Cuimhneamh

Arú inné thánag orthu
Don dara huair:
D'imigh an t-am...

Ach níl sa seasca bliain

Ó shin ach prap na súl
Nuair a chuimhním ar an am,
An t-am a rabhadar ina luí roimhe sin.

Rug sé leis i bpóca a veiste iad
Ó'n ghort mar a bhí sé ag tochailt an lá úd;
Choimeád sé ar bhos a láimhe iad,
Dhá chloich chruinne ó'n chlochaois
Mar a bhéadh dhá chonsan liatha i sean teanga sheanda
Nach dtuigimid faic di.

Bhí an tAibreán ag gáire ina shúile gorma
An lá úd seasca bliain ó shin,
Is cuimhním air
Mar a chuimhním ar na fir mhotallacha údaí
Cúig mhíle bliain ó shin.

Moses Glyn Jones, file na Cathaoireach 1974 (bardd y Gadair 1974) a chum.

Rugadh Moses Glyn Jones i nGwynedd i 1913 agus foilsíodh "Cuimhneamh ('Cofio') ina leabhar is déanaí: Y Dewin a Cherddi Eraill ('An Draoi is Dánta Eile'), Cyhoeddiadau Barddas 1993. Fuair sé bás i 1994.

Leagan Gaeilge le Barry Tobin.

Sa Bhreatnais / Yn y Gymraeg

Ar ais go dtí / Back to / Yn ôl i:

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile / Hafan / Home Page