An Cuaichín
Ar mo shlí go dtí mo theachsa
Do chuala mé cuaichín
A tháinig trasna na sáile
Go dtí ár n-oileáinín.
An chéad chuaichín den tséasúr
Ag canadh sa choill go groí,
Ag canadh sa mhodh ceannann céanna
Ar chan an chéad chuaichín a bhí.
Ar ais do chuaigh mé ag cuardach
I ngach tor is crann sa choill,
Le fuastar i gcluain is i bhfásach
Cá raibh an créatúr mín.
Do shiúl mé go dtí go raibh mé
Faoin mbeith ab ansa liom,
Is ansin a bhi an cuaichín
Ag cantain os mo chionn.
Tá mé buíoch díot, a chuaichín,
Gur anseo a bhí ar dteagmháil;
Do thriomaigh mé mo shúile
Is chuaigh an cuaichin ó mo dháil.
'Ceiriog' (John Ceiriog Hughes) a chum an dán 'Y Gwcw' sa Bhreatnais.
Barry Tobin a rinne an t-aistriúchán.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.