Cúrsaí sa Ghaeilge i Llŷn

Le trí bliana anuas anois tá cúrsaí sa Ghaeilge socraithe trí uair gach bliain i Nant Gwrtheyrn i gceantar Llŷn in Iar Thuaisceart na Breataine Bige.
Is é an Lárionad Teanga Náisiúnta é Nant Gwrtheyrn, sean bhaile beag marbh cairéil cois farraige ar tugadh beatha nua dó roinnt blianta ó shin mar áit mhúinte na Breatnaise.
Is trí mheán na Breatnaise a déantar an múineadh Gaeilge go léir ann.
Cé go bhfuil an 'Nant' (mar a aithnítear go coitíanta anois é ) lonnaithe i gceantar mar a bhfuil thart ar 80% den daonra ina gcainteoirí Breatnaise (de réir an daonáirimh i 1991) ní teanga nua í an Ghaeilge ann.
Bhí pobal Gaeilge i gceantar Llŷn go dtí an 12ú haois agus is cinnte go raibh an Ghaeilge labhartha i gcairéil Nant Gwrtheyrn san aois seo caite mar tháinig slua de Éireannaigh ag obair ann tar éis an Ghorta Mhóir.
Is fiú a thabhairt faoi deara gurb ionann an logainm Breatnaise ‘Llyn’ agus an logainm Gaeilge ‘Laighean’.
Le Hywel Merfyn Jones.

An Briathar Saor 1

Leathanach Baile / Hafan / Home Page