Cuimhneachán an Ghorta Mhóir
sa Bhreatain Bheag.

Ceaptar gar cóir cuimhneamh agus machnamh a dhéanamh ar an nGorta Mór 150 bliain níos deanaí mar ghné faoi leith de stair na hÉireann a d'fhag tionchar suntasach ar stair agus sochaí na Breataine Bige.

An chuid is mó de na teifigh a thréig Eire le linn an ghorta gur thrialladar ar 'Shasana' ba sa Bhreatain Bheag a thánadar i dtír sa chéad dul síos agus ba sa tír bheag Cheilteach seo a lonnaigh a lán acu.

I dtosach báire ar aon nós, is beag má bhí na coinníolacha maireachtála puinn níos fearr ná an ainnis a maig as Eirinn iad. Tháinig na céadta acu mar bhallast ar longa guail. Bhí cosc oifigiúil agus neamh-oifigiúil ar Éireannaigh ag an am. Ar an ábhar sin bhíodh orthu léim ó na báid isteach sa bhfarraigenó san abhainn nuair a stopfaí na báid chuige sin. Ní gach duine tháinig slán asan anró agus frithtear fós cnámha daonna Éireannacha i ngaineamh trá nó i láib abhann.

Na daoine a tháinig slán ó na báid bhídís idir bhás agus bheatha, iad ocrach, tréith-lag, fiabhrach. Bhí an méid sin eagla ar mhuintir Chaerdydd rompu gur tógadh sórt éigin 'cordon sanitaire'timpeall na háite agus bhí na hÉireannaigh bailithe i ngabhann speisialta roinnt mílte siar ón bhaile (ní cathair ab ea Caerdydd an uair sin ar ndóigh).

Ach san am sin bhí forbairt mhór tionscalaíochta ar siúl i nDeisceart na Breataine Bige agus bhí na fostóirí móra thar a bheith sásta sclábhaithe Éireannacha a fhostú ar phá íseal. Ní raibh na Breatnaigh sásta leis an gcluiche sin, ní nach í'onadh, agus d'éirigh eatarthu go minic: agóid, achrann, círéib, go fiú dúnmharú.

Tógadh tithe beaga gmama le freastal ar na sluaite as Éirinn nach raibh faic acu ach a mbaleaisí eaite agus a gereideamh
Caitiliceach. Tá teist oifigiúil go raibh 57 daoine ina gcónaí i dteach dearóil amháin a raibh ceithre sheomra ann agus fuinneog ar bith.

Ni haon íonadh gur leath an calar- 'an fiabhras Éireannach' a thug na Breatnaigh air-go tapaidh in a measc agus fuair go leor acu bás go luath tar éis dólbh teacht as Éirinn. Íobartaigh an ghorta ab ea iad siúd, gan aon amhras agus tá plásóg fé leith sa reilg is mó i gCaerdydd in a bhfuil na céadta acu curtha. Níl liag ná dealbh ná cloch chuimhneacháin ann, díreach cosúil le reilig ghorta in Éirinn.

Bhíodh reilig bheag eile ann, i lár na cathrach, go dtí gur tógadh ionad siopadóireachta san áit timpeall fiche bliain ó shin. Bhí leac cuímhneacháin ann, sa Bhreatnais, a d'inis gur Breatnaigh ab ea iad a fuair bás ón'bhfiabhras Éireannach' timpeall 1848. Is féidir a shamhlú gur daoine maithe ab ea iad a bhí ag obair leis na bochtáin as Éirinn gur thógadar an galar marfach uathu. Bunaíodh 'Fóram na Breataine Bige um an nGorta' i mbliana leis na haidhmeanna seo:-

a) Suim i stair an Ghorta Mhóir a chothú;

b) Taighde a thionscain faoi cad é go díreach a tharia do na teifigh a tháinig i dtír sa Bhreatain Bheag agus faoi cad é an tionchar a bhí acu agus ag a sliocht ar fhorbairt na sochaí Breatnaí;

c) Slite cuimhneacháin cuí a cheapadh ar son na ndaoine a fuair bás de dheasca an Ghorta;

d) Aird a dhíriú ar bhochtanas agus ar ghorta sa domhan inniú.

Clár imeachtaí
Sa Bhéarla agus sa Bhreatnais den chuid is mó

Barry Tobin a scríobh.

******************

An Briathar Saor Uimh. 3

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile