Éireannach ag an Eisteddfod

Is duine mé den fhíor bheagán de mhuintir na hÉireann a d’fhreastail riamh ar Eisteddfod na Breataine Bige. I mí Lúnasa seo caite bhí sé breis is fiche bliain ó bhí mé ann nuair do thóg mé mo scútar Heinkel ar bord an ‘ Sea Lynx (’An Cat Mara’)‘ i nDún Laoghaire. Tar éis turas tapaidh, uair go leith, bhíos i gCaergybi (Holyhead) agus ar aghaidh liom ó dheas trí Chaernarfon, Portmadoc, Dolgellau go dtí Llanfair ym Muallt (Builth Wells), suíomh an Eisteddfod, 1993.Turas níba fhaide ná mar a bhíos ag súil leis a bhí ann, agus bhí sé déanach sa trathnóna nuair shroich mé an láthair. Dúradh liom gur seans go gcaithfeadh mé dul fiche míle lasmuigh le haghaidh lóistín. Ach bhí an t-adh liom. Do chuir léiritheoir de chuid an B.B.C. a lóistín ar cheal agus bhí leaba agam i dteach feirme trí mhíle ón suíomh. Chuaigh mo Heinkel suas síos fánacha árda agus chasas le mo bhean tí, Mrs. Davies, agus cuid de na daoine a bhí ag fanacht leí, maoir, moltóirí agus lucht freastail.

Bhí coirmcheoil mhór na seachtaine ar siúl an oíche sin agus shocraíos dul ann. ‘Nabucco’ le Verdi a bhí i gceist agus fuair mé an ticéad deireanach! Bhain mé agus an trí mhíle eile sa slua an-taitneamh as an gceol agus na focail, a bhí ar fad sa Bhreatnais, maraon le ceolfhoireann an B.B.C. agus cór dhá chéad. Dúirt fear taobh liom: “Ar thug tú an dá bhotún fé ndeara?”. Ar ndoigh níor thug. Ansin dúirt sé liom go raibh sé sa chór a chan Nabucco san Eisteddfod i 1978.

Ar ais liom go dtí an teach feirme ag éisteach le cur síos ar imeachtaí an lae, ardú caighdeáin, titim tinrimh, cuimhní seana chairde srl. Duine amháin, cúig theanga ar a thoil aige, nior chaill sé an Eisteddfod le tríocha bliain. Bhí fear eile ag déanamh maorsachta leis na cianta agus bhí sé in ann cur síos beacht a thabhairt dúinn ar aon bhliain ar mhian linn a roghnú. Rud lárnach i saol na ndaoine seo an Eisteddfod. Beagáinín neamhgnách í 1993 go raibh an Eísteddfod suite i bpáirceanna Chumann Talmhaíochta Ríoga na Breataine Bige i mBuilth Wells. Bhraitheas nac0h raibh gach rud chomh dlúth le chéile mar a bhíonn sé nuair a roghnaítear páirc mhór ar leith leis ‘Y Pafiliwn ‘ i lár baill. Dúradh liom freisin nach raibh an tinreamh chomh maith le blianta eile toisc nach bhfuil Breatnais ach ag cúig faoin gcéad de dhaonra Builth Wells. Ach caithfidh mé a rá nach bhfuil aon fhéile, An tOireachtas nó eile, chomh mór, chomh fairsing, chomh huileghabhálach in Éirinn leis an Eisteddfod.

Chaith mé an chuid eile de na laetheanta ag siúl ó sheastán go seastán, ó thaispeántas go taispeántas a bhí ag tabhairt léargas ar chúrsaí leictreachais, telefóin, gáis, sláinte, slándála na Breataine Bige. Mar is gnách bhí roinnt stiúideonna teilifíse ann ó na stáisiúin éagsúla. Timpeall gach coirnéal bhí criú ceamara ag obair ag cur agallamh ar dhaoine nó ag scannánú píosa aisteoireachta. Nuair do tháinig aire stáit de chuid Rialtais Westminster bhí na ceamaraí ar an láthair nuair do chuir baill de ’Cymdeithas Yr Iaith Gymraeg’ (Cumann na Breatnaise ) isteach air chun é do náiriú maidir le polaisithe an rialtais.

Thug mé cuairt ar sheastán ‘An Chonradh Ceilteach’, áit ina raibh Gaeilge le cloisteáil an t-am ar fad. Bhí seastán ann ó Alba le leabhair agus suaitheantaisí as Gaidhlig ar díol. Bhí an iliomad grúpaí, idir chreideamh, theanga, dhéantúsaíocht agus spóirt ag craobhscaoileadh a gcáilíochtaí don 30,000 duine a tháinig isteach gach lá. Bhí tionól laethúil do scríbhneóirí na Breatnaise, a léiríonn cé chomh sláintiúl is atá foilsitheoireacht sa teanga. Bhí na comórtaisí ceoil, amhránaíochta agus go háirithe na córacha fós ar siúl nuair d’fhágas slán le buaic phointe bhliantúil chultúr na Breatnaise.

©: Pádraig Ó Fearaíl, Brí Chualann, Contae Chill Mhantáin, Éire.

Ar ais go dtí / Back to / Yn ôl i:

An Briathar Saor Uimh. 1

Leathanach Baile / Hafan / Home Page