Hedd Wyn: an Tubaiste Doleigheasta

Chun an chéad deich mbliain den bhealach teilifíse Breatnach, S4C, a chomóradh i 1992 deineadh scannán atá cáiliúil cheana féin: ‘Hedd Wyn’ (síocháin naofa).

Léiríonn an scannán beatha agus bás an fhile chlúitigh Bhreatnaigh darb ainm fileata ’Hedd Wyn’ (Ellis Humphrey Evans, 1887–1917). Fuair sé bás ar 31 Iúil 1917, i lár catha sa bhFrainc, i rith an Chogaidh Mhóir úd inár maraíodh thart faoi 40,000 Breatnaigh.

Rugadh faoin dtuath in aice le Trawsfynydd i nGwynedd é, mac feirmeora, is ní bhfuair sé ach bunscoilíocht is an oiliúint fhileata is reiligiúnda a bhí coitíanta san am sin i ngo leor áiteanna sa Bhreatain Bheag. D’fhoghlaim sé rialacha casta na meadarachta clasaicí den fhilíocht sa Bhreatnais agus ghnóthaigh sé duaiseanna sna fleánna litríochta (eisteddfodau) ina thír dhúchais. Sa bhliain 1917 bhain sé amach príomhdhuais litríochta na tíre san Eisteddfod Náisiúnta ach thit sé sa chogadh sara b’fhéidir leis an onóir sin a ghlacadh.

Sa scannán féin cuirtear in iúl go héifeachtach an chontrárthacht idir shibhialtacht síochánta léannta na mBreatnach faoin dtuath agus shaol ifreanda an mhíleatachais Eorpaigh ina rugadh an cogadh. Cuirtear síos ar chomórtais fhilíochta na n-eisteddfodau áitiúla agus náisiúnta, is cultúr faobhrach na n-eaglaisí agus na dtithe tábhairne i dtuaisceart na tíre. Cuirtear i gcuimhne dúinn nach raibh daorsmacht na séipéal Cailvíneacha chomh dian sin nuair a fheicimid an file ag déanamh spóirt lena leannán sna páirceanna. Tá bochtaineacht ábhal na ré sin follasach go leor sa scannán is ansin trauma mhór an chogaidh, féinmharú na hEorpa, slad mór na haoise, agus cailliúint an fhile fhéin sa tubaiste.

Fuair an scannán seo príomhdhuais B.A.F.T.A. i 1992 (an chéad uair riamh a raibh scannán sa Bhreatnais fiú luaite ag B.A.F.T.A.) is i 1994 fuair sé clú idirnáisiúnta sealadach nuair a fuarthas ar an ngearrliosta é i measc na scannán i dteanga iasachta ab fhearr na bliana i gcomórtas ‘Oscar’ na Stáit Aontaithe. Ar scannán ón Spáinn, ‘Belle Epoque’, a bronnadh an ‘Oscar’ i ndeireadh na dála.

Ba dheacair agus ba dhoicheallach lochtanna a fháil ar an scannán corraitheach, brónach seo. Ach, mar sin féin, ba mhaith liom cúpla nótaí a scríobh go criticiúil. Níor cuireadh in iúl dúinn, dar liom féin, ceannasaíocht nó hegemony cráifeachta na haoise faoin dtuath. Dealraíonn ‘Hedd Wyn’ mar “rebel na seachtóidí”, beagán cosúil le Dafydd Iwan (amhránaí, agóidí, polaiteoir, trodaire buan ar son na Breatnaise ). Uaireannta eile bíonn ‘Hedd Wyn’ cosúil le Dafydd ap Gwilym (1320–1370, an file ba mhó riamh sa Bhreatnais) beo arís, nó duine de na Galiardi (filí fánacha na hEorpa sna Meán Aoiseanna a bhí clúiteach mar gheall ar a gcuid véarsaí bríomhara gáirsiúla).

D’ainneoin na dtréithe seo atá, b’fhéidir, mí–aimseartha, chuaigh an saothar seo i bhfeidhm go mór orm agus spreag sé mé chun stair agus cinniúint na Breataine Bige a mheabhrú. Ábhar mór machnaimh agus obair chríochnaithe ealaíonta is ea an scannán seo. Alan Llwyd (file mór ár linne a shnap príomhdhuaiseanna filíochta an Eisteddfod Náisiúnta i 1973 agus arís i 1976 ) a scríobh an scannánscríbhinn, agus Huw Garmon a ghlac páirt ‘Hedd Wyn’. Ba mhaith an mhaise dóibh an scannán álainn seo arb fhiúntach an léas a thugann sé dúinn ar shaol gearr an fhile shuntasaigh, Ellis Humphrey Evans.

: John Evans, múinteoir teangacha i gCaerdydd agus i bPontypridd, a bhfuil líofacht na Gaeilge agus na Breatnaise araon aige.

An Briathar Saor Uimh. 1

An dán is minicí a luaitear i gcomhthéacs an fhile seo: Cogadh

Tabhair faoi ndeara go bhfuil leaganacha go leor sa Ghaeilge de dhánta eile a chum Hedd Wyn sa Bhreatnais le fáil sa Ghaeilge ag seo thíos:

Nascanna don Ghaeilge/Links to Irish/Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg

Leathanach Baile/Hafan/ Home Page