Eisimirce sa Treo Contrártha



Is mó Éireannach na tuaithe a d'imigh mar dheoraí go dtí cathracha na Breataine ach ní mór an slua a d`fhág na cathracha úd le lonnú i mbaile beag in Éirinn.

Bhí cúiseanna pearsanta agam. Thit mo phósadh as a chéile geall le sé bliana ó shin is ina dhiaidh sin bhí gaol agam le fear as Ráth Luirc is bhí mé ag iompar clainne. Go luath sar a rugadh an leanbh thánamar go Ráth Luirc. Ní raibh rath ar mo ghaol leis an athair, áfach, agus do scaramar ón a chéile an bhliain dar gcionn. Ó shin i leith bhíos ag tógáil an linbh, Róisín, liom féin. Tá sí cúig bliana d`aois anois agus do thosnaigh sí ar scoil anuraidh.

Cheapfadh a lán go mbéadh doicheall in Éirinn chúigíoch roimh bhean dhealaithe a rug leanbh gan bheith pósta ach ba í mo thaithí i gcónaí go raibh an chuid is mó de mhuintir na tuaithe i bhfad níos ceadaithí agus leathan-aigeanta faoi na cúrsaí sin ná mar a thabharfadh an ghnáth-bharúil sa Bhreatain nó i mBaile Átha Cliath 4 le fios.Tugann daoine faoi deara nach bhfuil ionat ach ball den chine daonna tar eis an scéil. Chomh maith le sin bím ag saothrú go dian leis an leanbh a thógáil ar an ngannchuid airgid agus bíonn meas ag daoine ar a leithéid. Chonacthas dóibh go raibh sé cruaigh orm nuair a bhris an gaol idir mé agus a hathair agus do thuigeadar dom.

Nuair a tháinig mé chuig Ráth Luirc don chéad uair le daid Róisín (1989) bhí an-chuid eisimirce ar siúl agus bhí lagmhisneach ar a lán faoi sin agus ba thógáil chroí dóibh sinn a fheiscint ag casadh na taoide i slí bheag. Chomh maith le sin cheapadar go raibh misneach againn ag aistriú go tír mar a raibh an saol níos deacra.

I gcontrárthacht le taithí a lán Éireannaigh sa Bhreatain is beag an chlaontuairim is imreas ar bhonn náisiúntachta atá anseo. Ar an ábhar gur inimirceach neamhghnách mise bíonn níos mó fiosrachta faoi cad chuige go bhfuilim im chónaí anseo ná mar a bhéadh i gcás mo mhacasamhla thar tuinn thall. Mar sin féin , bíonn daoine discréideach don chuid is mó agus cuireann siad ceisteanna go cáiréiseach.

`Sé mo thuairim go bhfuil baile beag in Éirinn níos fearr le leanaí a thógáil suas ná cathair mhór sa Bhreatain. Braitheann tú níos sábháilte agus bíonn níos mó slí ; leis an fhírínne a rá casadh a lán deoraithe seasmhacha ormsa thall a raibh cathú orthu nár thógadar a leanaí in Éirinn. Mar bharr ar sin agus ag caint go coitianta bíonn níos mó ama ag na hÉireannaigh dos na leanaí.

I slite áirithe bhí sé níos éasca domsa lonnú anseo ná í gcás a lán Sasanaigh mar bhí grá agam cheana d`Éirinn, bhínn ar mo laethanta saoire anseo gach bliain, agus bhí an-cheangal agam le hÉireannaigh thall. Tá grá chomh mór d`Éirinn agam is a bhí riamh, b`fhéidir níos mó, ach i slí dhifriúil níos doimhne.

Is follas go bhfuil cónaí anseo an-éagsúil i gcomparáid le bheith anseo ar laethanta saoire - ní féidir bheith ag súil le fáilte na turasóireachta an t-am go léir agus nuair a bhíonn tú fite fuaite sa ghnáth shaol laethúil feiceann tú é ‘faithní is uile’. Níl na hÉireannaigh níos fearr ná níos measa ná éinne eile ach tá tréithe fé leith acu nuair a bhíonn siad faoi bhláth a thaithníonn ach go háirithe liomsa mar dhuine agus a chuireann áthas orm bheith im` chónaí anseo.

Na hÉireannaigh i siopaí, busanna agus mar sin de, bíonn am acu don chuid is mó - fiú ins na cathracha - comhrá a dhéanamh leat agus déanann sé seo an saol laethúil i bhfad níos taitneamhaí.

Ar ndóigh, castar daoine ort atá féinionraic, gaimbíní, an sórt a chrochfadh is a léasfeadh, ach tá a lán Éireannaigh a bhfuil claonadh acu bheith daonna, trócaireach, truachroíoch agus glacfaidh siad trua don té atá i dtrioblóid - fiú nuair is údair a mí-áidh féin iad. Agus cé nach sochaí neamhaicmeach atá in Éirinn agus cé gur féidir leat claontaí i gcoinne na d`taistealaithe mar shampla a fheiscint, tá go leor Éireannaigh a bhfuil meas taithneamhach acu maidir le dínit phríomha an duine, saibhir nó daibhir, fostaithe nó dífhostaithe.

Chuireadh sé íontas ar roinnt daoine, ach feictear domsa go bhfuil an dearcadh coitianta (Éireannach de ghnáth !) - go mbíonn na hÉireannaigh éadmhar agus tnúthach - áibhéalach go leor. Bíonn roinnt éigin mar sin, ar ndóigh, ach tógadh suas i measc daoine ón Fhrainc agus ón Bhreatain mé agus chonaic mé éad go minic - déarfainn go dtarlaíonn sé i ngach áit. Sé an difríocht cheapfainn ná go gcónaíonn na hÉireannaigh i sochaithe beaga - níos lú ná i dtíortha eile - mar a mbíonn aithne ar na comharsana agus eolas futhu ag cách , mar sin bíonn níos mó seans go mbéadh tnúthaigh ann.

Rud amháin a bhraithim uaim anseo is ea éagsúlacht na nÉireannach thar tuinn thall mar a gcastaí deoraithe as gach áit in Éirinn orm (níl aon dímheas ar mhuintir Chorcaí Thuaidh, Luimní Theas á nochtadh agam!) Bíonn sosanna againn anois in áiteanna eile i nÉirinn, agus braithim go mbíonn dearcadh fíneálta difriúil i mo leith is mé im chónaí anseo thar mar a bhíodh nuair a thagainn anseo i mó thurasóir !

: Judy Peddle

Leagan Gaeilge: ‘Comhluadar Chaerdydd’



An Briathar Saor Uimh. 1

Leathanach Baile / Hafan / Home Page