Gael



D'éirigh leat glacadh le bochtaineacht


is an Breatnach ag magadh fút;


neach thú den treibh ait


go cráifeach i do chárt.


I salachar ar charnáin domhain,


sclábhai gach tolláin sleamhain.




Ó ghéibheann an chruatain


gan bhuaileam sciath do tháinig tú


is do shiúl tú le mórtas


ó shaol salach go saibhreas.


Bronn orainn leath do rúin


óir is sinne na gaolta glúin'.



Le: John Glyn Jones.





Foillsithe i Barddas, Rhif/Uimhir 296, Ionawr-Chwefror/Eanáir-Feabhra 2008, tudalen/leathanach 3.


Ba mhaith liom mo bhuiochas a ghabháil le Alan Llwyd, Eagarthoir Barddas, as cead a thabhairt dom an dán seo a chur ar an idirlíon sa Bhreatnais maille leis an leagan seo.


Aistriúchán: Barry Tobin, 24 Márta 2008.



Breatnais / Cymraeg


Béarla / English