Craobh Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Port Talbot


Gné fé leith de shaol na hÉireann i nDeisceart na Breataine Bige is ea Craobh Phort Talbot de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Is i nÉirinn féin a bunaíodh ‘Comhaltas’ (nó ‘Ceoltas’ mar a deirtear go minic é) sa bhliain 1951 le ceol beo traidisiúnta na tíre a shábháil, a chaomhnú agus a fhorbairt. Anois tá níos mó ná 400 craobhacha i nÉirinn agus ar fud an domhain, craobh amháin acu, Craobh Phort Talbot, sa Bhreatain Bheag.

Thosnaigh ‘Comhaltas’ i bPort Talbot i 1979 nuair a léigh Joe Holland, fidléir Éireannach agus ball den ghrúpa áitiúil ‘Celtic Sound’, fógra sa nuachtán ‘The Irish Post’. Seo an scéal mar a fuarthas ó Joe féin é:

“D’eascair Craobh Phort Talbot den Chomhaltas ó fhógra a léigheas féin san ‘Irish Post’ faoi chonas craobh a chur ar bun agus cé leis ba chóir teagmháil a dhéanamh i mBaile na Manach i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil an cheanncheathrú.

“Níor cuireadh mórán ama amú agam agus ag mo chomhbhádóirí, na deartháireacha Mick agus Peter Blaney. Ghlac Margaret Blaney, bean chéile le Mick, le cúram rúnaí agus chuaigh sí i dteagmháil le Baile Átha Cliath i Lúnasa 1979.

“Ainsin d’eagraíomar cruinniú i dtigh Mhick Blaney gur bunaíodh coiste des na fundúirí bunaithe mar seo a leanas: Cathaoirleach – Mick Blaney; Leaschathaoirleach – Joe Holland; Rúnaí – Margaret Blaney. “ Na baill eile ab ea: Tommy Ross, Frank Kerr, John Morgan, Ron Dunn (Albanach ó’n Eilean Sgiathanach), Thomas Williams, Peter Blaney. Bhí mná céile na mball seo (Winnie Ross, Tessa Kerr, Mary Dunn, Ruby Williams, Betty Blaney) chun tosaigh i ngach gné den ghníomhaíocht a bhain le lainseáil na craoibhe nua. Cúpla eile a thaobhaigh linn beagnach ó’n tús ab ea Tommy Watts agus a bhean chéile, Mary.

“Lonnaíodh ár gcraobh St. Joseph’s Parish Hall, Water Street, Port Talbot, mar ar thug ár nUachtarán, an Canónach Mullins, lámh chúnta thar a bheith fial dúinn ó’n chéad lá riamh. Eisean a bhi ina inspioráid dúinn agus sinn ag díriú ar ár spriocanna – páirt a ghlacadh i bhfleánna ceoil na Breataine agus, níos déanaí, Ceolchoirm Chuartaíochta Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, a bhfuil an-tóir go deo air, a fhailtiú go dti ár láthair i St. Joseph’s.

“Thosnuíomar go luath ag múineadh an cheoil dos na páistí agus na daoine óga. Ar an gcéad dream acu bhí daréag idir a 7 agus a 16 d’aois. An múinteoir, ba bhall den choiste é, Breatnach as Cwm Ogwr (Ogmore Vale), John Morgan, a mhúin an fidil dóibh. Ag cabhrú le John bhí an tAlbanach, Ron Dunn, a mhúin an cáirdín. Níos déanaí anall, ba é mise mé féin a bhí ag múineadh na fidléireachta don aos óg a raibh leanaí de shliocht na hÉireann agus de shliocht na Breataine Bige araon iontu.

“Níos déanaí fós tháinig múinteoirí eile ar an láthair le cabhrú linne leis na leanaí a mhúineadh i saíocht traidisiúnta na hÉireann. Mar shampla bhí Brian Rees linn, Tommy Casey is Sharon, an Chlann Noonan, Ann Loye, Angilia Ross, maille le daoine eile a ghlac páirt inár seisiúin cheoil seachtainiúla.

“Ár gCathaoirleach anois is ea Frank Kerr as Sligeach, fear a dhein cion fir riamh anall ar son a mhuintire is a gceoil le fada an lá. Bhí baint fé leith aige leis na daoine óga, Breatnaigh iad go léir, a fuair aitheantas is gradam sa dúiche mar Frank Kerr’s Dancers. Ach sin scéal eile!”

Treaslaíonn ‘Comhluadar Chaerdydd’ do mhuintir dhílis Phort Talbot, Éireannaigh is Breatnaigh mar a’gcéanna, an éacht a chomhlíonadar ó 1979 i leith. Cé go raibh iarracht níos déanaí le craobh den ‘Chomhaltas’ a bhunadh i gCaerdydd, iarracht a raibh teip thapaidh i ndán dó, bhí rath agus bláth ag baint le Craobh Phort Talbot ó’n tús. “Molann an obair an fear” adeir an seanfhocal agus bheadh leithéidí Joe Holland, Mick agus Peter Blaney, Margaret Blaney, John Morgan, Frank Kerr, Ron Dunn, Tommy Ross, Tommy Casey, Tommy Watt, Thomas Williams, na mná céile go léir, an Canónach Mullins, na daoine óga agus an dream go léir a bhí (agus atá fós) rannpháirtíoch leo, molta go hard cheana féin dá mbeimís inár dtost. Ba dheacair an saol agus an tsochaí Éireannach i nDeisceart na Breataine Bige a shamhlú gan iad agus a ‘gComhaltas’. Go ra’ fada buan go deo iad!

Scríofa ag Barry Tobin.

******************

An Briathar Saor Uimh. 2

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile