Ag Glámadh faoin Ghaeilge

Súil Ghrinn ar Fhoghlaimeoirí agus Scríbhneoirí na Gaeilge

Le níos mó ná cúig bhliain anuas, go fadálach nós cuma liom, tá mé ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim. Nuair a aimsíonn daoine orm mo thóraíocht is é a deir siad de ghnáth ná: “Cén chiall é sin a dhéanamh?” Go dtí bliain nó mar sin ó shin ní raibh aon fhreagra ceart agam seachas an chúis a bhí ag Mallory le Everest a dhreapadh: bhí me á foghlaim mar go raibh sí ann. Ach ansin, beagán níos mó ná bliain ó shin, bhraith mé cúis níos láidre leis an teanga a fhoghlaim a bheith ann; tugann sí cead isteach duit do dhomhan atá lán le héin chorra craiceáilte. Ní móide gur domhan mór é, ach is domhan dlúth é, domhan a bhfuil féith láidir shásúil den ghealtacht* ann.

Creidim go bhfuil míniú loighciúil ar an scéal seo go léir. Ní fhoghlaimíonn éinne an Ghaeilge ar na cúiseanna a luaitear le teanga a fhoghlaim ag an gcuid is mó de dhaoine ‒ is féidir dul chun cinn sa saol níos tapúla agus níos éasca trí rud éigin eile a fhoghlaim ‒ fisic núicléach, mar shampla. Más cainteoir an Bhéarla thú ní chuirfidh sí ar do chumas labhairt le héinne nach mbeifeá ábalta labhairt leó cheana féin ach oiread, cé is móite cúpla naíonán nách mbíonn mórán le rá acu ar aon nós. Mar sin, na daoine atá díograiseach faoin teanga, sheachain siad nathanna na céille coitianta d’aon ghnó agus d’imigh siad leo ar thóir an ní a dhéanas saibhir go spioradálta seachas an ní a dhéanas saibhir go hábharaíoch.

Na daoine is díograisí ar son na teanga agus ar an ábhar sin na daoine is aistí de ghnáth, caithfidh sé gurb iadsan na daoine a roghnaigh scríobh inti. Smaoinigh air; cainteoirí dúchais an Bhéarla is ea an chuid is mó de na scríbhneoirí i nGaeilge, a labhraíonn an teanga chumarsáide is mó sa domhan. Dhiúltaigh siad don teanga seo a úsáid, áfach, agus taobhaíonn siad le teanga a úsáid nach dtuigeann i gceart í, leis an fhírinne a rá, ach mionlach an‒ bheag dá gcomhthírigh féin. Mar sin, is scríbhneoiri iad sa chiall is iomláine, ní scríobhann siad le clú agus le saibhreas a bhaint amach ach toisc urraim a bheith acu don teanga ina scríobhann siad. De réir nósanna ábharaíocha an lae inniu tá siad go hiomlán as a meabhar mar sin.

Fuair mé an léargas seo beagnach dhá bhliain ó shin nuair a chuaigh mé ar dheireadh seachtaine faoi chultúr na Gaeilge i gCoventry. Den chuid is mó tógadh suas an deireadh seachtaine le sraith cainteanna a thug grúpa scríbhneoiri na Gaeilge. Bhí gach scríbhneoir acu níos áiféaisí ná an ceann roimhe. B’é Séamus MacAnnaidh, áfach, a sciob leis craobh ghlan na háiféiseachta.

Tar éis dó an ollscoil a fhágáil thuill Séamus dó féin an leasainm ‘Londubh’ de thairbhe a chlaonadh le bheith ag bronnadh cleití ar strainséirí críochnaithe in a bhaile dúchais, Fear Manach. Ar a shon sin, nó b’fhéidir nach ar a shon sin, tugadh ‘An Londubh Buí’ ar a chéad leabhar sa Ghaeilge. Duine ar nódadh inchinn ann is ea príomh charactar an leabhair agus na himeachtaí a thiteann amach sa leabhar tarlaíonn siad tar éis tríú cogadh domhanda agus cibé ní ba shiocair leis fítear na himeachtaí seo le miotais Cheilteacha éigin. Ní ró dhóichí gur thug mé creatlach an leabhair mar ba chóir ach ba leor a rá gur measadh gur bh’fhiú é a aistriú ‒ le Meireacánach ‒ go dtí an Rúisis, agus foilsíodh sa deireadh i Moscó é. Tá post ag Séamus anois leis an BBC ar Raidió Uladh, ag cur clár sa Ghaeilge i láthair.

Labhair mé le Séamus tar éis a chainte ach fad is a bhí mé ag caint leis bhí cuma sheachránach air, an sórt cuma a bhíos ar dhuine nuair a bhíonn sé á thuirsiú go tur. D’fhág mé slán go tapaidh aige mar sin agus bhí ionadh éigin orm nuair a bhí me ag imeacht uaidh gur ghlaoigh sé ar ais chuige mé. Séard a bhí uaidh ná go ndéarfainn in athuair cuid de na rudaí a bhí mé á rá leis ionas go n‒ úsáidfeadh sé i gceann dá chláir é!

Bhí uaidh ach go háirithe go n‒ inseóinn leis conas ar éirigh liom i Sasana éisteacht le Raidió na Gaeltachta. Ní héasca é sin a dhéanamh mar go gcraolann Raidió na Gaeltachta ar an tonnfhaid chéanna le BBC Radio 4, mar sin ins na háiteanna i Sasana mar a mbeadh sé baileach indéanta Raidió na Gaeltachta a fháil is gnáthach go mbíonn sé fite fuaite báite le fuaimeanna Radio 4. An t‒ aon áit amhain a d’aimsigh mé i Sasana iomlán gur féidir an deacracht seo a shárú tá sé ar bharr Lingfell, sliabh i gceart‒ lár Cumbria, an contae ina gcónaím, go baileach níos mó ná dhá mhíle go leith troigh in áirde. Ní amháin go bhfuil an áit seo ard go leor le comharthaí a ghlacadh as Éirinn ach tarlaíonn sé chomh maith go bhfuil bac ar comharthaí Radio 4 a ghlacadh toisc go bhfuil sé cóngarach do Scafell Pike, an bheann is áirde i Sasana, a sheasann díreach in aice léi. Fáil amach ab ea é sin a thug sásamh dom agus bhí cuma air mar scéal gur cheap Séamus go m’fhiú é a ath‒ insint le pobal Thuaisceart na hÉireann. Mar sin nuair a fhillfidh mé go dtí barr Lingmell tá coinne agam go mbeidh sé plódaithe le fir agus le mná as Ulaidh, iad go léir i dtiúin le 94 kHz.

©: Paul Buttle, Keswick, Cumbria.

Aistriúchán ón Bhéarla: Comhluadar Caerdydd.

An Briathar Saor Uimh. 4.

Abhaile/Home