An Galfholcadh Fionlannach

Scoláire agus Scríbhneoir aitheanta na Gaeilge ón Fhionlainn ag Scaoileadh an Rúin linn. . .

Mar is eol don té a bhfuil eolas aige ar shaol na sean‑Róimhe, ní hiad sinne, na Fionlannaigh, a chéadcheap an galfholcadh, cé go mb’é b’fhaide a mhair sé againne i ndiaidh na n‑iarrachtaí a rinne lucht eaglasta ar fud na hEorpa le cosc a chur air scun scan. Anois áfach is í an Fhionlainn ‑ in éineacht leis an Rúis ‑ an tír ar a mbreathnaítear mar fhíor‑dhúiche an ghalfholctha, nó is mar sin is fearr linne a shamhlú ar a laghad.

Is fiú a thrácht air go mbaineann sé stangadh as an bhFionlannach a fheiceáil go gcuireann na Sasanaigh “Genuine Finnish Sauna and Massage” ar a gcuid drúthlann. Níl baint ar bith ag an suathaireacht, nó an masáiste, leis an ngalfholcadh Fionlannach, agus maidir leis an meirdreachas, caithfidh mé béim ar leith a chur air nach taibhse gan cur leis é go nglaoimid “áit naofa” ar an ngalfholcadh: ní thagann na cúrsaí ‘craicinn’ ar aon nós leis an ngalfholcadh! An té a chuirfeadh gnéaschlub ar bun san Fhionlainn agus “sauna” a thabhairt air, chuirfí sacrailéid ina leith, agus ní fhéadfadh sé ariamh gáir “an té a shalaigh an rud is ansa leis an náisiún” a ghlanadh de. Déanta na fírinne tá an galfholcadh chomh scartha sin le collaíocht ar bith agus nach ritheann sé le fíor‑Fhionlannach an dá rud seo a shamhlú le chéile.

Galfholcadh deataigh, nó SAVUSAUNA, a thugtar ar an gcineál galfholcadáin is seanársa. Níl ann ach teach gan simléir agus leaba thine de shórt éigin simplí istigh ann, in éindí leis an ardán ar a suíonn an lucht folctha. Téitear an foirgneamh trí lasair a chur sa leaba thine, agus nuair a bhíonn sé te go leor, osclaítear an chomhla dheataigh ar a dtugtar “RÄPPÄNÄ”, leis an deatach a ligean amach, agus múchtar an tine. Ina dhiaidh seo uile is féidir le lucht folctha allas a bhaint astu féin gan eagla roimh a dtachtadh féin sa deatach istigh.

Tá siad ann a thugann an‑ghrá don ghalfholcadh deataigh, óir is an‑mhaith leo boladh an deataigh as na fraitheacha. Tá oilteacht áirithe áfach ón duine ar rogha leis an galfholcadán deataigh: is gá an “RÄPPÄNÄ” a choinneáil ar oscailt chomh fada sin is go n‑éalóidh an gráinnín deireanach deataigh, agus chomh gearr sin is nach rachaidh an teocht amú freisin. Ní éiríonn an píosa cleasaíochta seo ach le corrdhuine inniu; dá réir sin is fearr an gnáthghalfholcadán le simléir le formhór mór na bhFionlannach ‑ gan trácht ar an ngalfholcadán nua‑aoiseach leictreach.

Dhá rud a bhíonn i seomra gaile gach galfholcadáin: an t‑ardán, nó “LAUTEET”, agus an tinteog, nó “KIUAS”. Ní gnáththinteog í an saghas sornóige a úsáidtear i ngalfholcadán ach cineál speisialta atá oscailte thuas. Anseo atá na clocha luisnithe a dhéanann an folcadh fíorFhionlannach. Nuair a shuíonn an lucht folctha ar an ardán, doirteann siad uisce ar na clocha teo in uachtar na sornóige, agus an t‑uisce seo á ghalú láithreach ina thonn teochta a mhothaíonn an lucht folctha. Deirtear “LÖYLY” ar an tonn teochta seo, focal nach féidir ach le corrstainséir a fhuaimniú go ceart ‑ ach ar an dea‑uair is fusa i bhfad a thuigeann na daoine iasachta an taitneamh atá le baint as an “LÖYLY”, cé go gcosnaíonn sé de ghnáth tamall áirithe ama orthu dul i dtaithí an fhíor‑ghalfholctha.

Tá siad ann a mhaíonn go ngoileann an ghalfholcadóireacht ar an gcroí, ach ní déarfainnse go ndéanann galfholcadh maith dochar ar dhuine slán. Is fíor é nár chóir do dhuine gan taithí dul thar fóir leis an bhfolcadóireacht ar dtús, ach an té a bhfuil taithí agus cleachtadh aige tá sé in ann na huaireanta a chaitheamh ar ardán an tseomra ghaile. Nuair a bhainimid sult as an samhradh, bímid in ann galfholcadh a ghlacadh cúig uaire gach lá gan damáiste a tholgadh: caithimid leathuair sa ghalfholcadán roimh gach seal snámhóirechta leis an allas a bhaint amach; ansin téimid a shnámh chun an t‑allas a ní dínn; agus ansin fillimid ar an ngalfholcadán lenár ngoradh is lenár dtriomú!

P.S.:

Ag clóscríobh an téacsa seo dom tháinig éalang ar mo sheanchlóscríobhán : stad an cló leis an síneadh fada dá tharraingt ar ais thar éis a mharc a fhágáil ar an bpáipéar. D’éirigh liom breith ar mo stuaim agus chuaigh mé i gcomhchistin an urláir seo de theach lóistín na mac léinn le scriúaire a iarraidh ar dhuine de mo chuid chomharsan ar airigh mé é ag cócaireacht. Tharla scriúaire aige agus fuair mé ar iasacht é. Scriúáil mé an chabhail den chlóscríobhán, agus nár thit lingeán beag ar an mbord! Bhí sé ar lár agus áit éigin folamh istigh sa chlóscríobhán. Scrúdaigh mé creatlach an chlóscríobháin go dtí gur thuig mé cad a bhí cearr. B’é seo an lingeán céanna a tharraingíonn an cló ar ais thar éis an litir a phrinteáil dó. Anois bhí sé orm leathcheann an lingeáin a ghreamú den chroch bheag bhídeach ar chrann an chló agus an ceann eile dá macasamhail ar chreatlach an chlóscríobháin. Thóg sé tamall ama an lingeán a chur ar ais ina áit féin, ach nuair a rith liom ionstraim a dhéanamh d’fhaiscín páipéir, bhí liom. Rug mé ar fhaiscín a dhírigh mé agus chuir mé lúb ar leathcheann air. Ghreamaigh mé leathcheann an lingeáin den chroch ar chreatlach an chlóscríobháin. Ansin a d’fheistigh mé an lingeán ar an uirlis a rinne mé. D’éirigh liom an ceann saor den lingeán a theannadh go dtí an chroch eile. Tharla cúpla uair gur scaoil an ceann eile den lingeán as an gcroch dá raibh sé greamaithe, ach buíochas le Dia níor eitil an lingeán uaim, ach thit sé ar an mbord, ionas go raibh sé le haimsiú go héasca. Den tríú tróig chuaigh agam an lingeán a chur ina áit cheart féin, agus nach mór an ríméad a tháinig orm! Is duine mé gan ach breacthuiscint ar mheicníochtaí den sórt seo, agus bród an domhain orm go raibh mé ábalta an éalang a aimsiú agus an fhadhb a réiteach chomh tapa sin. Tá mé anois ag súil go mairfidh an lingeán go dtí go mbeidh mo dhóthain airgid agam le ríomhaire a cheannach.

©: Panu Petteri Höglund, Turku, an Fhionlainn. Fionlannach agus saoi clúiteach sa Ghaeilge is ea Panu. Tá a phíosa i gcló díreach mar a tháinig sé chugainn, ina chuid Ghaeilge chruinn bhlasta fhéin, gan aon chur chuige ná bain de. Is ea go deimhin, "an rud is annamh is iontach."!

An Briathar Saor Uimh. 4

Alt eile

(sa Bhéarla) leis an údar céanna.

Abhaile/Home