An Ghaeilge agus an Bhreatnais.

Is ábhar an-speisiúil an aigne Cheilteach a aththógáil inár samhlaíocht agus cur síos beacht a dhéanamh uirthi trí mheán na foclóireachta Gaeilge-Breatnais. Tá suim forleathan lenár linn féin i sibhialtacht na gCeilteach agus ina gcuid chráifeachta. Ní gá ach oibreacha Peter Beresford-Ellis a lua chun a chur in iúl go bhfuil na Ceiltigh i mbéal an phobaill. Léitear freisin sean oibreacha Henri Hubert, MacCulloch, Rolleston agus a lán údair eile a thráchtann faoi shaol ár sinsir.

Má dhéanaimid comparáid idir bhríonna na bhfocal comhfreagrach sa dá theanga léirítear fás agus forbairt an dá chine a lean bóithre éagsula le dhá mhíle bliain anuas. Ní fhéidir a shéanadh, mar sin féin, go raibh caidreamh agus cómhalairt- fiú dlúthbhaint- eatarthu go minic. Branar taighde nár saothraíodh is ea “ethnopsychology” agus “semasiology” na gCeilteach. Taispeántar a meon ina dteangacha.”Language”, dúirt Ralph Waldo Emerson,”is fossilised poetry”.

‘Sea go deimhin, tá filíocht saibhir ins na teangacha Ceilteacha. Maidir le comparáid a dhéanamh idir an dá theanga ní bhíonn uaireanta ach ceangal eolaíoch idir dhá fhocal chosúla ach tá brí agus úsáid agus luach le fáil i gcúrsaí “popular etymology”. Seo liosta samplach de fhocail arb fhéidir cur leis go h-éasca ach na foclóirí cuí a bheith agat.

Is léir ó na samplaí thuasluaite go bhfuil préamhacha doimhne i gcoitinne ag an dá theanga béal dorais, an Ghaeilge agus an Bhreatnais.

Scríofa ag John Evans.

******************

An Briathar Saor Uimh. 3

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile