Bhíodh na cearca, na muca is chuile rud scaoilte amach ar fud an bhaile. Séard a bhíodh againn Oíche Nollag ná iasc agus fataí agus bainne. Lá Nollag ansin bhíodh cá caí mó ra cuirrintí dé anta ag mo mhá thair. Uair sa mbliain a d’fheiceadh muid na cuirrintí. Dhéanadh sí na cá caí agus bhruithíodh sí iad sa mbá cús. Ghearradh sí amach ar an mbord iad agus bhíodh crú iscí ní breá jam againn. Bhíodh chuile theach ag dé anamh bainne‒maistrí. Lá Nollag théadh muid ag an Aifreann. Bhí mí le bealaigh le dhul againn. Chaithfí dul ag faoistean agus a bheith i do throscadh an uair sin ón dó dhéag sa oíche. Ní bhfaighfeá cead bricfeasta a ithe ná fiú an t‒uisce a chuirtí ar ár n‒éadan níor mhaith leat go dtiocfadh sé i do bhéal. Ach tá mé ag rá leat nach mórán airgid a bhí san am sin ann. Bhí cúigear dreathrár agam sa mbaile san am sin, agus ní gheobhadh duine acu lá oibre. Ní raibh jab ar bith á dhéanamh. Jaibín beag fánach ar bith a thosaíodh bhíodh suas le trí scór duine ag faire air. B’fhéidir nach seasfadh sé sin ach mí.
Agus muid óg bhíodh muid ag imeacht linn ar na bóithrí, ag damhsa agus ag gabháil fhoinn. Bhí an saol go deas an uair sin. Bhíodh na daoine ag dul ar cuairt ag a chéile. Bhíodh siad ag imirt chártaí . bhíodh m’athair, go ndéana Dia grásta air, ag déanamh mapaí tuí le cur leis na doirse. Leis na doirse dúnta a chuirtí iad leis an stolla a choinneáil amach. Bhíodh an‒spraoi againn ag déanamh na duallanaí le chur sa mapa an uair sin. Bhíodh beithigh, muca, caoire, cearca agus lachain ag chuile dhuine.
Faoin Nollaig ansin mharaítí dhá chearc nó gé nó péire lachan b’fhéidir. Chuirtí síos i bpota mór iad sin ansin, agus bhruití iad. Chuirtí mion‒choirce síos leo agus oiniúin agus dhéantaí anraith as. Dhoirtí amach na fataí an uair sin ar chiseóig. Bhí caoladóirí in ann ciseáin, ciseógaí agus cléibh a dhéanamh. Bhíodh an chiseóg le haghaidh na bhfataí. Dhoirtí na fataí amach agus bhíodh chuile dhuine timpeall na ciseóige sin. Iad ag ithe agus ag ól agus sin é an chaoi a gcaití an Nollaig, go ciúin socair, gan troid gan araoid.
Bhí neart poitín le fáil freisin ach bhí na gardaí anghéar air. Fuair siad baraillí leanna bliain amháin agus chaoch siad a raibh de sheanlads ar an mbaile leis an leann. Bhí sé sa mbearaic acu agus bhí aithne mhaith acu ar na gardaí. Má tá fhéin, ní raibh troid ná achrann ann ach iad ag slogadh leo go suaimhneach.
*************
As an leabhar, A Scéal Féin (Baile Átha Cliath, Coiscéim, 1995), le Máire Phatch Mhór Uí Churraoin a rugadh i gConamara sa bhliain 1912.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.