Lá Nollag i Londain le Maidhc Dainí n Ó Sé : Aifreann, Tábhairne agus Turcaí.
"Éirigh nó beir déanach don Aifreann," B’í aghaidh Mháire a chonac nuair a d’osclaíos mo dhá shúil. "Cá
blifuilim . . . cá bhfuilim? " " Ní thiar sa Daingean atán tú . Bhíos ag an Aifreann luath. Tá an drúncaeir
eile sínte fós. Seo leat anois. . . tá sé chomh maith agat dul go dtí an Aifreann. . . mar ‘sí maidin Lae
Nollag í." Bhí boladh an róstadh ag teacht ón gcistin.
D’éiríos aniar ar an sofa agus d’fhéachas isteach sa scáthán a bhí in aice liom. "Ó a Mhaidhc . . . tán tú ag
fáil bháis. " Bhí mo dhá shúil
súite siar i mo cheann agus na fabhraí os cionn na súl ataithe. "Nach gránna
an duine mé ar maidin." Chuireas mo dhá chois ar an dtalamh agus chaitheas mo shúil timpeall ag lorg mo
bhríste. Tar éis cúpla searradh a bhaint asam
féin chuireas orm mo bhalcaisí agus bhaineas amach an
leithreas. Fuaireas rásúr le Tomás agus ba leor í siúd chun mé a bhearradh an mhaidin sin. "Dein deabhadh... tá sé ag titim uaim!"
Bhí Tomás beo agus ina shuí. Scaoileas isteach sa leithreas é agus thugas faoin sofa arís ach ar m’anam gur
lig Máire béic. "Tá an bricfeast réidh." Bricfeast, a dhuine . . . b’fhearr liom go mbeadh sé na mílte uaim
mar ná féadfainn féachaint ar bhrlcfeast tar éis na hoíche.
Shuí os chun boird... agus an bhfeadaraís . . . nuair a bhí an chéad chúpla greim ite agam i gcoinne mo
thola . . . tháinig mo ghoile chugam. Thug Tomás faoin mbricfeast faoi mar ná beadh faic le n’ól an oíche
roimhe sin aige. "Bail ó Dhia ort, a dhuine . . . tá misneach asail agat ar maidin," arsa mise le Tomás ag
éirí ón mbord.
Tháinig cnag ar an ndoras. "Tá sé oscailte," a
dúirt Máire. ‘Sí bean an tí a bhí ann. D’fhéach sí orainn ar
fad agus thosnaigh sí ag gáirí "Cogar," arsa mise le Tomás, "féach a cuid gruaige." "Ní chuireann sé aon rud
i gcuimhne dhom ach nuair a bhíodh an sean‒chlúmh ag titim don sean asal aige baile." Ní chuala an landlady
in aon chor mé . "An bhfuil buidéal breise bainne istigh agaibh?" arsa bean an tí. Rug Máire ar an gcathaoir
agus sháigh ina treo. "Tá bágún rósta ar an bpan agus tá tae sa phota . . . suigh síos."
D’fhéach Tom i mo threo. "Téanam ort . . . beidh an tAifreann ag tosnú sara fada." Thug Máire comhairle ár
leasa dhúinn. Beidh an turcaí ullamh ar a haon . . . ná téigí ar aon spraoi anois."
Bhí séipéal beag i ngiorracht míle slat den árasán. Ghabhas síos agus suas thairís go minic cheana ach go
bhfóire Dia orainn ní mór an ceann a thógas de go dtí seo. Le féachaint ar an dtaobh amuigh de ba
dhóigh leat
gur gnáth‒thig é. Bhí an sagart tagtha ar an altóir nuair a chuamair isteach.
"Fanfam in aice an dorais," arsa Tomás. . . " ní bheadh a fhios agat cén sórt laige a thiocfadh orainn."
Sagart beag críonna a dúirt an tAifreann agus mura dtug sé faoi chleas an óil agus d rúncaeirí sa tseanmóir
ní lá fós é . "Am spioradálta den mbliain seo, . . . agus ní ham chun a bheith ag tabhairt isteach d’obair an
diabhail. Nuair a deirim obair an diabhail tagann ól faoin gcaibideal sin." Phioc Tomás mé . "Is measa é seo
ná mo mháthair."
Le linn é bheith ag tabhairt amach Comaoine d’éirigh Tomás. Cheapas gur suas chun Comaoine a bhí sé ag dul."
Lean mise!" ar sé . "Cá bhfuilir ag dul," arsa mise.
"Táimid ag dul go Lourdes . . . for the cure." Bhí iontas
ormsa . . . "Cá bhfuil Lourdes nó cén neamh‒mheabhair atá ag teacht ort?" Dúirt
Tomás liom arís é a
leanúint.
Ghabhamair síos cúlshráid agus ba ghearr gur chnag Tomás ar dhoras beag. Labhair duine éigin laistigh. "Cad
tá uaibh," ar sé as Béarla. "The ‘cure’, " arsa Tomás. "Is this Lourdes?" Ní foláir nó go ndúirt sé an focal
ceart mar d’oscail an doras. Bhí aithne ag an bhfear ar Thomás. D’fhiafraigh sé de cé bhí lena chois agus
chuir sé mise in aithne.
Shiúlaíomair isteach halla fada dorcha agus ansin trí dhoras. Bhíomair istigh i dtig tábhairne éigin agus
on bhféachaint a thugas timpeall is Éireannaigh ar fad a bhí istigh ann. Ní raibh cuma ró‒shlá intiúil ar
éinne acu an mhaidin sin ach an oiread linn féin. "Cogar a Thomáis . . . tá a fhios agat go mbeidh an dinnéar
ar an mbord aige Máire ar a haon."
D’fhéach Tomás ar a uaireadoír. "Tá uair a chloig agus ceathrú againn . . . beimid leighiste go maith faoin
dtrá h sin." Formhór na ndaoine a bhí ann bhí aithne shúl agam orthu ós na rincí ach ní raibh ainm agam dona
leath.
An chéad bheannú a fuaireas ó bhulcán fir go raibh a thie bogaithe tamall maith amach óna mhuineál aige,
"Where is the box?" Fuair Tomás cúpla leath‒ghloine agus shín sé chugam ceann. "Seo, díreoidh sin do chorrán
agus ná bac mo chorrán‒sa mar nach féidir aon díriú a dhéanamh air."
Bhí ceathrar thíos i mbun an tí agus gathanna nó darts á gcaitheamh acu. "A Mhuire," a dúirt Tomás ag cuimilt
a dhá shúil, "conas a fheiceann siad na figiúirí in aon chor."
Shuíomair ar ár sáimhín só le hais le ceathrar ó Chontae Mhaigh Eo. Cúrsaí oibre a bhí ar bun againn. B’shin
é an chéad mhaidin a fuaireas amach cá dtabharfainn m’aghaidh dá mbeinn ag lorg oibre ar na
buildeálacha.
"Féach i do thimpeall," arsa Tomás, "ní íosfaidh a leath acu sin dinnéar na Nollag inniu. Tá a ndinné ar os a
gcomhair anois." Chraitheas mo cheann le hiontas. Ba dheacair dom a chreidiúint go bhfaigheadh aon neach
daonnaí chomh leachta is go dtréigfeadh sé an bia ar mhaithe le dúil agus mian na dí . "Ó mhuise," a
dúrtsa,
"ní mhaith liom bheith ag braith orthu amáireach chun
trínse a thaoscadh. Deireadh m’athair i gcónaí gurb é
capall na hoibre an bia.
Léim Tomás don stól . . . "Téanam ort a dhuine, nó beidh cos an turcaí dóite. Ní bhlaiseas blúire de thurcaí
ón Nollaig seo caite." D’fhágamair slán ag an gcomhluadar agus scaoileamair faoi amach an cúldhoras
arís.
****************
As an leabhar clasaiceach, A Thig, ná Tit Orm(Baile Átha Cliath, Coiscé im, 1987), le Maidhc Dainín
Ó Sé, tiománaí leoraí, ceoltóir, amhránaí agus scríbhneoir clúiteach as Ciarraí.
Sa Bhéarla / In English.
Christmas Box.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.
Home / Abhaile