An tSochaí Éimineach I gCaerdydd.

‘Sna blianta úd díreach roimh an nGorta Mór i nÉirinn is ea a thosnuigh forbairt agus fás na nduganna i gCaerdydd le freastail ar tháirgeadh an iarainn, na cruadhe agus an ghiail i Merthyr agus na gleanntaí máguaird. An ‘Bute Dock’, ar ghlac go leor Éireannach páirt ina thógáil, osclaíodh sa bhliain 1839 é agus thosnuigh stair agus finscéal ‘Tiger Bay’.

I dtrátha na tréimhse úd, bhí smacht agus tionchar Shasana ag leathnú sa Mheán Oirthear fad is a bhí cumhacht na Fraince ag dul i ndísl. Ar na críocha ar ghabh na Sasanaigh seilbh orthu bhí Aden, calafort ag béal na Mara Deirge, is príomhchathair na hÉimine inniu.

Thosnuigh na mairnéalaigh Éimineacha ag obair ar longa na mangairí Sasanacha. Thagadh na longa seo go dtí Caerdydd, áit ar lonnuigh roinnt des na mairnéalaigh gur bhunaíodar an tsochaí Éimineach, sochaí a ghlac páirt ó shin i stair agus béaloideas na nduganna i gCaerdydd.

Ag caint leis an Uasal Razaz Mohamed, eagarthóir an nuachtán Eimeanach ‘SHEBA’ do bhraith mé cé chomh dlúth is cé chomh brodúil is ea an tsochaí bheag bhocht seo. Mar shampla do mhínigh sé dom gurb é i gCaerdydd féin a tógadh an chéad mhosc a thógadh riamh taobh amuigh de thír Mhoslamach. Is mó na scéalta a instear fós faoi an mosc céanna, mar shampla:
‘Lá da raibh na fíréin istigh ann agus iad ag guí go dúthráchtach do thosnoigh aer-ruathar (is dócha go raibh sé geall le 1941 ). Lean an ‘Imam’ agus a mhuintir ar aghaidh ag guí chuig Allah. Ansin do réab buama an díon isteach gur th go doimhin san urlár in áit nach raibh éinne á shíneadh féin i dtreo Mhecca. Níor phléasc an gléas marfach áfach. Ba mhór agus ba ard agus ba bhuíoch na moltaí a fuar állah an lá úd , ni nach íonadh mar níor maraíodh is níor gortaíodh éinne.

Chomh maith leis an mosc úd mhínigh an tUasal Mohamed liom gur foilsíodh an chéad nuachtán san áraibis taobh amuigh de chríocha na teanga sin i gCaerdydd ag na Eiminigh. Bhí an páipéir seo á léamh ag lucht na hAraibise sna duganna i rith na ndaicheadai is na gcaogadaí ach níl tásc ná tuairisc air anois agus cé gur cheistigh se na sean fhundúirí go léir níor éirigh leis fiú cóip amháin den ‘Al-Sharq Al-Gadeed’ a aimsiú.

Sin cuid eile de stair na cathrach seo a ligeadh le sruth....

Chuir mé an-shuim i ‘Sheba’ féin, an nuachtán Éimeanach a chuireann an tUasal Razaz Mohamed le chéile go díograsach ina thigh beag i gCearnóg Loudon ‘sna duganna. Chuir sé amach ar dtúis i mí na Bealtaine 1993 é. Ba é a sprioc ná eolas faoi fhostaíocht, oideachas, thraenáil, thithiocht, ceartanna agus mar sin de a chur ar fáil i mBéarla is in Araibis. Mhínigh sé go bhfuil na hEiminigh faoi ioliomad míbhuntáistí fiú tar éis níos mó ná 150 bliain anseo, agus tá géarghá le heolas na slí orthu. Tá daoine ag pósadh ‘taobh amuigh’ (tá sé féin posta le cailín Breathnach) agus tá creideamh, cultúr agus teanga i mbaol. Chomh maith leis an nuachtán, eagraíonn sé scoil dheireadh seachtaine i mbunscoil áitiúil le teanga stair, nósanna srl. a mhúineadh dos na leanaí. Tá ‘Ionad Comhairle’ bunaithe aige chomh maith i gcomhair le treoirithe eile ón tsochaí ach tá géarghá le hairgead.

Is féidir le hÉireannaigh na fadhbanna seo go léir a thuiscint - is fada an streachailt a rinne ár muintir i nÉirinn féin agus abhus le caighdeán réasúnta maireachtála a bhaint amach is lenár gceol is lenár gcluichí a chaomhnú is a chur chun cinn. Ach is féidir nár rinneamar cionn fir/mná leis ár dteanga a choimeád. I leathanaigh ‘Sheba’ tá Béarla le léamh ach tá an Araibís ann chomh maith, ní hamháin le fios feasa a thabhairt don mhuintir ach le filíocht a chum baill den tsochaí Eimineach i nduganna Chaerdydd a chur i gcló i dteanga a sinsir.

Mar focal scor ba mhaith liom a thabhAirt le fios go ndeir an tUasal Razaz Mohamed ar leathanach a haon dá nuachtán beag calma “ ‘SHEBA’ is a weekly newspaper published monthly (temporarily)”.

Mo ghraidhn é, an duine croí istigh!

Barry Tobin a scríobh.

******************

Nóta.
Cúpla bliain tar éis dúinn an t-alt seo a fhoilsiú d'fhág Razaz Mohamed an tír seo faoi mhíchlú tar é dó a iníon a fhuadach go dtí an Éimin chun í a thabhairt mar chéile do fhear éigin i gcoinne a tola.
Ní trácht ná tuairisc air ó shin.

******************

An Briathar Saor Uimh. 3

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile / Hafan / Home