Faoin gCrann.


Fear a bhí sona sásta leis féin agus é in a chónaí faoi bhun crainn. Bhí sé beo ar na torthaí agus ar na cnónna a thit anuas chuige mar ba chrann é a thál go minic is go fras. Cos níor ghá dó a luail ach nuair ba mhian leis féin é agus nuair ab éigean dó freagairt do ghlaoch an nádúir.

Lá dá raibh, tháinig mac léinn an treo a raibh céim san fhiontraíocht aige ó Ollscoil Luimnigh. “Féach”, ar seisean leis an leisceoir faoin gcrann, “an deis iontach atá agat á cailliúint chun airgead a dhéanamh agus dul ar aghaidh sa saol. In ionad na dtorthaí seo a ithe agus na cnónna seo a changailt de réir mar a thiteann cad fáth nach mbailíonn tú iad agus iad a dhíol ar an aonach? Nó, níos fearr fós ná sin, cad fáth nach ndéanfá cuid acu a chur sa talamh ionas go bhfásfadh crainn eile, agus go dtitfeadh torthaí eile, agus go bhfaighfeá brabús breise?”

“Agus cén fáth a ndéanfainn é sin?” d’fhiafraigh mo dhuine, as a leathshúil dhúnta. “Ionas go mbeadh airgead agat, gan amhras.” “Agus cad ina thaobh a mbeadh airgead uaim?” Cé nach go rómhaith a thuig an mac léinn an cheist thug sé iarracht ar fhreagra a thabhairt mar níor dhíbir a chúrsa foghlama na béasa go léir a bhí aige ó dhúchas.
“Voil”, ar seisean, arsa an mac léinn, “le dóthain airgid d’fhéadfá rud ar bith a dhéanamh. Níor ghá duit aon obair a dhéanamh. D’fhéadfá do scith a ligean.”

“Cad is dóigh leat atá ar siúl agam anois?” arsa an fear faoin gcrann.
Alan Titley a scríobh.

******************

An Briathar Saor Uimh. 2

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile