Crógach ar son na Teangan.

Is eol don saol is a mháthair go bhfuil dul cun cinn mór déanta ag an mBreatnais le fiche bliain anuas. Na comharthaí móra bóthair sa teanga náisiúnta, an bealach teilifíse Breatnaise, an líon mór scoileanna lán‒Bhreatnaise, na foirmeacha oifigiúla sa teanga, an faitíos atá ar Eaglais na Breataine Bige aon rud a dhéanamh a chuirfeadh fearg ar Breatnaiseoirí in áiteacha áirithe sa tír: sin iad na méara eolais atá ag díriú orainne anseo i Sasana ónar gcomharsan Ceiltise béal-dorais.

Tharla na hathraithe sin go léir le fiche bliain anuas. Muna gcreideann tú sin, agus is deacair glacadh leis go héasca, ba chóir duit beagáinín eolais a chur ar a dtárla i Mold, Flintshire ar an 27 Deireadh Fomhair 1971 agus le linn na laethanta a lean, go dtí an 9 Samhain.

Osclaíodh cúirt an tseisiúin ar an mbaile sin ar an 27 Deireadh Fómhair an bhliain sin agus séideadh scoil trúmpaí in onóir an bhreithiúna ag dul go mórshiúlach isteach sa chúirt dó. Ach bhí sé deachair na trúmpaí a chloisint mar bhí 150 Breatnaiseóir ag liú “Sianel Cymraeg Nawr!” (bealach teilifíse Breatnaise anois) taobh amuigh de theach na cúirte. Baineadh brathach na Ríochta Aontaithe anuas agus ardaíodh baill de Chumann na Breatnaise den bhóthar le gluaisteán na bhreithiúna a ligean fad le teach na cúirte. Theastaigh ó na léirseóirí freisin go mbeadh cúirteanna ann feasta a ndéanfar a n‒obair ar fad trí Bhreatnais. Tá feabhas mór tagtha ar na cúrsaí sin fosta, creidim.

Ar an ócáid áirithe sin, bhí 17 mball de Chumann na Breatnaise le cúisiú as páirt a ghlacadh i gcomhcheilg chun bac a chur le tarchur teilifíse. D’iarr cathaoirleach an chumainn, Gron Davies, go ndéanfaí gnó na cúirte sa Bhreatnais agus nuair a fhreagair an Breitheamh go n‒aistreofaí an fhiannaise go Béarla dúirt Wyn Davies, duine díobh siúd a bhí á gcúisiú: “Má ghlacaimid leis an Bhéarla mar theanga na cúirte ní bheidh ionainn ach fealltóirí. Ní mian liom bheith mímhúinte leatsa, ach níl sé ar intinn agamsa úsáid a bhaint as an Bhéarla sa chúirt seo, mar tá sé de cheart agam mo theanga féin a labhairt i mo thír féin.” Tugadh chun na gcillíní é (dúirt sé go mba fhearr leis sin).

Shocraidh an Breitheamh triaill neamhspleách a chur ar na 16 dhuine eile. Ordaíodh do 13 dhuine díobh fanacht i seomra feithimh agus cuireadh i leith an triúir eile, Ffrederic Ffrancis, Myrddin Williams agus Goronwy Fellows go ndearna siad luach £854 de dhamáiste i stiúdeonna teilifíse i Manchuin ar 23 Iúil.

‘Ní mian liom pléadáil agus níl sé ar intinn agam comhoibriú leat”, arsa an tUas. Ffrancis sa Bhreatnais. “Comhcheilg pholaitiúil í an triail seo – iarracht ag an rialtas le tacaíocht do Chumann na Breatnaise a mhúchadh. Déanfaimid gach ar féidir linn chun stop a chur leis an gcúis”. Leis sin thosnaigh na cosantóirí ag canadh agus rinne daoine san ailéar poiblí an rud céanna. Iompraíodh an triúir amach chun na gcillini.

Sa Bhéarla a thug 11 duine den ghiúre an mionn agus tugadh an‒bhualadh bos don 12ú duine a thug i mBreatnais é. Lena chois sin, cuireadh ceathrar teangaire faoi mhion (an lá roimhe sin, dhiúltaigh 20 duine an obair a dhéanamh).

Chuir an Breitheamh an chúis siar agus chuaigh 100 póilín i ngleic le léirseóirí taobh amuigh de theach na cúirte. An lá dár gcionn nuair a thug an giúiré a mbreith – “Ciontach” – léim Meinir Evans, iníon le Gwynfor Evans, uachtarán Plaid Cymru, 15 throigh ón ailéar poiblí. Níor gortaíodh í, áfach, mar d`éirigh le póilín greim a fháil ar chaol a láimhe agus thit sí sa mhullach ar bheirt póilín eile.

Lean an chúis mar seo, lá i ndiadh lae, raic á dtógáil taobh amuigh is taobh istigh den chúirt is daoine a dtabhairt as an ailéar poiblí chuig na chillíní go rialta.

Níor chríochnaigh an cás dlí go dtí an 9 Samhain. Daoradh Gronw Davies (22), mac léinn diagachta; gearradh sé mhí priosiúnachta air. Gearradh 12 mhí príosúnachta ar Ffred Ffrancis ar gach cheann de thrí chúiseamh.

Lena chois sin, socraíodh go gcuirfí i bhfeidhm i gcás Ffrancis an pionós, príosúnacht 12 mhí, a ghearradh air i gcúirt an tseisiúin, Glamorgan, i mí Bealtaine nuair a chuireadh ina leith gur scrios sé comharthaí bóthair Béarla.

Tugadh breitheanna priosúnachta ar chuid eile den 17 nduine a bhí os comhair an bhreithiúna ar an 15ú lá den chúirt ach cuireadh ar fionraí iad. Deileáladh, freisin, leis an dream a chuireadh ins na cillíní as raic a thógáil.

Dhiúltaigh Ffrancis is beirt eile gabháil go socair cuig na cillíní. “Ní mhaíodh tú an Bhreatnais choíche, a Bhreithimh Shasanaigh ‘, a scart sé ós árd.Tharla racán eile.
Bhí an t-áiléar poiblí lán gach lá agus bhíodh thart ar 200 duine taobh amuigh den chúirt go hiondúil.

Tugadh an‒phoiblíocht don chás ag an am agus scriobhas féin dhá alt don nuachtán seachtainiúil ‘Inniú’ ar a thárla. As an dá alt sin a bhainim an t-eolas don alt seo. Creidim gur chuir an cás dlí seo cor i gcinniúint theanga uasal dhúcasach na Breataine Bige, is é sin an Cymraeg.

Lena cheart a thabhairt don Bhreitheamh, dúirt sé nach bhféadfadh duine réasúnta aidhmeanna Chumann na Breatnaise a cháineadh; go mba léir go raibh imní faoin teanga.

Seán Mac Craith a scríobh.

******************

An Briathar Saor Uimh. 3

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg

Leathanach Baile