Forlíonadh:

Nuacht ó Fho‑Choiste na Gaeilge den B.A.I.S.

RÉAMHRÁ:

D’fhoilsigh "Comhluadar Caerdydd" iris den scoth as Gaeilge sa Samhradh seo caite. "An Briathar Saor" a tugtar uirthi agus tá comhgairdeas tuillte ag an bhfoireann dhíograiseach as ucht na hoibre íontach atá déanta acu. Os rud é nach fiú an nuacht chéanna a scaipeadh faoi dhó, tá socraithe againn "cur le chéile" as seo amach.

SÚIL SIAR:

Bhí an bhliain atá thart gnóthach agus fiúntach do lucht labhartha na Gaeilge sa Bhreatain. Bhí méadú ar an uimhir ranganna, ar an uimhir a’ cur isteach ar scrúdaithe, ar an uimhir a d’fhreastal ar chúrsaí agus ar chruinnithe ar fud na tíre. Fuaireamar an‑tacaíocht ó’n Ambasadóir (Seosamh Small) agus ó’n Rúnaí ,Breandán Ó Caollaí atá ar ais in Éirinn anois. Is mór an tma dúinn sin agus aireoimid uainn é, fear óg fuinniúil a thug misneach is spreagadh do Ghaeilgeoirí na Breataine fhad is a bhí sé i Londain. Go n‑éirí leis ina phost nua ! Táimid faoi chomaoin ag Liam Ó Cuinneagáin agus a fhoireann ag "Oideas Gael", ag Bord na Gaeilge, ag "Lingua" agus ag na sluaite móra a fhreastalann ar na comhdhálacha éagsúla ó cheann na tíre agus buíoch de gach duine a scríobh, a ghlaoigh agus a labhair linn i rith na bliana.

IMEACHTAÍ:

Bhí comhdháil mhór bhliantúil i Leicester i mí Aibreáin, áit ar chuir Liam Ó Cuinneagáin ceardlann thar cionn ar siúl do mhúinteoirí. Tháinig Pól Cummins ó Telegael sa Spidéal anall le clár nua, "Muzzy", atá déanta acu a léiriú.

Fuaireamar deontas ó "Lingua" a thug deis do dharéag múinteoir freastal ar dhianchúrsa "Oideas Gael" i mí Lúnasa. Chuaigh seisear eile go Gaoth Dobhair ar chúrsa Ghael Linn, dá thoradh sin tháinig feabhas ar a modhanna múinte agus ar a líofacht sa teanga.

Tionóladh "Scoil Shamhraidh Chúlra" i Halla Chrosby, Learpholl i mí lúil. "Ar dTeanga Féin" an teideal a bhí acu agus tháinig Nóirín Ní Chléirigh agus a comhghleacaithe as Béa Feirse le ceardlaima a chur i láthair don lucht freastail.

1 mí Dheireadh Fómhair tionóladh comhdháil i gCoventry, "Teanga agus Cultúr", áit ar chruinnigh thart ar sheachtó le chéile a’ caint is a’ ceol (tuairisc in Uimhir 2 den ‘Briathar Saor’).

SÚIL AR AGHAIDH:

Beidh cúrsaí Samhraidh ar siúl ’sna Gaeltachtaí arís i mbliana mar is gnáth; is mór is fiú dul chucu, ní amháin le snas a chur ar an teanga ach le sult a bhaint as gcultúr agus as an dtimpeallacht. Seo í bliain mhór chuimhneacháin an "Ghorta Mhóir" dá bhrí sin tá imeachtaí á reachtáil i mbeagnach gach cúinne den tír.

Tá súil againn deireadh seachtaine eile a eagrú i gCoventry ar an 14/15ú Deireadh Fómhair i mbliana nuair a thiocfas léachtóirí as Eirinn arís, Declan Kiberd duine acu. Cuirfear an clár ar fad le chéile go gairid.

Cúis misnigh do Ghaeilgeoirí go dtionscnófar seirbhís Theilifís na Gaeilge an bhliain seo chugainn chun daoine a mhealladh chuig a dteanga dhúchais. Táimid go léir a’tnúth go mór le seo ach mar a deirtear, "Más maith is mithid". Guímid gach rath ar an obair agus orthu goléir atá páirteach sa "Ghaeloiliúint" agus sa "Ghaellabhairt" cibé sa Bhreatain nó ’sna Stáit Aontaithe nó in aon cheam eile den domhain‑ " Labhair í agus mairfidh sí".

CÚRSA LINGUA I nGLEANNCHOLMCILLE:

Tháinig daréag múinteoir as gach ceam den Bhreatain le chéile ar feadh coicíse i mute;&iac Lúnasa i nGleann Cholmcille chun freastal a dhéanamh ar chúrsa Oideas Gael ‑ buíochas le deontas 6 Lingua (an tionscadal idimáisiúinta teangeolaíochta) don dara bhliain. Mar is eol do chách, nil sárú chúrsaí "Oideas Gael" le fáil agus ni gá a rá gur bhain gach duine i láthair sult agus tairbhe as an gcúirsa speisialta seo atá cagraithe ag Liam Ó Cuinneagáin is a chomhghleacaí Seosamh Watson.

"TEANGA AGUS CULTÚR" a bhí i gceist an chéad sheachtain nuair a bhi Seosamh Watson i mbun ranganna ar maidin. Bhi rogha ceardlaim ar siúil san iamóin ‑ dramaíocht, filíocht, béaloideas, sean nós agus eile.Tháinig aoi b– shaineolaithe isteach len a gceirdeanna a léiriú.Ina measc bhi Cathal Ó Searcaigh, Séamus Mac Annaidh, Lillis Ó Laoire chomh maith le daoine cáiliúila eile.

Dianchúirsa Oiliúna do mhúinteoiri a bhí ar siúl an dara seachtain agus b’é Éamonn Ó Dónaill a bhi i gceannas. Fear óg fuinmúl a bhfuil sean ‑ taithí aige ar na modhanna nua aimseartha is ea Éamonn. Chuir sé an bhéim ar an gcur chun cinn cumarsaideach le beamaí eolais a líonadh a’ baint úsáide as ábhair dhílse. Bhi amchlár gnóthach ullamh ag Éamonn agus aghaidh tugtha aige ar gach gn6, den mhúinteoireacht ag gach leibhéal.

Phléigh sé le conas ceachtanna a phleanáil, cluichí teanga, obair bheirte, obair ghrúpa, léamh, scriobh,éisteacht, labhairt agus gramadach. Ina theannta sin tugadh deis do gach duine i láthair mion ‑ cheacht a mhúineadh agus a dtuairimí a nochtadh. Tar éis coicíse líon lán den Ghaeilge, gan focal Béaria a labhairt, bhi snas agus líofacht ar Ghaeilge an tslua. Ba mh6r an cumha a bhí orthu slán a fhágáil ag Foras Cultúir Uladh sa cheantar álainn sin i dTír Chonaill. Ach ní obair ar fad a bhi i gceist ar ndóigh ‑ mar is gnath bhí ceol is craic ó oiche go maidin sna tithe tábhaime, rince, sciteanna, céilithe , gan trácht ar thogha na comrádaíochta. Is fada leo an chéad chuairt eile ar an áit!

CÚRSA GHAEL LINN I NGAOTH DOBHAIR:

D’ fhreastal sé dhuine dhéag as an mBreatain agus as Tuaisceart na hÉireann ar dhianchúrsa múinteoireachta i nGaoth Dobhair i mi lúil 1994. Daoine ata ag teagasc Gaeilge páirtaimseartha iad go léir agus glanadh an costas le deontas ó Lingua.

Gael linn a chuir an cúrsa in eagar faoi stiúir Aine Ó Corráin. D’fháiltigh sí roimh an lucht freastail in Óstán Radharc an Earagáil, Na Doire Beaga, ar an Aoine. Lean an cúrsa ar aghaidh i bPobal Scoil Ghaoth Dobhair ar feadh coicíse.

Chuir Raidió na Gaeltachta agallamh ar siúl áit a raibh seans ag na dáltai a mbarúlacha a thabhairt faoi’n gceantar agus faoi’n dtimpeallacht. Bhí orthu tabhairt faoi thionscadail éagsúla agus bhain siad an‑ tairbhe as bualadh le muintir na háite, ag éisteacht le saibhreas ceoil agus béaloidis na ndaoine.

Is cinnte gur fhill siad ar ais nios líofa sa teanga agus nios oilte i módhanna múinte ná mar a d’imigh siad. Nil aon dabht ná go bhfuil an ‑ ghá len a leithéid de chúirsaí agus tá buíochas á ghabháil le foireann Ghael Linn agus leis na daoine ar fad atá gnóthach i mbun na hoibre seo.

Tuairisc le Proinsias ó Mulreannáin, Birmingham.

Tá muid buíoch do Cháit Thompson as an deis a thabhairt dúinn an nuachtlitir suimiúil seo ó B.A.I.S. a fhoilsiú.

******************

An Briathar Saor Uimh. 3

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg

Leathanach Baile