An Chéad Iomaire
Do bhí m’athair féin go glé ag briseadh,
Ag briseadh an iomaire go mall réidh;
B’eol do laochra an chluiche treafa
Cé chomh teann go deo a chleacht sé féith.
Arae níos déanaí ná cách níor chríochnaigh
Ná fós níos luaithe níor shrois a sprioc;
Do chuaigh gach n-aon go ceann a scríbe,
Capaill is fir in iomaíocht bhriosc.
A iomaire féin do bhÌ caol díreach cruinn,
Níor cuir sé air cos ná lámh,
Ach do leag sé air léas a shúile grinn’
Ó bhun na páirce suas go dtí an fál.
Ó, dá bhféadfainn féin a bheith aríst ann
Chun é a fheiscint i mbun a ghnó;
Ach tá a chupán airgid deireannach
Go gléineach fós i measc mo stór.
An file Ifan Jones a chum an dán, ‘Y Gwys Gyntaf’ sa Bhreatnais.
Barry Tobin a rinne an t-aistriúchán seo.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.