Agallamh ‘An Briathar Saor’

Eilís Ní Chonaill – Dealbhóir as Doire Cholmcille.

Nuair is mian le lucht bolscaireacha iomhá na cathrach seo i gcruth nua‑aoiseach a chur os cóir an domhain is minic a roghnaíonn siad dealbhóireacht suntasach a chruthaigh Eilís O’Connell i mBá Chaerdydd a úsáid. Éireannach a bhfuil cónaí aici i Londain is ea Eilís. Chuir an Briathar Saor agallamh uirthi le déanaí.

B.S: Is as Doire Cholmcille thú: an gceapann tú gur ealaíontóir Éireannach thú.

E.O’C: ’Sea, ceapaim.

B.S: Cathair dhá thraidisiún le dílseachtaí scoilte is ea Doire – cé’n fáth gur ealaíontóir seachas polaiteoir thú?

E.Ó’C: Cad chuige go mbeinn im pholaiteoir? Ni féidir liom smaoineamh ar dhá ghairm níos éagsúla.

B.S: Cé’n aois a bhí tú nuair a thosaigh ’ealaíon’ a bheith tábhachtach i do shaol ?

E.Ó’C: Nuair a smaoiním siar, níor aithnigh mé gur ealaíon a bhí ann, ba rud suaithinseach a chuaigh i bhfeidm orm, Grianán Aileach, in aice leis an áit inar tógadh suas i dTír Chonail mé, a fheiceáil. Dún ciorcalach is ea é le ceithre múrtha comhlárnacha, daingean go leor agus is cuimhin liom céimeanna fiarthrasna an-deas ar fad ad’ thabhairt síos ar aghaidh go dtí na hurláir éagsúla. is taibhseach an dúil ailtireachta é fiú de réir na gcaighdeán atá againn inniú. Is dócha go raibh mé geall le seacht mbliana d’aois agus is cuimhin liom m’athair á insint liom gur tógadh le hobair láimhe i 2,500 R.C. é - ní raibh máisíní ar bith an uair sin agus tógadh na clocha go léir go dti barr an tsléibhe. Is cuimhin liom freisin go raibh a lán fionnachtána ó’n Chré-Umhaois. Is minic a romhraíodh rudaí aníos ag feirmeoirí agus chaith mé am go leor ag tochailt sa gháirdín, ag iarraidh rudaí a aimsiú.

B.S: Cá háit agus conas ar éirigh tú i dodhealbhóir?

E.Ó’C: Is dócha gur thug mé é sin faoi deara sa Scoil Ealaíona mar d’aimsigh mé go raibh péinteáil ró chomhfhíosach, ró righin, is amhlaidh nach raibh uaim ach rudaí a chruthú, a dhéanamh. Ceapaim, áfach, go dtosaíonn sé níos luaithe ná sin, an dúil le fíor-rudaí a dhéanamh. Is mar leanbh a thosaigh mé í dtosach báire, ceapaim go bhfuil an-ghaol idir bheith ag súgradh is bheith cruthaitheach. Mar leanbh bhí suim níos mó agam rudaí a thógáil, bhí mé de shíor ag déanamh foscadán agus áiteacha beaga a d’fhéadfadh leanaí dul faoi scáth iontu. Bhí adhmad go leor timpeall ár dtí í gcónai mar dheisíodh mo athair sean-bháid agus cinn nua a thógáil corr-uair. Cheapainn i gconaí gur bhain draíocht faoi leith le rud úsáideach a dhéanamh as bunábhar.

B.S. Bhfuil aon tionchair (ealaíonta / culthúrtha) atá go comhfhiosach Éireannach ar dochuid oibre?

E Ó’C: Tá, anois tá na tionchair comhfhiosacha ach thóg sé na blianta dóibh siothlú ón fo-chomhfhios isteach.

B.S. Déanann do dhealbhóireacht i mBá Chaerdydd ealaíontóir poiblí díot ach taispeánann tú i ngailearaithe freisin. An gcreideann tú nach bhfuil baint ag na healaíontóirí, dála na monarchana, leis an bpobal i gcoitinne agus gurb é an stiúideo an áit is fearr dóibh araon?

E.Ó’C: Is ceist ait í sin, cén tairbhe ealaíontóirí a chur í gcomparáid leis an monarchacht? Níl comparáid ar bith, tagann ealaíontóiri as culraí de chuile shórt agus ba chóir go mbeadh baint ag ealaíontoirí leis an saol mar is rud é an ealaín atá buan, a thagann slán as imeacht aimsire (ní hionann is monarchana). Ar an droch-uair baineann ealaín éigin le cos ar bolg agus scriostar í nuair a athraíonn córais go tapa, sa Rúis, mar shampla. Ceapaim go sáraíonn an ealaín bailí an ama. Ceapaim go bhfuil an tseandálaíocht suimiúil ón méad sin eolais is féidir le sochaí na linne a fhoghlaim ó rud a frithtear ó 2,000 nó 3,000 R.C.! Go leor de na rudaí a fritheadh in Éirinn ba chuid de thaisce éigin iad a cuireadh i bhfolach chun iad a chosaint. Ni haon chomhtharlú é gur tugadh aire do na nithe seo nó gur aimsíodh in athuair is gur athbhreithníodh iad. Tá ealaíontóirí bailí mar, i gceann na mílte bliain, tabharfaidh ár gcuid oibre léas ar chonas ar fheidhmnigh ár gcultúr.

B.S. Cad iad na tionscadail phoiblí a bhfúil tú á gcur i bhfeidhm i láthair na huaire?

EÓ’C: Tá me ag obair le Ove Amp ag dearadh droichid rollta luasctha atá le tógáil i mBriostó i mbliana. Chomh maith le sin tá mé ag dearadh structúir i gcóir stáisiúin traenach in aice le Birmingham a úsáidfear mar scáthlán nó feitheamhlann. Sa chás seo táim ag obair i gcomhar le hailtire as Éirinn, Tom de Paor.

B.S. Bhfuil aon samplaí do do chuid oibre in Éirinn?

E.O’C: Tá cúpla ceann. Tá dealbhóireacht taobh amuigh de mhonarcha i mBaile Átha Cliath déanta i 1979. Tá ceann taobh amuigh de ospuidéal i mBéal Feirste agus tá ceann a bhí ina dhealbhóireacht de mo chuidse tráth i gCionn tSáile. Cuireadh dearadh nua air ag ailtire agus ba chrua a luigh an gnó sin orm. Ta píosa eile agam ag an Lár-Oifig Staitisticí i gCorcaigh.

B.S: Cén áit is féidir do chuid oibre a fheiceáil sa Bhreatain?

E.Ó’C: I gCaerdydd, i Milton Keynes (Exchange Square), agus i Londain (Fleet Place). Chomh maith, tá dealbhóireacht mhór san Hathill Sculpture Foundation, Goodwood, Sussex, is tá ceann i ngáirdín príobháideach, Chishing Manor, Wiltshire.

B.S: Bhfuil aon phleannanna agat filleadh ar Éirinn ?

EÓ’C: Tá. Ba mhaith liom teach, stiúdeo, a thógáil ann ach níl aon phleananna dáiríre agam go fóill.

B.S.: Go raibh mí maith agat!

******************

An Briathar Saor Uimh. 3

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg

Leathanach Baile