An Ghaeilge Fadó, Fadó...


Baile mór taitneamhach é Dunblane, suite i lár na hAlban, agus an áit ina bhfuilim i mo chónaí. Go beacht, is cathair é (mar gheall ar a ardeaglais), gidh nach bhfuil ach miondaonra aige, 7000 duine. Ba naomh Gaelach é Blane, a bhunaigh a chéad eaglais anseo sa séú haois, ar dhún a bhí i seilbh ag na Cruithneach logánta (ní féidir misinéir Gaelach díograiseach a stopadh, is cosúil, agus é tiomanta séipéil a thógáil!). As Ghàidhlig , is é ainm na háite ‘Dún Blatháin’ ach mo léan, níl Gàidhlig ar bith le cluinstin anseo an lá atá inniu ann. Fuair cainteoir deireanach na Pheairt bás sna fichidí, deirtear. Ach tá macalla Gàidhlig le mothú go fóill i measc ainmneacha sráide sa chathair. Tugtar ‘Ardchattan’ ar mo theach féin, mar shampla (naomh eile ba ea Cattan) agus tá ‘Tigh na Ghrein’ ar cheann mo chomharsan.

I measc comharbaí Bhlatháin i rith na gcéadta fada bhí a lán easpag suntasach, an tEaspag Roibeard Leighton ach go háirithe. Mhair seisean sa seachtú haois déag. Mar ba ghnách an t-am sin, ba scoláire é: den scoth, mar a tharla, agus bhí an-dúil aige sa léitheoireacht a spreagadh i measc na coitiantachta. De réir a chéile, bhailigh sé ollchonlán leabhar; leabhair reiligiúnacha don chuid is mó; agus nuair a fuair sé bás i 1684, d’fhág sé a chonlán le huacht ag an bpobal. Dá bhrí sin, d’éirigh an ‘Leighton Library’ ina chéad leabharlann phoiblí in Albain uile. D’éirigh léi go dtí 1840 nuair a bunaíodh leabharlanna poiblí faoi choimirce na n-údarás áitiúil agus chuaigh sí i léig. I ndeireadh báire, druideadh an leabharlann agus de réir a chéile rinne bunadh na háite dearmad den sheanfhoirgneamh agus dá raibh ann...

Dochreidte, d’fhan an áit druidte go 1989. Ansin, chinn daoine fiosracha áitiúla éigin an foirgneamh a scrúdú. “Céard tá istigh?”, a d’fhiafraigh siad díobh féin: go liteartha, ní raibh a dhath tuairime ag aon duine i nDunblane céard a bhí san fhoirgneamh! Agus an doras oscailte, áfach, bhí taiscí le feiceáil i ngach aon bhall: céadeagráin le Walter Scott, Adam Smith, leabhair le Sir Francis Bacon agus go leor leor eile. Agus i measc na leabhar reiligiúnach bhí imleabhar áirithe darbh ainm ‘Bibliotheca Vaticana’, arna foilsithe i 1591.

Seoidín is ea í seo, mar chomh maith le rudaí spéisiúla eile atá inti, tá an phaidir as 30 teanga; an Laidin, an Fhraincis, an Ghàidhlig, an Eabhrais, an Arabais srl. agus an Ghaelige féin. Seo í an phaidir mar atá sí i gcló Rómhánach sa leabhar, i litriú 1591:

“Air nathir ataigh air nin. Nabzfar hanimh. Tigiugh da riatiathe. Deantur da hoil amhnoil air nimh agis air talamh. Air naran laidhthuil tabhair dhuin a niomh, agis math duin dair fhiacha ammnil agis mathumuid dar feuthunuim, agis trilaic aftoch fin anaufen, ac far fin o ole. Amen.”

Bhuel, ar a laghad, is ionann ‘talamh’ agus ‘tabhair’ i 1591 is 1994!
Stiofán MacRéill a scríobh.

******************

An Briathar Saor Uimh. 2

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile