Imeachtaí i Londain

Fáiltím roimh an iris nua seo. Is maith an smaoineamh teagmháil a chothú idir Ghaeilgeoirí ar fud an oileáin seo go mór mór nuair nach bhfuil nuachtáin dár gcuid féin againn agus is deacair litir a scríobh do gach duine chun an cáirdeas nó an spreagadh a choinneáil suas. Cheal an eolais sin ar dhaoine a bhfuil Gaeilge mheasartha acu bhí sé an‒deacair daoine a bhailiú do Chomóradh an Chéid Chonradh na Gaeilge i Londain.

Tá áthas orainn go bhfuil Ambasadóir anseo a bhfuil meas ar a oidhreacht aige agus spreagann sé labhairt na Gaeilge chomh minic agus a bhíonn faill aige. Thug sé ócáid thar barr do Ghaeilgeoirí ar fud an oileáin an bhlíain seo caite san Ambasáid.

I Londain féin tá flúirse Ghaeilgeoirí ach ní fheicfeá a lán acu go dtí go mbéadh dráma speisialta á léiriú nó ceolchoirm á reachtáil sa teanga. Tá an chathair rómhór agus scaipthe, mar sin caithfear an tarraingt a bheith an‒mheallach. Ar ócáid mar Aonach na Leabhar is furasta bualadh le díograiseoirí ach ní tharlaíonn sé sin ach uair amháin sa bhliain.

Tá an t‒ádh linn go bhfuil duine mar Seán Hutton, file, ina Uachtarán i mB.A.I.S. agus post mór aige i gCónasc Chumann na gContaetha Éireannacha. Scríobhann sé alt san ‘Irish Post’ gach coicís agus cuidíonn sé le gach tionscadal Gaeilge.

Bíonn an ‘Cuideachta’ ag teacht le chéile san Irish Club, Eaton Square, ar an Aoine dheireanach de gach mí le scéalaíocht, amhráin agus idirphlé faoi cheannas Shéamais Uí Chionnfhaola ón Rinn. Tagann Barra Ó Ríordáin chugainn go minic ó Oxford chun amhrán a chanadh agus Máire Ní Raghailligh, ceoltóir cáiliuil ó Rochester. De ghnách bíonn teacht le chéile neamhfhoirmiúil ag an Lárionad Éireannach, Camden Town, faoi stiúradh Shiobháin Uí Néill, chomh maith le cruinnithe Chraobh Nollaig Uí Chonaill de Chonradh na Gaeilge. Bíonn rang rialta ag Síobhán í Morley College, agus tá eolas aici faoi ranganna Gaeilge eile i Londain má ghlaonn tú uirthi ar an ghuthán 071 254 705. I measc na ranganna úd tá trí cinn gach Máirt i Halla Naomh Mháire Maigdiléana, Bóthar Naomh Aindriú, Willesden Green. Dé Céadaoin bíonn rang ar siúl ag Coláiste Londain Thiarthuaidh, Priory Park Road, Londain NW6. Reachtálann Máire Ní Chuinn rang ag an Hackney Parochial Hall, Paragon Road, Hackney, gach Dé Máirt. Éinne atá i Londain Thoir, bíonn rang le fáil ag Durning Hall, Forest Gate, faoi Chríostóir Ó Cuinn ar an Déardaoin, gach eolas ar an ghuthán ó 081 519 5089. Más maith le duine eolas a fháil ar ranganna i Londain Theas is féidir glaoch a chur ar Séamas Ó Cionnfhaola 081 672 0983, nó Séamas Ó Coileáin 081 788 1174.

Is deacair eolas a fháil faoi na tithe tábhairne a bhfuil Gaeilgeoiri ag cruinniú iontu. Gach Dé Luain tagann slua beag le chéile ag An Falcon, Queens’ Park, NW6, sa tráthnóna. Bíonn fáilte roimh Ghaeilgeoirí ag An Harringey Irish Centre, Pretoria Rd., N17, agus An Islington Irish Centre, 17 St. Johns’ Way, N19. Go hiondúil bíonn fáilte roimh litreacha i nGaeilge san ‘Irish World’ agus san ‘Irish Post’ ach iad a bheith clóscríofa nó inléite. Ceiliúrtar Aifreann i nGaeilge ar an 3ú Domhnach de gach mí ag Eaglais Naomh Mellitus, Tollington Park, N4. An tAthair Colm Ó Gallchóir an ceiliúraí. Bhíodh dhá shiopa i Londain le leabhair Ghaeilge a cheannach, ach dúnadh ceann amháin acu le déanaí ag Comhairle Camden gan fhógra fóirsteanach roimh ré ach sílim go bhfuil athsmaoineamh á dhéanamh faoi, ba é sin Siopa na gCeithre Chúige, Grays’ Inn Rd. Tá an siopa eile, ‘An Dúch Glas’, suíte ag An Mall, Archway, N19.

Tá roinnt leabhar foghlamtha le fáil ag Foyles’, Charing Cross Rd. I mí na Samhna seo caite bhí léamh filíochta ar siúl san Irish Club, Eaton Square, agus na filí Nuala Ní Dhomhnaill agus Gabriel Rosenstock ag taispeáint a gcuid dánta. Ar mbuíochas do Sheán Hutton as féasta a chur i láthair dúinn. Tá ár bhfile féin sa Chonradh againn, Máire Ní Chuinn, a láinseáil a leabhar filíochta le déanaí, darbh ainm dó ‘Eala ar Uisce’. Déanann grúpa ionadaíocht na nÉireannach sa Bhreatain obair fhiúntach i Londain agus Gaeilge ag cuid mhór de na hoifigigh ann. Chuidigh Cumann Uí Chonghaile i gcónaí le labhairt na Gaeilge. Bíonn a lán Gaeilgeoirí páirteach sa Chonradh Ceilteach agus cruinnithe acu i Halla na mBreatnach, Grays’ Inn Rd. Tá eolas faoi sin le fáil ó Shéamas Ó Coileáin, guthán 081 788 1174. I measc na mball tá Peadar Beresford Ellis, staraí agus scríbhneoir mór. Bhfuil cead agam a rá gur thaitin an tionól Chumann Merriman i gCaerdydd go mór liom agus is beag an codladh oíche a fuair mé ann leis an méid amhranaíochta i nGaeilge a bhí againn go dtí a ceathair ar maidin. Bhí muintir Chaerdydd an‒fhlaithiúil agus cuidiúil i ngach aon dóigh.

Tá cuid mhór cainteoirí dúchais i Londain agus daoine a fuair céim i nGaeilge i nOllscoil ach imní ar an chuid is mó acu Gaeilge a labhairt nó deir siad go bhfuil siad as cleachtadh. Ní ceart an imní sin a bheith orthu. Ní bhfuair mise an teanga go dtí go raibh mé sa mheánscoil agus má dhéanaim meancóga nó botúin tá brón orm ach ní chuirfidh sé cosc ar mo chomhrá nó mo scríobh. “ Ní bhíonn saoi gan locht”. Cuireann sé íontas orm an méid daoine sna sé chontae fichead a d’fhoghlaim Gaeilge ar scoil agus gach áis acu leabhair a léamh agus anois béal bocht orthu. Nach bhfuil bród ar bith ag borradh iontu.

©: Seoirse Ó Broin, 1994.
Is Béal Feirsteach Seoirse atá lonnaithe i Londain le fada an lá.

An Briathar Saor Uimh. 1

Leathanach Baile / Hafan / Home Page