Gorta, Talamh is Trádáil Chóir

Siúlóid Bhliantúil AfrI an Ghorta Mhóir agus Fadhbanna na Linne

Don naoú bliain i ndiaidh a chéile thriall na céadta daoine ar an Iarthar ar an Satharn, 4 Bealtaine, 1996 le páirt a ghlacadh i Siúlóid Bhliantúil AfrI an Ghorta ó Dhú Loch (Doolough) go Cluain Cearrán (Louisburg) i gContae Mhuigheo.

Tosnaíodh an ocáid spreagúil seo i 1988 nuair a d’eagraigh AfrI (Action from Ireland), cumann carthannachta a thugann lámh chúnta dos na bochtáin sa Tríú Domhan, san Aifric is i nDeisceart Mheiriceá ach go háirithe, siúlóid speisialta i gcuimhne ar thragóid a bhain de mhuintir Chluain Cearráín le linn an Ghorta Mhóir.

Thuig lucht AfrI go raibh beo‒chumhne ag muintir na hÉireann fós ar na laethanta uafásacha úd idir 1845 agus 1848 nuair a leath gorta agus fiabhras ar fud na hÉireann. Bhí fialmhaireacht agus trócaire mhuintir na hÉireann inniu dos na daoine bochta thar lear a bhí i mbaol an bháis de dheasca bochtanaís agus gorta soiléir ‒ de réir na bhfigiúirí ba mhó an síntiús a thug gach duine in Éirinn don Tríú Domhan ná in aon tír eile san Aontas Eorpach. Deirtear gurb é scéal an Ghorta Mhóir a bheith beo i gcumhne na ndaoine a mhínigh an fhialmhaireacht speisialta sin. (San am céanna ní mór a lua áfach go raibh an síntiús per capita de líon daoine na tíre a thug Rialtas na hÉireann don Tríú Domhan níos lú ná mar a thug aon rialtas eile san Eoraip le fada an lá, ach sin scéal eile!)

Ar aon nós, bhí scéal an Ghorta Mhóir go beo i gcuimhne na ndaoine a bhunaigh AfrI agus bhí a fhios acu gur spreag an stair sin chun gnímh iad agus iad ag obair i measc na mbochtán thar lear. Ach bhí scéalta ag na daoine thar lear chomh maith.

I 1831 dhíbir fórsaí Uncail SAM (Stáit Aontaithe Mheiriceá!) na hIndiaigh Choctaw as a dtíortha i Mississippi. Bhí orthu triall ar ‘Reservation’ nua in Oklaoma. Ar an aistear dóibh fuair a leath acu bás. Tugann a seanchaithe ‘Bealach na nDeor’ ar an aistear uafásach úd fadó. I 1847 chruinnigh cuid acu le céile i Scullyville, Oklahoma, le cruachás na hÉireann a phlé. Chualadar scéal an ghorta agus ghlacadar trua dhúinne. Is dócha go raibh cuimhne ‘Bealach na nDeor’ go beo le linn an chruinnithe. Ar aon nós d’aontaíodar bailiúchán a dhéanamh agus chuireadar $170, carn airgid sna laethanta úd, go dtí an Memphis Appeal Committee a bunáiodh sa bhaile sin chun airgead a chur go hÉirinn.

Tá nasc faoi leith idir AfrI agus na Choctaw inniu agus is minic a ghlac Taoiseach éigin na Choctaw páirt sa tsiúlóid bhliantúil, Dú Loch ‒ Cluain Cearrán. Mar do tharla “Bealach na nDeor’ eile sa ghleann uaigneach álainn sin i mí na Márta, 1849. Bhí muintir Chluain Cearrán scriosta ag bochtanas, ag ocras, ag breoiteacht de chuile shórt. Chualadar go raibh a máistrí, Bord Bardachta an cheantair sin, le cruinniú i dtigh mór an tiarna talún a bhí suite geall le 11 míle slí o dheas i nDú Loch. Chinneadar ar an aistear a dhéanamh go dtí an áit chun lámh chúnta éigin a impí ar na daoine uaisle, soláthar éigin bia, nó airgead nó fiú barántas go rabhadar ina ‘mBochtáin’, barántas a cheadódh dóibh bheith istigh a fháil i dTeach na mBocht.

Shiúladar leo. Bhí an ghaoth ag éirí. Bhí an bháisteach sa spéir. Shroiseadar an áit. Bhuaileadar ar an doras. Thug na maithe agus na mór‒uaisle cluas bhodhar dóibh. Thosnaíodar ar a n‒aistear abhaile. Ní raibh aon bhóthar ann an uair sin. Ní raibh le feiscint ach móinteach sceirdiúil ar mhalaí shléibhe ar a dtaobh dheis agus uisce dorcha an locha ar a dtaobh chlé.

D’éirigh an ghaoth ina stoirm. Tháinig an bháisteach orthu ina clagarnach. Tháinig an oíche orthu le séideán gaoithe agus le flicshneachta. Thainig scaipeadh na mion éan ar na daoine bochta, caite, tréigthe....

Níl a fhios ag éinne anois cé mhéad a fuair bás ar an gcéad ‘Siúlóid Dú Loch ‒ Cluain Cearrán’ sin. 150? 400? 600? Ní raibh suim ag éinne iontu ag an am sin. Ní raibh coiste croinéara ná cúis dlí lena gceart a thabhairt dóibh. Níor cheap éinne gurbh fhiú an scéal a chuir síos ar pháipéar. Fianaise an bhéaloideasa atá againn.

I mbliana(1996) bhí an ghrian ag taitneamh agus bhí bia agus deoch na slí ag gach duine. Ag ceann an tslua bhí Joe Murray (Comheagraitheoir AfrI), Christy Moore (an t‒amhránaí clúiteach), Gráinne Davitt (gariníon le Michael Davitt,1846‒1906, an fear as Contae Mhuigheo a sheas an fód ar son na bhfeirmeoirí beaga i gcoinne na dtiarnaí talún), agus Marciana Funez (United Banners Banana Workers Union, Belize).

Roimh dóibh an bóthar a bhualadh, bhí deis ag na príomh aíonna focal a rá.

Thug Christy Moore aitheasc a léirigh fírinne ghorta. Labhair sé mar ba dhual dó, go gonta deisbhéalach, uaireanta ag canadh, uaireanta mar a bheadh ag insint scéil.

Bhí gorta, talamh agus trádáil chóir faoi chaibidil ag Gráinne Davitt nuair a labhair sí. Luaigh sí ceist na talún a thuig a seanathair a bheith ina príomh chúis don Ghorta Mór á rá go 0raibh ceist na talún fós taobh thiar de ghorta, d’ocras agus d’imní faoi bhia sa domhan inniu. Bhí úinéireacht na talún ina cúis mhór éagóra agus agóide le linn laethanta corraithe an ‘Land League’ in Éirinn na 1870aí. Níor thaise dhúinn inniu é nuair a bhí ollghnóthaí talmhaíochta ag leathadh a ngreime doichte ar thalamh na hÉireannn agus ins an chuid is mó den domhan inniu.

Ach ba í Marciana Funez ó Bhelize a chuir an spotsholas go hiomlán ar ár ndomhan inniu á chur in iúl conas mar a bhí an scéal ag na hoibrithe ar na feirmeacha bananaí ina tír féin, feirmeacha ina n‒imríonn an comhlacht idirnáisiúnta Éireannach, Fyffes, an pháirt is mó. D’impigh sí go mbeadh ceart ag na hoibritheoirí dul isteach san United Banners Banana Workers Union ar bhunaigh sí é agus go réiteofaí na fadhbanna a bhain le tithíocht agus le sláinte na n‒oibritheoirí go práinneach. D’impigh sí lámh chúnta chomh maith ar mhuntir na hÉireann leis na spriocanna seo a bhaint amach.

©: AfrI

Lena thuilleadh eolais a fháil faoi AfrI agus a ngníomhaíochtaí cuir ríomhphost chuig Joe Murray.

Foilsithe ar dtúis san: An Briathar Saor Uimh. 4

Cymraeg1

Cymraeg2

English

Baile / Home