Club Cholmcille – Glóir na Breataine Bige

‘Sna blianta roimh an Chéad Chogadh Domhanda d’eagraigh Gaeil Dheiscirt na Breataine Bige scata clubanna den Chumann Luthchleas Gael a bhí rannpháirteach le chéile i mBord Contae Dheisceart na Breataine Bige. Ghlacadar páirt i gcraobhacha cúigeacha ar feadh roinnt éigin de bhlianta go dtí gur chuir an cogadh clabhsúr ar a gcuid iarrachtaí.

Ar na daoine tábhachtacha a ghlac páirt ‘sna cluichí Gaelacha i nDeisceart na Breataine Bige ‘sna laethanta úd bhí fear darb ainm Jack Shalloe. Tar éis an chogaidh d’aistrigh Jack go Londain áit ar athbhunaigh sé an Cumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1920. Ó’n uair sin suas go dtí deireadh na gCaogadaí ba uasal an mhaise dó an tslí inar chuir sé na cluichí Gaelacha chun cinn i Londain agus ar fud na Breataine Móire.

Le linn do Jack Shalloe bheith ina chónaí i ndeisceart na Breataine Bige bhí Club Chaerdydd(Cardiff) de Chumann Lúthchleas Gael aitheanta mar ‘The Emmets’. Dála a lán des na clubanna sa Bhreatain ag an am sin do thit ‘The Emmets’ as a chéile sa bhliain 1915.

D’imigh beagnach daichead bliain thart sar ar chuir an Cumann Lúthchleas Gael fréamhacha arís i gCaerdydd: tugadh `Club Cholmcille’(‘St.Colmcille’s’) ar an gclub nua. Do bhí rath air ó thús. Ar na clúichí ceannais a bhaineadar leo bhí craobhacha sinsearacha Gloucestershire 1967 agus 1971. D’imir Club Cholmcille sa chorcra is ór, rud a léiríonn ceangail láidre le Loch Garman.

Cé gur mhair Club Cholmcille i bhfad níos faide na a sinsear, ‘The Emmets’, do thréigeadar an fhaiche sa bhliain 1974 nuair sruth na n‑inimirceoirí as Éirinn i ndísc.

Mar sin féin, áfach, d’éirigh leis an gCumann Lúthchleas Gael i nGloucestershire an fód a sheasamh trí na cluichí a chur chun cinn ar leibhéal na sóisear agus sa bhliain 1983 d’fhill Club Cholmcille ar an mbuaile.

Sa bhliain sin cuireadh fógra i nuachtán áitiúil agus sa tslí sin d’eascair tréimhse nua i stair Chlub Cholmcille agus Chumann Lúthchleas Gael i gCaerdydd. Toghadh John Quigley ina Chathaoirleach ar an gcoiste nua agus láinseáileadh caithréim ar an toirt le ciste maith airgid a bhailiú. Bhí gá le cultacha peile, páirceanna traenála/imeartha agus áiseanna taistil agus leis na fiacha go léir a bhain leo a ghlanadh.

Chomh fada is a bhaineann sé le himeachtaí Chumann Lúthchleas Gael síneann ‘Gloucestershire’ ó Dheisceart na Breataine Bige go dtí Portsmouth, Swindon agus Cheltenham. Mar sin bhí a lán taistil i gceist agus bhí na táillí suntasach go leor. Ach cé gur chaith Club Cholmcille , dála na gclubanna eile sa ‘chontae’, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh ar an mbóthar, do bhain fo‑bhuntáistí leis mar scéal. Chuaigh na buachaillí is na cailíní oga a bhíodh ar na cóistí i dtaithí leis na hamhráin Éireannacha go léir agus le scoth den cheol Éireannach chomh maith. D’éiríodar níos Éireannaí ná a dtuismitheoirí agus iad sa tslí feadh na mbóithre fánacha agus thar na machairí réchnocacha in Iardheisceart Shasana.

Toisc go raibh easpa tacaíochta i gcás na n‑imreoirí sinsearacha nuair a cuireadh Club Cholmcile ar bun arís cinneadh go mbeadh sé níos fearr an bhéim a chur ar pheil an‑óg. Nuair a ceapadh a gcéad fhoireann ní raibh cultacha acu agus na geansaithe a raibh fáil féin orthu bhíodar gorm agus bán, dathanna ar chloíadar leo ó shin i leith agus ar bhain idir rath agus mhaise leo.

Thosnaíodar i dtosach báire le buíon de ógánaigh ó gach aird i gCaerdydd. Bhí cuid sacu gan aon cheangail le hÉirinn is nár chuala trácht riamh ar pheil. D’oibríodar go dian, baill den choiste, bainisteoirí foirne agus imreoirí agus fuaireadar luach a saothair sa bhliain 1988 nuair a shnap na ‘Blues and Whites’ craobh chlubanna na Breataine faoi bhun 14.

Niacute; dhearnadh dearmad ar na cailíní ach oiread agus tá scoth de fhoireann chamóige acu.

Thuig an coiste dá mba mhian leo dúil an óige a dhíriú ar na cluichí Gaelacha nach raibh aon dara roghadh acu ach iad a thabhairt go hÉirinn, rud a tharla minic go leor le blianta beaga anuas. Mar bharr ar na cuairteannA seo tagann imreoirí óga ó ‘Na Piarsaigh’ i gCorcaigh go dtí Caerdydd go rialta agus d’fhás an‑mhuintearas eatarthu araon.

Anois tá bláth ar chúrsaí Chlub Cholmcille in ainneoin go bhfuil siad de shíor i gcomórtas le tarraingt ó ugbaí agus Sacar. Bíonn slua de leanaí, fir agus mná le fáil ar a bpáirc imeartha dhá uair gach seachtain ó Mhí na Márta go dtí Meán Fómhair. Roinntear na hidéil agus na huaillmhianta céanna eatarthu: an grá dos na cluichí náisiúnta a chothú agus a thabhairt dá leanaí. Bíonn traenáil ar siúl tar éis am tae gach Máirt agus Déardaoin ag Ascal Lawrenny, Leckwith, Caerdydd. Is féidir na sonraí a fháil ó’n Chathaoirleach reatha, Tom Flaherty, ar (029) 20492529.

Tá súil againn go dtiocfaidh an tsochaí Éireannach i gCaerdydd le cunamh is tacaíocht a thabhairt dos na sár‑Ghaeil seo agus go gcuirfidís leis an obair rí‑thábhachtach atá ar siúl acu. Tá súil againn freisin go spreagfadh an rath a bhí agus atá fós ag baint le himeachtaí Chlub Cholmcille sochaithe Éireannacha eile sa Bhreatain a sciar féin a dhéanamh chun na cluichí Éireannacha a chothú agus a fhorbairt.

Nóta ó’n Eagarthóir:
Den chuid is mó is ár n-aistriúchán é seo ar an alt a foilsíodh san ‘Irish World’ (Londain) ar 23 Bealtaine, 1989 faoi’n teideal ‘St. Colmcille’s - - -The Pride of Wales’. Táimid fiorbhuíoch don ‘Irish World’ as cead a thabhairt dúinn feidhm a bhaint as an alt sin.

An Briathar Saor Uimh. 3

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile