Innill Ghaile Harland & Wolff.

Nuair tráchtar ar an chomhlacht Harland & Wolff síltear faoi longa agus déanamh loinge, ach deich mbliain is daichead ó shin bhí an comhlacht céanna ag déanamh cúpla inneall gluaiste i gcoir bóithre iarainn i mBéal Feirste. Ní mórán a bhí déanta acu i gcomórtas le comhlachtaí eile lasmuigh den tír seo, ach ba innill diesel iad agus an am sin innill ghaile á ndéanamh sa tíortha eile.

Rinneadh an chéad cheann acu sa bhliain 1933. Ba sé roth a bhí faoi, ceithre acu i gcoinne chumhachta, agus inneall de 270 each-chumhacht a bhí ann.

Rud amháin greannmhar a bhí air, simléar mar inneall gaile aige! Rith sé ar an mbóthar iarainn Bhéal Féirste agus Contae an Dúin ar an gcraobh-líne
go Baile na hInse. Chaith sé an chuid is mó dá shaol ar an líne sin, agus filleadh go dtí Harland & Wolff i 1952 é.

Lean an chéad cheann eile i 1937 agus go dtí an bóthar iarainn céanna a cuireadh é, agus ocht roth faoi. Mar sin féin, ní raibh ach ceithre roth i gcoinne chumhachta. Cuig chéad each-chumhacht a bhí aige ar aon chuma. Rith sé ar líne ó Dhún Pádraig go hÁrd Ghlais ag tarrainght traenacha paisinéirí.

Sa bhliain 1945, d’aistrigh an tinneall gluaiste seo go dtí bóthar iarainn Choiste na Contaetha Thuaidh. Bhí sé ann le fada ag cóiriú traenacha sa traen-chlós i mBéal Feirste i gcóir a dtarraingthe ag innill eile.

Scríofa ag E. A. Frisby.

******************

An Briathar Saor Uimh. 2

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile