Geábh go hÉirinn an tSean‒Choirp*

Turas go dtí an tOileán Glas a rinne Beirt Bhriotanach ón Bhreatain Bheag i 1852

I mí na Bealtaine 1852 chinn Bord Misean Coigríoch na Meitidisteach Cailvíneach sa Bhreatain Bheag go mbeadh sé go maith misean a bhunú i measc na nÉireannach agus é a bheith san Iarthar i gConnachtaibh. Le fiosrú a dhéanamh maidir le buntáistí agus míbhuntáisti a bainfí le fiontar dá leithéid cuireadh beirt de mhaithe is de mhór‒uaisle an tsainchreidimh sall go hÉirinn, mar atá an tOirmhinneach Henry Rees, Learpholl, is an tOirmhinneach David Charles, Trefeca. Ar feadh coicíse i mí Iúil na bliana úd do thaisteal an bheirt Bhreatnach tríd an oileán ag déanamh nótaí faoi a bhfacadar. Foilsíodh torthaí a dtaighde san iris ‘Y Drysorfa’ (‘An Ciste’) le linn 1853 agus faightear uathu pictiúr faoi bhail na hÉireann geall le dhá bhliain i ndiaidh an Ghorta Mhóir. Cé go raibh iarmhairtí an Ghorta le feiscint gach ait tearc go leor atá na tagairtí dhó. Is é a gclaonadh ná aontú leis an mbarúil oifigiúil gur chríochnaigh an Gorta i 1847, agus gurb é leisciúlacht an Éireannaigh, agus, go nádúrtha, nuair a cuimhnítear ar nádúr an turais, a ndílseacht don chreideamh Caitiliceach, ba chúis leis an tír a bheith i gcruth chomh hainnis. Nuair a bhíodar ag dul thar Choláiste Caitiliceach Mhá Nuad cuireadh an lasóg sa bharrach Protastúnach gan aon agó:

“Ní féidir linn féachaint ar Mhá Nuad gan mhothúcháin chorraithe ag smaoineamh air gurb í seo uachais Bheithíoch Allta na Róimhe mar a thógann sí a coileán óg a bhíos ag scinneadh anseo is ansiúd d’éis sin le anama daoine a loit.”

Bhí na hÉireannaigh tar éis titim in umar Ifrinn mar sin gan dóchas ar bith a slánaithe acu go di go ndiúltóidis don chreideamh Caitiliceach. Tá an tuarascáil breac le comparáideanna idir chaighdeán ard maireachtála na bProtastúnach agus ainnis na gCaitiliceach. I mBaile Átha Luain cuirtear béim air :

“go bhfuil leath lucht cónaithe an bhaile ‒ sé sin an leath is mó gradam ‒ ina bProtastúnaigh.... agus ina gcónai i dtithe le díonta slinne, ach go bhfuil an chuid eile ina gcónaí i dtithe a bhfuil cuma shalach bhocht orthu lena gcuid díonta tuí.”

Sa tslí chéanna, agus iad ag cur síos ar na daoine, úsáidtear macasamhla na dtuairisci a raibh irisí is nuachtáin i Sasana agus sa Bhreatain Bheag breac leo gur sórt eigin créatúir árb leath bheithíoch é ab ea an tÉireannach. I mBaile Átha Luain arís:

“Bhéicidís, ghlamaidís, ligidís uailleacha astu ag déanamh gach sórt geáitsiochta...cosúil le drong ghealtach.”

Fad is i nGaillimh:

“Mhothaíomar go rabhamar tar éis teacht go dtí cró an bheithigh fhéin, comh bocht le hainmhithe is a bhíodar, is a gcuid fiacla móra ag gabhlú as a gclabanna leithne.”

In ainneoin sin go léir mhothaíodar go raibh dochas ann d’Éirinn:

“Is é toradh glantach sibhialtachta an tSoisceíl an t‒aon íocshláinte amháin.”

Is é sin le rá, dós maith den Chailvíneachas!
Moltar iad siúd atá ag saothrú le cruth na ndaoine a fheabhsú, cosúil leis an ministir Preisbitéireach Mr. Armstrong i mBéal an Átha a bhí tar éis scoil a oscailt le fuáil a mhúineadh do 70 cailíní. ═octaí tuarastal dos na cailíní le súil is go :

“...rachaidís abhaile lena gcuid airgid, agus sa tslí sin go múinfí a dtuismitheoirí le maireachtáil níos fearr is go meallfaí a n‒intinní i dtreo na scoile Protastúnaí.”

Tá sé soiléir nach bhfaca siad aon ní mícheart as airgead a úsáid mar bhaoite iompaithe creidimh!
Agus an Domhnach á chaitheamh acu in Uachtar Ard tháinig taom cumha ar na beirt Bhreatnach nuair a smaoiníodar ar na naoimh sa bhaile ag ullmhú i gcóir an tséipéil fad is a bhíodar siúd :

“...tar éis a n‒ionnarbtha go dtí cearn coimhthíoch de shléibhte Chonamara.”

Thugadar faoi deara go raibh na sluaite ag bailiú chun Aifrinn feadh na maidine agus bhí eagla orthu go mbeadh orthu dul sa treo céanna mura n‒aimseoidís seirbhís Phrotastúnach. Ach tháinig fuascailt ón a leithéid de ‘masla’ :

"...agus sinn fós idir dhá chomhairle faoi an rachaimís isteach nó staonadh as, ceapadh dúinn mar a bheadh amhránaíocht a chloisint. D’aithníomar an fonn ar an bpoinnte. Bhí an chonclúid do‒sheachanta; ’Is Protastúnaigh iad seo’ a dúramar le chéile! "

Bhíodar tar éis Scoil Domhnaigh, a tionóltaí i dteach i ngar dóibh faoi stiúr an mháistir scoile áitiúil, a aimsiú. Sa tráthnóna bhí an deis acu dul go dtí seirbhís i dteampall na hEaglaise Bunaithe. Toisc gur cheap cuid éigin gur cléirigh o Shasana ab ea iad tugadh cuireadh dóibh seanmóir a thabhairt. Dhiúltaíodar don iarratas ar an ábhar nach rabhadar in ‘ordaithe easpagacha’.
Do chaitheadar an chuid eile den turas ag déanamh cuairteanna ar Luimneach, Trá Lí, Cill Aírne, sar ar thugadar aghaidh ar an Oirthear le cuairt a thabhairt ar Chorcaigh agus ar Bhaile Átha Cliath. Ar 21 Iúl sheoladar i dtreo Learpholl is a ndúchais.
Ag deireadh na tuarascála deir siad go raibh trí ní faoi leith a dtugadar faoi deara, mar atá :

“An Priosún, an Teach na mBocht is na Bearaicí ‒ toradh nádúrtha na hollphéiste Rómhánaí, adeirimidne.”

Cé gur thathantaíodar go mbunfaí misean ní chualathas a thuilleadh faoin bhfiontar, is chuaigh gach cuimhne ar an turas go dtí an tOileán Glas a rinne an bheirt Bhriotanach ón Bhreatain Bheag i léig go luath.

©: Einion Wyn Thomas, cartlannaí i Meirionnydd.

Aistriúchán ón Bhreatnais: Comhluadar Caerdydd.

*An Sean Chorp = ‘Yr Hen Gorff’, leasainm a tugtar ar shainchreideamh na Meitidisteach Cailvíneach sa Bhreatain Bheag.

Foilsithe ar dtúis san: An Briathar Saor Uimh. 4.

Cymraeg

English

Home