Domhnach an Ghorta

An Gorta Mór agus Traidisiún na hEaglaise Caitilicí sa Bhreatain Bheag

Agus bliain na hEaglaise ag druidim chun deiridh, tugann an Eaglais cuireadh dhúinn féachaint ar an mbeatha, féachaint ar an gCruthú agus scáthán na síoraíochta a fheiscint ann. An domhan ceart, an t‒aon domhan amháin a bhféadfadh daoine maireachtaint ann, is ea an domhan agus a chóras ar chruthaigh Dia é.

Mórthimpeall orainn, agus ins ár gcathracha ach go háirithe, feicimid obair lámh agus obair intinní daoine. Ní bhíonn cuimhne againn ar Dhia, an Tiarna ar Neamh agus ar thalamh; éirímid uaibhreach agus deinimid olc ar a chéile. Chuaigh sibhialtachtaí thart; tógadh cathracha nua ar fhothracha na seancheann. Is í an tslí is fearr a dteaspeánann inchinn an duine, chomh torthúil agus chomh hairgtheach is atá sí , a bua is ea trí slite scriosta agus scanraithe a cheapadh. Ach, de réir mar a cheap Dia é, raghaidh gach ní thart. Tiocfaidh Lá an Luain go gach n‒aon. Ní heol dúinn cathain a tharlóidh sé . Séard atá ar eolas againn ná go mbeidh lucht leanúna Íosa ag fulaingt agus á ngéarleanúint in A ainmse. Is í teachtaireacht na Soiscéal ná buanseasmhacht i seirbhís an Tiarna le linn ár laethanta go léir agus a bheith ag siúl ar A chosáinse.

Inniu, le linn an Aifrinn seo, cuimhnímid ar an bhfulaingt agus ar an gcrá a bhain de mhuntir na hÉireann, a bhain de shinsear go leor againn, céad go leith bliain ó shin. Ní rud nua ab ea é gorta a fhulaingt in Éirinn i 1845. Ach bhí torthaí suaithinseacha agus fad téarmacha le leanúint i ndiaidh eachtraí na bliana sin agus na mblianta a lean í. I dteaghlaigh Éireannacha is rud deireannach go leor an chuimhne ar na blianta úd. Rugadh mo sheanathair ins na 1830aí. Ní raibh aithne agam air. Dom athair féin bhí sé ina spreagadh ar feadh a shaoil.
Ní um fhulaingt na mblianta úd a ghuímid inniu cé chomh huafásach agus cé chomh scáfar is a bhíodar. Ina áit sin ba chóir dúinn a chur i gcuimhne dhúinn féin go dtarlaíonn tragóideacha dá sórt go fóill in ár ndomhan inniu. Agus séard a dheinimid ná na cúiseanna céanna gan a bheith ag cur isteach le stop a chur leis an ngorta agus leis an nganntanas a thabhairt. Íocaimid daoine as gan a bheith ag táirgeadh bia chun ár rath a choimeád. Agus is sa tslí sin a chuirimid borradh faoin éad is faoi na cuimhntí a chothóidh na scoilteanna is na cogaithe sa chéad aois eile.

Is í an ghné den Ghorta in Éirinn ar mhaith liom go ndéanfaimís machnamh fuithi inniu ná a thoradh iontach ar shaol na hEaglaise ar fud an domhain. Séard a tháinig as scaipeadh na ndaoine ainniseacha ocracha sin ná tógáil na hEaglaise Caitilicí atá againne inniu in a lán cearnaí den domhan. Ba iad na daoine úd, a ndúradh leo gur shéan Dia iad de dheasca a ndílseachta dá gcreideamh ársa, a d’iompar an creideamh sin leo is a fhréamhaigh in athuair i bpáirteanna den domhan seanda agus a bhunaigh in athuair sa domhan nua é.

Chonaic blianta luath an 19ú haois tús athbheochana sa tsaol Caitiliceach. Tharla borradh nua chuig na sean phobail a tháinig slán as an ngéarleanúint. Chabhraigh na chéad inimircigh as Éirinn go dtí na ceantair thionscalaíochta nua i nDeisceart na Breataine Bige leis an athbheochain seo.

Thosnuigh taifeadadh ainmneacha Éireannacha i gcaipéisí oifigiúla i Mynwy (Monmouth) ó 1814 ar aghaidh. Faoi 1820 gheibhtear i gcaipéisí oifigiúla Y Fenni (Abergavenny) iad chomh maith agus faoi 1839 gheibhtear níos mó d’ainmneacha Éireannacha ná de Chaitilicigh Bhunaigh Bhreatnacha. Le linn blianta an Ghorta thosnaigh longa ag teacht le daoine ocracha go dtí Caergybi (Holyhead), go dtí Aberdaugleddau (Milford Haven) agus go dtí Abertawe (Swansea). Thiocfadh an chuid is mó acu ó Chorcaigh go dtí an calafort ba mhó sa Bhreatain Bheag ag an am sin, sé sin Casnewydd (Newport). I mí na Feabhra 1848 tháinig an ‘Argyle’ ó Chloich na Coillte agus 3 bhó, 2 chapall, 2 thonna prátaí, 64 daoine fásta agus 36 leanaí, 20 acu níos lú na seacht mbliana d’aois, á n‒iompar aici. Ní raibh ceadúnas ag an long sin le daoine a iompar. I Meitheamh 1848 tháinig an ‘Catherine’ ó Chorcaigh agus 98 daoine níos mó ná mar a ceadaíodh go hoifigiúil di á n‒iompar aici. Chonacthas ag cur daoine i dtír, dhá mhí le thíos ón ‘Tigh Faire’ i gCasnewydd, í.

I mí na Márta 1849 cuireadh an dlí ar chaptaen na loinge ‘Mary’ as níos mó na 20 daoine a iompar. D’fhág an long Corcaigh le 46 taistealaithe ar bord. Do thá nig 17 acu i dtír i mbád in inbhear na habhann, Yr Wysg (Usk), fad is a cuireadh iallach ar roinnt éigin eile acu ‘dul thar imeall’ sa láib in aice leis an dtigh solais. Sa bhliain chéanna cuireadh i leith Jasper Travers gur iompar sé 197 taistealaithe, 119 daoine fásta agus 78 leanaí i long a raibh ceadúnas le 98 a iompar aici. Cuirtí a lán daoine i dtír ar feadh an chósta ó Abertawe go Casnewydd.

Sa daonáireamh 1851 bhí 2,069 daoine a rugadh in Éirinn ina gcónaí i gCasnewydd, 3,051 i Merthyr agus 1,333 in Abertawe. Faoi 1861 bhí geall le 9,000 Éireannaigh i Sir Fynwy (Monmouthshire) agus 27,000 i Morgannwg (Glamorgan) ’ 10,000 acu i gceantar Chaerdydd.

Ní luaim na fíricí seo ach le smaoineamh a thabhairt faoin méad daoine a tháinig go Deisceart na Breataine Bige. Tá go leor agaibh anseo inniu, más cuimhin daoibh nó más fearr libh gan cuimhneamh a dhéanamh air, ar sliocht sleachta na n‒ainniseoirí úd sibh. D’aimsíodar obair pé áit ab fhéidir leo agus do thosnaíodar ar a dtithe beaga bochta a bhunadh. Do chaithfí leo le drochmheas go minic agus ní fearadh fáilte rompu. I mí na Márta 1849 dúirt an Cardiff and Merthyr Guardian: “Tá cleachtadh againn ar shalachar, ar mhí‒eagar agus ar bhochtanas éadócasach a cheangail le gach rud Éireannach toisc go mbíonn an méad sin daoine leisciúla, diaomhaoine agus ainniseacha as ár gcomhoileán ag casadh de shíor orainn.”. Cuid den reamhrá roimh thuairisc faoi mhórshiúl an ‘Hibernian Club’ ab ea an masla gan chúis chuige seo. De réir na tuairisce bheadh an mórshiúl “incomparáite le dream ar bith de fhir uaisle na tíre” agus do bhí an mórshiúl céanna “ar na mórshiúlta ba bhreátha dá bhfacthas i gCaerdydd riamh.”

Tá sé rí‒shoiléir nach ag léiriú barúlacha na mBreatnach go léir a bhí an Cardiff and Merthyr Guardian nuair a chuirtear san áireamh gníomh Mr. Jones ó Fferm y Cwrt (Feirm na Cúirte) in aice le Port Talbot. Nuair a tháinig grúpa i dtír ó long seoil fá Twyni Cynffig (Dúmhcha Chynffig) d’ullmhaigh Mr. Jones a scioból mar thearmann dóibh agus d’eagraigh sé soláthar bídh ón a chomharsana. Ar feadh roinnt éigin míonna bhí Éireannaigh ocracha thar a bheith sásta leis an bhfóirithint, leis an gcairdeas agus leis an gcarthanacht a taispeánadh dóibh ag Mr. Jones agus ag a chomharsana.

Bhíodh na hinimircigh Éireannacha seo ag iarraidh sagairt a aimsiú le freastal orthu. Deirtear faoi Éireannaigh an Ghorta i bPort Talbot gurb é a dtnúthán mór, cé nach raibh go fiú fear gnó amhá in in a measc, ná a gcreideamh a chleachtadh agus “an ghlúin a fheacadh arís roimh altóir Dé.”

Bhí sé do‒dhéanta go mbeadh na sagairt mhiseanacha ábalta riar ar an éileamh. Cé go raibh a líon tar éis dul i méid, bhíodar tearc go leor fós. Mar bharr ar sin do dhein géarleanúint ar feadh na gcéadta bliain stuama braiteach iad maidir le lárionaid nua a thosnú, ar eagla go músclóidís drochchlaontuairimí na seanaimsire chun dochair an phobail Chaitilicigh. Ba le teacht daoine cosúil leis an tAthair Portal, Merthyr, an tAthair Millea, Caerdydd, an tAthair Kavanagh, Abertawe agus an tAthair Tobin i measc oibritheoirí an bhóthair iarainn i dTuaisceart na Breataine Bige amháin arbh fhéidir leo tosnú go dáiríre le pobail Chaitiliceacha a aththógáil. I gCaerdydd féin tháinig na Roisminigh le fís agus le dóchas nua.

Tá sé cuí go mbeimís inniu, céad go leith bliain tar éis don Ghorta tosnú, ag cuimhneamh le mórtas agus le húmhlaíocht tromchúiseach ar na fir, ar na mná agus ar na páistí a tháinig anseo go líonmhar. Bhíodar beo bocht, bhíodar ocrach agus caitheadh leo le drochmheas. Nuair a thosnaíomar ar dearmad a dhéanamh díobh, ar rogha a dhéanamh gan cuimhneamh ar na daoine úd a bhfuil an méad sin de fhiacha acu orainn, do thosnaíomar ar cúl a thabhairt ar ár bpréamhacha is ar iomláine ár gcreidimh. An té a dheineann dearmad ar a phréamhacha deineann sé dearmad go luath cé hé féin.

In a bhfulaingt is in a dtrioblóidí thug ná daoine sin leo aitheantas ar Dhia agus fís de Eaglais Chríost. Luath go leor, agus iad ag éirí as a bheith beo bocht i dtosach báire, thosnaíodar ar a gclubanna ‘Hibernian’ is a gcumainn a bhunadh. Thugadar siúd íomhá agus treoir dá bpobail agus bhí dlúth‒cheangail acu lena gcreideamh is le féilte na hEaglaise. Lorgaíodar sagairt le freastal orthu chomh maith le múinteoirí dá leanaí. Nuair a chuir oibritheoirí Éireannacha i bPenybont‒ar‒Ogwr (Bridgend) iachall ar thincéar siúlach sagart a lorg dóibh móide le rabhadh gan teacht ar ais gan é, bhí tuiscint acu faoi Chaitiliceas na hEaglaise nárbh aon dochar dúinn a haimsiú arís. Níor fhan na daoine sin le go ndéanfadh daoine eile rudaí dhóibh agus le go riarfaidís ar a riachtanais anama. Agus ról na dtuataí san Eaglais á phlé againn, ba mhaith cuimhneamh air go bhfuilimid ag cainnt as réaltacht na beatha, as fiontar agus as inchur tuata a tháinig gach uair ó na daoine féin. Bímid ag cainnt uaireanta faoi am nach mbeidh aon sagairt ann. Dá ráineodh go dtiocfadh a leithéid de lá bheadh an Eaglais Chaitiliceach tar éis teacht chun deiridh. Mar is í an tsagartacht fhriothála bunsraith sheirbhíse na hEaglaise mar ba mhian le Críost. Bhí a fhios sin ag ár sinsear gan oideachas trí dhoimhneacht a gcreidimh agus ba de réir an fheasa sin a dheinidís beart.

Iarraim oraibh inniu guí ar son na hEaglaise anseo sa Bhreatain Bheag. Tá stair uasal againn le spreagadh a thabhairt dúinn. Le linn na gcéadta bliain ba dheireannaí, faoi ghéarleanúint is i mbochtanas, dhein na Caitilicigh tréan iarracht leis an Aifreann a choimeád agus le modhanna torthúla a cheapadh leis an creideamh a fhágáil ag a leanaí . Más é an Rí‒Chomhairle ag gearán faoi, le linn do Elizabeth 1 a bheith i gcoróin, go raibh leanaí na bPápairí i Hereford “á múineadh agus á n‒oiliúint ag máistrí scoile dá gcreideamh féin” nó an tAthair Millea i gCaerdydd ag tabhairt fianaise láidre do Choimisinéirí an Rialtais i 1847 faoin ngéarghá le scoileanna i gcóir a thréada, táimid ag éisteacht le traidisiún atá ina chuid dár n‒oidhreacht Chaitiliceach. In ár nglúin féin tá sé ag teip orainn an oidhreacht sin, ábhar na Soiscéal, a dhéanamh ina cuimhne is ina dóchas dár ndaoine óga.

A Chaerdydd Chaitiliceach, a Bhreatain Bheag Chaitiliceach, nochtaigí bhur stair. Agus sibh ag déanamh amhlaidh beidh sibh ag tógáil bhur dtodhchaí. Má thochlaíonn sibh doimhin go leor beidh an todhchaí sin díreach chomh huasal leis an stair a thug bheith dhi. Óir beidh sí ina páirt den tslabhra gan bhriseadh úd de sheirbhís is de ghuí a thagann anuas chugainn ó na hAspail.

: An Fíor‒Oirmhinneach Dónall Ó Maoláin (Daniel Mullins), Easpag Mynyw (Menevia). Rugadh i gCill Fhíonáin, Contae Luimnigh, i 1929 é. Scoláire aitheanta sa Bhreatnais. Chum sé an tseanmóir seo i mBéarla don Aifreann Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir a léigh Ardeaspag Caerdydd in Ardeaglais Dewi Sant, 19 Samhain, 1995.

Aistriúchán: Barry Tobin.

Original English text

Sa Bhreatnais / In Welsh / Yn y Gymraeg

An Briathar Saor Uimh. 4

Abhaile/Home