Fóram na Breataine Bige um an nGorta: ag Cuimhneamh i gCymru

Clár Imeachtaí Maille le hIrisí Nua ar na Bacáin ag Lucht an Fhóraim i gCaerdydd

Eagraítear clár imeachtai faoi leith i nDeisceart na Breataine Bige i láthair na huaire i gcuimhne ar an nGorta Mór (1845 – 1848) a mharaigh geall le milliún daoine agus a dhíbir milliún eile thar lear go deo na ndeor.

Ba é teip ar an mbarr prátaí in Éirinn ó 1845 go dtí 1848, de thoradh an dúchan a theacht orthu, a dhein léirscrios ar fhir, ar mhná agus ar leanaí nó iad a chur thar sáile go dtí Meiriceá, Ceanada, an Astráil agus an Bhreatain.

Tháinig go leor des na teifigh i dtír ar chósta na Breataine Bige agus lonnaigh a lán acu siúd faoi choinníolacha nach raibh puinn níos fearr ná sa tír bhrónach a d’fhágadar.
Bhí daoine níos saoire a iompar trasna na farraige ná ballasta cloch agus níos éasca a ghabháil isteach is a chaitheamh amach. Ar an ábhar sin tugadh na sluaite de Éireannaigh ocracha go dtí cósta Dheisceart na Breataine Bige ina mballasta beo.

Tharla an gorta in Éirinn díreach nuair a bhí an Réabhlóid Tionscalaíochta ag tosnú i nDeisceart na Breataine Bige. Fearadh fáilte mar sin ag na tionscalaithe is ag an lucht gnó roimh na hoibrithe saor a bhí ag brú isteach as Éirinn leis na dúganna is na bóithre iarainn a thógáil is le saothrú ins na mianaigh ghuail is na muilte cruaidhe. Chuaigh an Tiarna Marcas Bute ar a ghlúine in Eaglais Naoimh Eoin i lár Caerdydd le maithiúnas a impí ar Dhia as siocair gur “thug mé na Pápairí Éireannacha isteach sa Bhreatain Bheag”.

Tógadh faoi dheifir tithe nach raibh níos fearr ná slumaí leis na hÉireannagh ina mbochtanas thar fóir a ghlacadh. Ba bheag a maoin shaolta ach ba láidir a gcreideamh Caitiliceach. I dteach ceithre sheomra amháin gan fhuinneog i Sráid Mary Anne mar a sheasann an “Arena Idirnáisiúnta Caerdydd’ inniu, bhí geall le 57 daoine ina gcónaí. Cuireadh boscaí follamha oráistí os cionn na naíonán chun iad a chosaint ar a bheith brúite chun báis fad is chodlaíodh an chuid eile den chlann ar an urláir chloiche agus do bheadh an té ba mhíámharaí acu ag brú an chinn i gcoinne an ‘phribhí’ oscailte in áit adhairte.

Faoi choinníollacha den chineál sin bhí an calar, nó ‘fiabhras an Éireannaigh’ mar a aithnítí é, do‒sheachanta. Bhí an Gorta, mar sin, freagrach as básanna iomadúla anseo sa Bhreatain Bheag de bhreis ar na sluaite a fuair bás in Éirinn, agus tá bailte agus cathracha Dheisceart na Breataine Bige breac le huaigheanna na ndaoine bochta úd nach bhfuair tearmann slán in aon áit. ‘Sea, mhuise.

Tharla cuimhneachán céad bliain an Ghorta Mhóir díreach nuair a bhí an saol corraithe go leor agus an Dara Cogadh Domhanda ag críochnú . Mar sin chuaigh an ocáid thart beag beann. Fanann sé i gcuimhne acu siúd a bhí ina leanaí in Éirinn ag an am, áfach, go raibh ráflaí scáfara ag gabháil thart faoi ghorta ‘nua’ in Éirinn, go háirithe tar éis an gheimhridh sceirdiúil i 1946 / 47, a chuir uamhan orainn go léir, rud a dhearbhaíonn go raibh an Gorta Mór go beo i mbéal an phobail go fóill an uair sin.

Ar aon nós, le blianta beaga anuas, tá daoine ag teacht le chéile in Éirinn le mórshiú go dtí na suíomhanna mar ar adhlacadh líon daoine a fuair bás de dheasca an Ghorta (fé ach an t‒alt ‘Gorta, Talamh agus Trádáil Chóir’ le Joe Murray san eagrán seo). Um an ‘Gorta 150’ mar sin is cuí agus is cóir é cuimhneamh a dhéanamh ar agus aitheantas a thabhairt maidir leis na heachtraí tragóideacha a lean ar aghaidh ar feadh ceithre bliana fada agus brónach, blianta dúbhacha a d’athraigh stair na hÉireann agus na Breataine Bige araon chomh maith le stair go leor tíortha eile.

Cheana féin, i 1995, bhí clár imeachtaí éagsúla: léachtaí don phobal, scoil lae, taispeántas, oícheanta cultúir agus Aifreann Cuimhneacháin a léigh Ardeaspag Caerdydd i láthair an Ard Mhéara agus Ambasadóir na hÉireann.

I mbliana thug Seán Cleary, múinteoir meanscoile a rugadh i gCaerdydd, léacht faoin teideal ‘Cardiff during the Great Famine’ ar oíche Aoine 27 Meán Fómhair i Larionad an Pharóiste, Bóthar Richmond, Caerdydd. Bhí lucht ceoil ann le siamsa Éireannach a chur ar fáil dúinn tar éis an léachta. Beidh Seirbhís Athmhuntearais i gCaerdydd ar oíche Aoine 18 Deireadh Fómhair i dTabernacl Caerdydd (Sé ipéal na mBaisteach Breatnaise) sa Bhreatnais, sa Bhéarla is sa Ghaeilge. Beidh cór o Bhrí Chualann páirteach. Beidh Seirbhís Chuimhneacháin An Ghorta Mhóir in Eaglais Naoimh Eoin, Caerdydd, an eaglais is ársa sa chathair, a bhaineann leis an Eaglais Anglacánach sa Bhreatain Bheag.

Tiocfaidh an Dochtúir Ró Oirmhinneach R.B. MacCarthy, Propast Thuaime, thar chionn Eaglais na hÉireann, leis an tseanmóir a thabhairt. Ar an Satharn 2 Samhain, Lá na Marbh, beidh Aifreann Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir á rá i gCaerdydd. Chomh maith le sin beidh Aifreann Cuimhneachán an Ghorta Mhóir maille le hoíche cheoil i gCasnewydd (Newport) ar an Aoine 8 Samhain.

Eagraítear na himeachtaí ag Fóram na Breataine Bige um an nGorta a bunaíodh tar éis do Chomhluadar Caerdydd cruinniú poiblí a thionól i mí na Samhna 1994, le himpleachtaí an chuimhneacháin a phlé. Ceann de aidhmeanna an Fhóraim is ea aird a dhíriú ar na fadhbanna a bhaineann le gorta agus le bochtanas sa domhan inniu.

Is mó teaghlach sa Bhreatain Bheag inniu ar sliocht sleachta na dteifeach ó Ghorta Mór na hÉireann iad, gorta a tharla de dheasca teip na bprátaí, bia a nglactar inniu leis beagnach gan meabhrú a dhéanamh faoi. Trí mheán na teilifíse chonaiceamar fíor bhrí ghorta i dtíortha mar an Aetóip. Cé nach bhfuil fáil ar fhianaise scannáin d’Éirinn ná den Bhreatain Bheag sna 1840aí tá scéalta go leor faoi mar a d’fhulaing na daoine agus faoin a misneach is a gcreideamh do‒chloíte i sáinn gan dóchas.

Tabharfaidh Y Ddraig Werdd (An Dragan Glas), iris sa Bhreatnais a fhoilseofar gach trí mhí ag Fóram na Breataine Bige um an nGorta seans dár muintir sa Bhreatain Bheag cuid dá scéalta is dá stair faoi leith a insint i dteanga ársa na tíre a ghlac leo fadó ó shin. Tháinig an chéad eagrán den iris nua ar an saol le linn don Eisteddfod a bheith ar siúl i Llandeilo idir 3 agus 10 Lúnasa i mbliana.

Tá sé ar intinn an ‘Fhóraim’ iris eile a fhoilsiú sa Bhéarla roimh an Nollaig i mbliana le freastal ar ár muintir sa tír seo nach bhfuil an Bhreatnais ná an Ghaeilge acu.

: Barry Tobin, 1996.

An Briathar Saor Uimh. 4

Abhaile/Home