Seafóidíní
Dúirt Aintín Rita: “Tá
Mo phiscín bán ar strae,
Dá gceannóinn di ‘Big Mac’ amháin
Do thiocfadh sí ar ais chun tae”.
D’fhógair an ridire Trev:
“Tá mo chapall bán ar fán!”
Is d’fhreagair a chairde slim’
Go gceannóidis dó gearrán.
D’éirigh an rógairín Tommy
As a leaba le gáire an ghrinn,
Ag smaoineamh ar chraiceann a bhanana
A chuir a athair isteach sa linn.
Do dhúisigh an róinín tanaí
Ar na carraigreacha in aice le Bré,
Is d’éiligh ar a mhamaí ramhar
Pizza is súpa an lae.
D’airigh an racarólaí teasaí,
Is é ag sú a mhicreafóin,
Nach raibh éinne i halla na scoile,
Is d’alp sé smugairle (róin!).
Barry Tobin, 9 Samhain 1993.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.