Ag Foghlaim Staire

Mar a Bhain an Gorta Mór Geit as Breatnaiseoir. . .

Ní bhfuair mé riamh an deis stair na hÉireann a fhoghlaim ar scoil - bhí orm na fíricí a fháil amach dom féin. Ach ar na rudai a bhfuair mé tagairt tobann dóibh ag foghlaim stair na Breataine dom bhí an ‘Irish Potato Famine’. I 1846 bhí barr na bprátaí i ndiaidh a bheith scriosta in Éirinn is do bhí gorta dá dheasca. Chuaigh roinnt mhaith blianta thart roimh dom a thabhairt faoi deara cé chomh seachránach is a bhí an smaoineamh sin. Ach mar sin féin sin é an smaoineamh atá ag an gcuid is mó acu siúd a chuaigh tríd an gcóras oideachais sa Bhreatain. Mí‑ádh ab ea an phlá is do bhí sé mí‑ámharach go deo go raibh na hÉireannaigh chomh tugtha san do bheith ag ithe na bprátaí céanna. Scigphictiúir chiníocha den sórt sin is cúis do stair a bheith gan bhrí gan éifeacht dúinn.

Ní raibh na hÉireannaigh níos tugtha do prátaí a ithe ná cine ar bith eile -tharla go mba iad siúd an bia a bhí ar fáil dóibh. Díreach mar ar tháinig torthaí tragóideacha de dheasca spleáchais iomláin na mBreatnach don ghual, tháinig gorta uafásach de dheasca spleáchais iomláin mhuintir na hÉireann dos na prátaí. I gcás leatroim ar bith ní foláir nó go gcuireann sé teorainn le saoirse na ndaoine úd atá faoi chois. I dtír shaor, d’fhéadfaí tragóid a sheachaint trí béim a chur ar thorthaí eile talún, is dá mhéid é scála an ghorta, d’fhéadfadh clár ciallmhar pleanála na mílte a shábháil. Le fíor thragóid an ghorta a thuiscint ní mór dúinn a thabhairt faoi deara a laghad is a bhí riar a dtíre féin ag muintir na hÉireann. Ba le tiarnaí talún a raibh cónaí orthu i bfad ó Éirinn an talamh, a bhí faoi stiúr ag máistrí sealadacha. Nuáir a theip an barr prátaí ba bheag má bha chás leis na tiarnaí talún é. Is ar éigin má bhí sé ráite leis na hÉireannaigh iad a bheith níos fearr fiú ná na hainmhithe.

Lena chois go bhfuair a lán daoine bás de thoradh díreach an ghorta, tharla buairt ar scála forleathan i measc mhuintir na tíre. Nuair a theip ar na tionóintí an cíos a ghlanadh tháinig na saighdiúirí chun iad a thiomáint as a gcónaithe. Le linn na gcúig bliana i ndiaidh 1845 briseadh 80 míle de theaghlaigh as a gcónaithe. Murar ghlacadar le bheith scartha ón a chéile i dTeach na mBocht ní raibh an dara rogha acu ach maireachtáil go fiáin i bpluaiseanna agus ar feadh na mbóithre. D’éirigh an scéal chomh dona sin go raibh sé níos saoire pasáiste saor in aisce thar farraige anonn go Meiriceá a thabhairt dóibh ná fóirithint orthu in Éirinn féin. Sín an chuid den scéal is mó a ghoilleann ormsa. Cuireadh iallach ar dhaoine nach raibh riamh i mbád tabhairt faoin turas contúirteach ó Éirinn go Meiriceá. Fuair na mílte bás sa tslí. Ní fheadar an raibh an t-ádh ag na cinn a thainig slán as. Tar éis dóibh teacht i dtír i gCeanada is i Meiriceá ní raibh faic ann dóibh, faic ach sclábhaíocht chruaidh.

Do shrois cuid acu an Bhreatain Bheag agus is eol dúinn conas mar a bhíomar claonta in aghaidh na nÉireannach, anseo in ár dtír féin. Ba mhór an náire dhúinn é. Bhí coinníolacha maireachtála na nÉireannach ionnarbthach i gCaerdydd go huafásach. Ba é sin scéal na nÉireannach is cuma cár imíodar.

Conas mar ba chóir dúinn a fhreagairt don stair sin céad go leith blianta níos déanaí? Simplí go leor. Is féidir linn teagasc a thabhairt dúinn féin le fíor-fhíricí an scéil i 1845 a thabhairt faoi deara. Ceacht simplí go leor is ea é: cé chomh huafásach agus is féidir do fhulaingt daoine a bheith nuair nach bhfuil an chaoi acu lena dtír féin a riar chomh maith lena gcuid oibre is a gcuid tairgí. Ná bímís, go rómánsúil-bhrónach, ag cumadh pictiúir éigin des na hÉireannaigh ainniseacha sin ag fáil bháis den ocras nó ag fágáil slán ag a dteaghlaigh ar ché. B’fhearr dúinn ómós a thabhairt dá misneach thar na bearta le linn na mblianta úd. Cuirimís aon rud amháin simplí i gcuimhne dúinn féin — de dheasca an Ghorta fuair miliún daoine is leanaí bás, sé sin, duine as gach ochtar de líon daoine na hÉireann ag an am. De dheasca an pholasaí eisimirce, d’fhág milliún eile Éire le lonnú i dtír nua. D’imigh ceathrú de mhuintir na hÉireann as radharc taobh istigh de chúig bhliain. Leatrom ba chúis le sin, leatrom ba shiocair le fulaingt nár chóir dúinn ligint as ár gcuimhne go deo. Ní mór an t-imeacht aimsire é céad go leith bliain.

©: Angharad Tomos, úrscéalaí is ball sinsearach Chumann na Teanga Breatnaise — Cymdeithas yr Iaith Gymraeg.

Aistriúchán ón Bhreatnais: Comhluadar Caerdydd.

Cymraeg

An Briathar Saor Uimh. 4

Abhaile/Home