn. Ach is cuma do Dhiarmaidín é. Níl aon fhiacail in aon chor aige fós.”

Deartháir beag óg a bhí ag Síle ab ea Diarmaidín. Siúd isteach Con go bhfeicfeadh sé cad a bhí ag máthair Shíle ádhéanamh. Nuair a chonaic sé cad é an gnó a bhí den ghairbhéal bhí spórt acu.

Tháinig an gorta, agus b’éigean do Shíle agus dá hathair agus dá máthair agus do Dhiarmaidín imeacht síos go Machromtha agus dul isteach i dtigh na mbocht. A thúisce a bhíodar istigh ann scaradh iad go léir lena chéile. Cuireadh an t-athair i measc na bhfear. Cuireadh an mháthair i measc na mban. Cuireadh Síle i measc na gcailíní mbeag. Agus cuireadh Diarmaidín i measc na leanbh óg. Bhí an tigh go léir, agus a raibh de dhaoine bochta ann, múchta le gach aon tsaghas droch-bhreoiteachtaí. Na daoine, chomh tiubh agus thagaidís isteach nach mór, ag titim le héagruas, slán mar a n-instear é, agus iad ag fáil bháis chomh tiubh agus thagadh an galar orthu. Ní bhíodh slí dá leath sa tigh. Ní dheinidís, an méid ná féadadh dul isteach díobh, ach dul agus iad féin a shíneadh ar phort na habhann ar an dtaobh thíos den droichead. Chítí ansan iad gach aon mhaidin tar éis na hoíche, agus iad sínte ina sraitheanna ann, cuid acu ag corraí agus cuid acu socair go leor, gan aon chor acu á chur díobh. Tagtaí ar ball agus tógtaí an chuid acu ná bío? aon chor á chur díobh, agus cuirtí isteach i dtrucailí iad agus beirtí suas iad go háit in aice Charraig an Staighre mar a raibh poll mór leathan doimhin ar oscailt dóibh, agus cuirtí síos sa pholl san i dteannta a chéile iad. Deintí an rud céanna leis an méid a bhíodh marbh istigh sa tigh díobh tar éis na hoíche.

Ní ró‑fhada, tar éis dul isteach dóibh, agus tar éis scarúint lena mháthair dó, go dtáinig an bás ar Dhiarmaidín. Caitheadh in airde ar an dtrucail an corp beag agus rugadh suas go dtí an poll mór é, agus caitheadh isteach ann é i dteannta na gcorp eile. Ach ba chuma don leanbh é. Bhí a anam thuas i láthair Dé, in aoibhneas, i bhfad sar ar caitheadh a chorp sa pholl. Níorbh fhada gur lean Síle Diarmaidín. Chuaigh a corp óg sa pholl, ach chuaigh a hanam suas mar a raibh Diarmaidín, i láthair Dé, in aoibhneas na bhflaitheas, mar a raibh sólás aici agus comhluadar naomh agus aingeal, agus coluadar na Maighdine Muire, agus caint a bhí níos fearr go mór ná “Béarla Pheadair agus Sheáinín Philib.”

Bhí an t‑athair agus an mháthair ag fiafraí agus ag ceistiúchán chomh minic agus d’fhéadadar é i dtaobh Shíle agus Dhiarmaidín. Ní raibh an bheirt i bhfad tar éis bháis nuair airíodar é. Bhí an Ghaeilge ag na daoine bochta go léir. Ní raibh sí ag na huachtaráin, nó ní raibh sí acu ach go holc. D’fhéadadh na daoine bochta eolas d’fháil ar a chéile i gan fhios do na huachtaráin, Chomh luath agus fuair an t‑athair agus an mháthair go raibh an bheirt leanbh tar éis bháis, tháinig a leithéid sin de bhuairt agus d’uaigneas orthu ná féadfaidís fanúint san áit. Bhíodar deighilte óna chéile, ach fuaireadar caoi ar fhocal éigin a chur chun a chéile. Socraíodar ar éaló as an áit. Cáit ab ainm don mhnaoi. Shleamhnaigh Pádraig amach as an dtigh ar dtúis, stad sé thuas i mbarr Bhóthair na Sop ag fanúint le Cáit. I gceann tamaill chonaic sé ag teacht í, ach bhí sí ag siúl an‑réidh. Bhí an bhreoiteacht uirthi.

Comáineadar leo suas i dtreo Charraig an Staighre. Thángadar chun na háite ina raibh an poll mór. Bhí fhios acu go raibh an bheirt leanbh thíos sa pholl san i measc na gcéadta corp eile. Stadadar in aiche an phoill agus ghoileadar a ndóthain. Thuas ar an nDoire Liath, lastoir den Chathairín, a bhí an bothán go rabhadar ina gcónaí ann sar a ndeachadar isteach i dtigh na mbocht. D’fhágadar an poll mór, agus thugadar aghaidh siar ó thuaidh ar an nDoire Liath, mar a raibh an bothán. Bhí an áit sé mhíle slí uathu, agus bhí an oíche ag teacht, ach chomáineadar leo. Bhí an t‑ocras orthu agus bhí an bhreoiteacht ar Cháit. B’éigean dóibh siúl an‑réidh. Nuair a bhí cúpla míle den tslí curtha dhíobh acu b’éigean do Cáit stad. Ní fhéadfadh sí dul a thuilleadh. Casadh comharsain orthu. Tugadh deoch agus blúire éigin bídh chucu, ach ní ligfeadh scanradh d’éinne bheith istigh a thabhairt dóibh toisc iad a bheith tagtha lom díreach ó thigh na mbocht, agus an droch‑bhreoiteacht a bheith ar an mnaoi. Níor dhein Pádraigh ach an bhean a thógaint chuige ar a mhuin agus comáint leis siar ó thuaidh fé dhéin an bhótháin.

Bhí an fear bocht féin lag go maith. Bheadh sé dian air an tslí a chur de gan aon ualach a bheith air. Nuair a bhí an t-ualach air b’éigean dó stad go minic agus an t‑ualach a ligean uaidh siar ar chlaí an bhóthair ar feadh tamaill. Ach pé tuirse a bhí air lean sé ag cur na slí dhe. Níor scar sé leis an ualach. Shrois sé an bothán. Bhí an bothán fuar folamh roimhe, gan tine gan teas.

Amárach a bhí chugainn tháinig comharsa éigin chun an bhotháin. Chuaigh sé isteach. Chonaic sé an bheirt istigh agus iad araon marbh, agus dhá chois a mhná istigh ina bhrollach ag Pádraig, fé mar a bheadh sé ag iarraidh iad a théamh. Dhealródh an scéal gur mhothaigh sé lagachar an bháis ag teacht ar Cáit agus a cosa fuar, agus gur chuir sé na cosa isteach ina bhrollach féin chun an fuacht a bhaint astu.


As an leabhar, ‘Mo Scéal Féin’ (1915) leis an tAthair Peadar Ó Laoghaire (1839 – 1920).

Shorter version in English

An Briathar Saor Uimh. 4

Abhaile/Home