I gCuimhne ar
Griffith Llewelyn Morris
Anuraidh do chonacas
Griffith Llewelyn
A shúile go gorm
A chuid gruaige mar ór.
In a chuma chaoin
Is in a mharc ciúin
Do bhí tréithe a theaghlaigh
Is luisne an tséipéil.
Ach inniu atá a theaghlach
Faoin scamall go dúbhach
Is tá eisean ina chodladh
Le torann na ngunnaí móra.
Cuir i ndaoirse, a Thiarna,
Lámha an namhad
A leag neach chomh hionúin
Le Griff Llewelyn.
Dán sa Bhreatnais, 'Er Cof am Griffith Llewelyn Morris': 'Hedd Wyn', 'sé sin Ellis Humphrey Evans, 1887 – 1917.
Aistriúchán: Barry Tobin.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.