An Gorta Mór á Thabhairt chun Cuimhne

“Tá sé pianmhar teacht chun réitigh lena leithéid d’imeachtaí, fiú tar é is céad go leith bliain.”

An t‒ uafás is mó in stair deireanach na hÉireann is ea an Gorta Mór. An rud is mó a chuireann iontas orainn i leith imeachtaí na mblianta úd is ea an fhíric gur cuid den Ríocht Aontaithe, an tír a chéad bhlais an Réabhlóid Tionscalaíochta agus an tír ba shaibhre sa domhan, ab ea Éire an uair sin. Tá macallaí na n‒argóintí faoi theip nó éagumas (de réir do bharúla) an rialtais a ladhar a chur isteach sa scéal lena thuilleadh anamacha a shábháil ó bhás an ocrais, tar éis a bheith ag athfhuaimniú ar feadh na mblianta. Ach cad ab ea nádúr daonna na práinne uafásaí seo?

Tá na staitisticí maola scanrúil. Do fuair geall le milliún daoine, idir fhir, mhná is pháistí, bás de dheasca easpa bia fad is a chuaigh milliún eile thar sáile. Lena chois sin, níl fhios againn cé mhéad a fuair bás le linn dóibh a bheith ag taisteal ar thurasanna mara fada mí chompordacha go dtí an Bhreatain nó go dtí an ‘Domhan Nua’ trasna an Atlantaigh. Cuireadh teaghlaigh agus go fiú bailte iomlána ar neamhní. In áiteanna tharraing an té deireanach den chlann a tháinig slán go dtí sin díon tuí an bhotháin anuas orthu go léir le uaigh thútach a dhéanamh sula bhfuair sé nó sí bás chomh maith. Uaireanta fuarthas na mairbh le féar idir na fiacla acu, i bhfianaise uafásach ar a n‒uaireanta deireanacha cráite nach bhféidir linn anois ach a shamhlú go huireasach. D’éirigh An Sciobairín, in Iarthar Chorcaí, ina sceith bhéil as an bhfulaingt ba scáfaraí, agus is ar éigean a d’fhéadfaí a rá gur tháinig an baile sin slán go fóill, ó thaobh na siceolaíochta de, as déine na n‒ imeachtaí sin.

Agus na cúrsaí brónacha a bheith amhlaidh, d’éirigh galair mharfacha de gach cineál, cosúil leis an tíofas i 1847 agus an calar i 1848. Sin í an phríomh chúis leis an imeagla i leith na n‒ inimirceach a chonacthas i measc na n‒áitreabhach i gcalafoirt cosúil le Learpholl agus Casnewydd (Newport). Cuireadh focail shoiléir le sin nuair a dúirt breathnadóir amháin i gCaerdydd gur tháinig na teifigh ón ghorta go dtí an baile sin gan faic ach “gorta ina mboilg agus plá ar a ndroma”.

Bhí an galar a scrios an barr prátaí chomh marfach sin de dheasca an mhuinín a bhí ag an méid sin Éireannach as an bpráta amháin lena gcothú ‒ geall le trí mhilliún acu faoi 1845. Agus bhí an práta ina chuid tábhachtach i gcothaíocht na milliún de bhreis. Deora an scéil ab ea teip an bhairr bliain i ndiaidh bliana, is an phráinn ag sroisint a leibhéal ba mheasa sa ‘Gheimhreadh Dubh’ i 1847 leis na torthaí docharacha ag leanúint ar aghaidh go dtí na 1850aí.

Tá sé pianmhar teacht chun réitigh lena leithéid d’imeachtaí, fiú tar éis céad go leith bliain. Dóibh siúd againn ar sliocht sleachta na dteifeach ainniseach úd, is é seo an t‒am le meabhrú go dian faoin scéal. Agus do theaspeáin an tUachtarán Mary Robinson gur féidir le athmhuintearas a éirí as an gcuimhneachán sin:

“Cé nach féidir linn an clog a chur siar agus na básanna a tharla a athrú,” adúirt sí “ar a laghad tá aghaidh á tabhairt againn ar réaltacht na ndaoine a fuair bás trí glacadh le brí a bhfulaingthe is tríd í a cheangail lena bhfuil san aois atá anois ann le dúshlán ár dtrócaire is ár gcoimitmint a thabhairt.”
: Paul O’Leary, Roinn na Staire, Ollscoil na Breataine Bige, Aberystwyth.

Foilsíodh cheana sa Bhreatnais sa chéad eagrán den iris Y Ddraig Werdd, a fhoilsíodh ag ‘Fóram na Breataine Bige um an nGorta’.
Aistriúchán ón Bhreatnais: Comhluadar Caerdydd.

Leis an údar céanna: Respectable and Sober?

An Briathar Saor Uimh. 4

Abhaile/Home