Cruit agus Teilean - Crwth a Thelyn?

Bhí cumarsáid agus malartú cultúir go leor idir An Bhreatain Bheag agus Éire roimh laethanta ‘An Briathar Saor’ ar ndóigh! Ba mhaith liom ach go háirithe féachaint ar cheangal amháin a bhain le cúrsaí ceoil, ceangal a théann siar , b’fhéidir chomh fada le ré ár bhfinscéalta.

Tagann an focal Gaeilge ‘cruit’ ó’n fhréamh chéanna as a dtagann an focal Breatnaise ‘crwth’ agus, go bunúsach, bhídis ag tagairt don uirlis chéanna cheoil, sé sin, uirlis a d’fhorbair ó ‘lír’ na Gréige is na Róimhe anallód. Sa Bhreatain Bheag d’fhan an uirlis sin in úsáid go dtí deireadh na hochtú haoise déag – tá sampla le feiscint in ‘Amgueddfa Werin Cymru’ Sain Ffagan Caerdydd. (Iarsmalann Bhéaloideasa na Breataine Bige, St Fagan’s, Cardiff). Nuair a d’imigh an uirlis chéanna as radharc i nÉirinn fuair an focal ársa athbheo le ‘cláirseach bheag’ a chur in iúl.

Ach cad faoin bhfocal Breatnaise ‘telyn’ sé sin ‘cláirseach’? De réir teoirice amháin fuarthas an focal ar iasacht ó’n fhocal Gaeilge ‘teileán’. Má fhéacann tú i bhfoclóir ‘Dinneen’ feicfidh tú ‘teileán’: ‘a wasp (Monaghan) or bee’. Ceaptar gur ainm magúil é seo a thug na Gaeil fadó ar an uirlis Bhreatnach ar an ábhar go raibh fuaim mhíbhinn (cosúil le crónán beiche no foiche) ag baint léi i gcomparáid leis an gcláirseach Éireannach s’acusan!

Sa Mheánaois, bhí inimirce mór le rá as Eirinn i dteannta le Gruffudd ap Cynan (1055 - 1137), prionsa Breatnach a rugadh in Éirinn (iníon de thaoiseach Lochlannach i mB.Á.C. ab ea a mháthair). Tháinig sé i dtír i nGwynnedd sa bhliain 1075 is arís sa bhliain 1081. I measc an diorma a tháinig leis as Éirinn bhí ceoltóirí is uirlisí Éireannacha, rud a thionscan cora nua go leor gan amhras i bhforbairt an cheoil i gcúirteanna na Breataine Bige. Tá rian an tionchair sin le feiscint go soiléir i lámhscríbhinn ap Huw, sé sin, an bailiúchán is túisce den cheol Breatnach atá againn.

Ach is féidir áfach go dtéann an iasacht úd den fhocal ‘teileán’ níos faide siar fós sa scéal. Tá tagairt don ‘telyn’ i scríbhinní Taliesin agus tá fianaise le fáil sna finscéalta go mbíodh malartú le hÉirinn ar siúl chomh luath sin. Sa scéal ‘Culhwch ac Olwen’ tá iomrá faoi “Telyn Teiryu” agus tá cosúlachtaí idir gnéithe den scéal seo agus scéal ‘Cruit an Dághda’. Leis an fhírinne a rá, d’éilíodh Gruffudd ap Cynan thuasluaite go raibh sé ríachtanach go mbeadh cur amach ag gach ‘pencerdd’ (príomhcheoltóir) a sheinn an ‘telyn’ ar thrí shaghas diamhra ceoil, sé sin, na ‘tair mwchwl godidog’ (an trí ‘mwchwl’ thar fóir). Ní fheadar an sean mhacalla de cheol na dTuath De Danann iad féin (an tsuantraí, an gholtraí, an gheantraí) ab ea na ‘tair mwchwl godidog' céanna?

Mar sin má’s féidir a rá go bhfuil tionchar na hÉireann le fáil sa cheol a bhailigh ap Huw, agus toisc go bhfuil gach rian den tsórt seo ceoil imithe as Éirinn le fada an lá, d’fhéadfaí a éileamh gur chóir go ndéanfaí staidéar grinn ar scríbhinní ap Huw ag ceoleolaithe na hÉireann.

Nóta Robert ap Huw (1580 -1665)
Cláirseoir i gcúirt Shéamais 1 (6 in Albain) a chur le chéile an lámhscríbhinn cheoil iontach úd sa Leabharlann Bhriotanach ina bhfuil beagnach gach iarsma de cheol na cláirsí ón Bhreatain Bheag sa Mheánaois atá le fáil. Is dócha gur sa bhliain 1613 a thosaigh ap Huw ar a shárobair ‘Musica’ ar fhoilsigh Gregg International eagrán fótagraphach de i 1987.
Iolo Huw Jones a scríobh (ball den ghrúpa ceol tíre ‘Ar Log’ is ea Iolo.)

******************

An Briathar Saor Uimh. 2

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile