Oíche Fhliuch i Londain Shasana

Gondola na gcarr
Ag gluaiseacht go grásúil
Ar uisce na sráide.

Maidí rámha solais
Caor-dhearg agus buí-ór
Ag foluain
Ag síneadh go glé
I ngach pholl fearthainne
Sin Harringey.

Bóthar barrfhliuch buí‑bhallach
Sgáthán ar uairí do ghealach
An tsolais tráchta.

Canál ar uairí ag lasadh
Gondolieri ag casadh
Comharthaí rabhaidh amuigh
Is achan a seachain a chéile.

Mise ag fuinneog istigh
Mise gan chúram ar bith
Go sásta
Agus Harringey faoi bháisteach.

©: Máire Ní Chuinn, Londain.

An Briathar Saor Uimh. 4

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’ r Wyddeleg.

Bhaile / Home.