Cultúr is Craic i gCoventry — 1994.

Tionóladh Cómhdháil/Ceardlann 1994 de ‘Fo-Choiste na Gaeilge’ B.A.I.S. (British Association for Irish Studies) i nÓstán Bhanríona Ghodiva, i gCoventry ar an deireadh seachtaine 15-16 Deireadh Fómhair seo caite. Cáit Bean Thompson, Rúnaí an Fho-Choiste a eagraíonn na himeachtaí seo agus is iontach an obair ar son na Gaeilge atá déanta aici leo.

B’in an chéad uair a bhí mise ann. Cuireann an focal ‘comhdháil’ sort imní orm de ghnáth agus smaoiním ar chruinnithe fada, obair leadránach gan sos, agus rudaí mí-thaithneamhacha mar sin, ach ní shin a bhí i gceist ar chor ar bith an uair seo. Bhí meascra maith idir na rudaí dáiríre, na rudaí níos éadroime agus an chraic agus bhí sé soiléir go raibh chuile dhuine sásta leis an ócáid.

Bhí ocht aoichainteóirí, nó i gcás Fhionnbarra Sands (Ollscoil Leeds) agus Éamoinn Uí Dhónaill (Oideas Gael), aoimhúinteoirí, agus bhí Seosamh O’Hara, múinteoir rinnce ó Coventry féin, ann chun rang seiteanna a stiúiriú oiche Shathairn. Molaim an tslí ina raibh na léachtanna eagraithe. Mhair gach léacht dhá uair a chloig, uair as Béarla agus uair as Gaeilge. Mar sin bhí seans ag gach duine freastal ar gach léacht gan brathaint ar an leibhéal Gaeilge a bhí acu. Bhí mise in ann freastal ar beagnach gach ceann acu agus is féidir liom a rá go fíor gurbh fhiú bheith ann gach aon uair.

Níl sé féaráilte b’fhéidir béim a chur ar dhuine nó daoine éigin des na haoichainteoirí nuair a bhí siad go léir chomh suimiúil sin ach caithfidh mé a rá cé chomh taithneamheach is a bhí filíocht Chathail Uí Shearcaidh, file den chéad sraith, agus chomh hiontach aerach is a bhí Séamus Mac Annaidh ar an Domhnach. Bhí seisiún neamhfhoirmiúil le ‘ceol agus ól’ sa bheár oíche Shathairn agus cé nach raibh an amhránaiocht ró-bhinn , bhí sé corraithe go leor tar éis cúpla pionnta, agus bhí roinnt againn ann go dtí a ceathar a chlog agus ‘cinn scrofa’ again ag éirí dúinn ar maidin. Ní féidir go mbeadh leigheas níos fearr dúinn mar sin ná caint mheidhreach, shúgrach, ‘osréalach’ Shéamais faoi a shaol mar scríbhneoir, craoltóir le Raidio Foyle/Doire, agus ball den ‘mhegaghrúpa’ The Fermanagh Blackbirds. Bhí féasta eile i ndán dúinn an lá céanna le ‘fabhalscéalta’ Alan Titley, scéilíní beaga cliste, agus is féidir libhse blas a fháil ar an saothar seo mar go bhfuil ceann acu, ‘Faoin gCrann’, le léamh.

Thug Máirín Ní Dhonnchadh as Institiúid Árd-Léinn Bhaile Átha Cliath léacht an-shuimiúil dúinn faoi scríbhneoirí mná, agus labhair an Dr. Robby Ó Maolalaigh go spéisiuil faoi stádas na Gàidhlige in Albain. Ní raibh mé in ann freastal ar léacht an Dr. Emrys Evans ‘Celtic Gold and Celtic Genius’ ach chuala mé go raibh sé go suimiúil.

Tá obair mhór ar son phobal na Gaeilge sa Bhreatain déanta ag Cáit Bean Thompson leis na comhdhálacha seo a eagrú. Tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh seans ag Gaelgeoirí sa tír seo bualadh le chéile ó am go ham chun teagmháil lena chéile agus meanman a ardú. Tugann na comhdhálacha seo an deis is fearr dúinn gach bliain chun é sin a dhéanamh. Molaim ar gach duine le suim sa Ghaeilge freastal orthu. Beidh mise féin ann arís gan dabht.

Patrick Egan a scríobh.

An Briathar Saor Uimh. 2

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile