Faoi dhraíocht atá crann úll sa bhfómhar;
Feicim cailíní Atlas faoina scáth
Ag ardú lámh, Eritheia,
Hesper, Egle, Arethusa,
I dtreo na nglas lóchrann cruinne
Mar ghealacha nó mar chíocha rúnda maighdeana geala
A fheighlíos an ghairdín gan gheimhreadh;
Damhsa bandéithe faoi na húlla, é sin a chím.
Nóta:
Cailíní Atlas: sa mhiotas Gréagach, ba é an t‑aonú saothar déag a bhí le déanamh ag an laoch, Heirciléas, (Hercules) ná &uaccute;lla órga a fháil ó ghairdín na hesperides a raibh seacht n‑iníon Atlas i bhfeighil air. Faoi dheireadh, cuireadh na hiníonacha sa spéir thuas. Is iad na seacht réalta sofheicthe den réaltbhuíon An Phléadach (Pleiades) anois iad.
Ghlac mé le litriú na Breatnaise de na ceithre iníon a luaitear (ach amhá gur athraigfh mé ‘w’ go ‘u’).
De ghnáth, cosú leis an Laidin, fuaimnítear gach litir sa Bhreatnais.