Críochnú Fánaíochta
Ba mhaith leat riamh falróid thar sáile –
Ins na tíortha eachtrannacha thar lear;
D'fhilltheá corruair dod' bhaile ins na harda
Is do chroí go héadrom is mear.
Chonaic muid tamaillín thú roimh d'imeacht
Don chogadh atá ag suaitheadh an tsaoil;
Nótaí calma tírghrácha a bhí ionat,
Nótaí a chosnaíonn chomh daor.
Séideann an iomghaoth thar sléibhte do thíre
I do dhiaidh mar cheolta an bhuairimh;
Tá tú i gcomhluadar an chathláin do-ídithe
Atá ina gcodladh gan taibhreamh sa bhFrainnc.
Ón dán sa Bhreatnais, 'Gorffen Crwydro',le 'Hedd Wyn',
'sé sin, Ellis Humphrey Evans, 1887 – 1917.
Aistriúchán: Barry Tobin.